Ailse chraicinn
Jump to navigation
Jump to search
Galar sa chraiceann a gcuireann radaíocht ultraivialait tús leis. Tá dhá shaghas ailse mar seo ann. Tarlaíonn meileanóma do dhaoine atá 30-50 bliain d'aois den chuid is mó.
Tá an laghdú sa chiseal ózóin ag cur go mór lena minicíocht, ionas gur gá do dhaoine an oiread luí faoin nGrian is a dhéanann siad a laghdú, agus feidhm a bhaint as lóis baic chun an craiceann a chosaint i gcoinne UV-B.

Léarscáil - Eipidéimeolaíocht
An saghas nach meileanóma í a fhaigheann daoine cuíosach aosta, is de bharr carnadh dáileoga radaíochta thar na blianta é, agus is féidir í a aithint is a chóireáil go maith.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |