Radaíocht infridhearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Madra - íomhá infridhearg theirmeach. Féach an scála le fáil amach conas a fhreagraíonn na dathanna éagsúla don teocht.

Tugtar radaíocht infridhearg ar radaíocht leictreamaighnéadach a bhfuil a tonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe agus níos lú ná tonnfhad na micreathonnta. Sroicheann tonnfhad na radaíochta infridheirge ó 780 nm go 1 mm (is é sin, 1,000,000 nm, nó 1,000 μm).

Aithnítear trí chineál radaíochta infridheirge, is é sin,

  • an radaíocht neas-infridhearg (Béarla: near infraredNIR), a bhfuil a tonnfhad idir 780 nm agus 3000 nm;
  • an radaíocht lár-infridhearg (Béarla: mid infraredMIR), idir 3000 nm (= 3 μm) agus 50 μm; agus
  • an radaíocht chian-infridhearg (Béarla: far infrared, FIR), idir 50 μm agus 1 mm.

Tá an radaíocht neas-infridhearg ábhairín níos faide tonn ná an solas dearg, agus maidir leis an radaíocht chian-infridhearg, tá sí ag críochantacht leis an radaíocht teiriheirts.

Go ginearálta, síleann na daoine gurb ionann an radaíocht theirmeach (an radaíocht teasa) agus an radaíocht infridhearg, toisc go n-aithníonn corp an duine an radaíocht infridhearg mar theas. Le fírinne, níl ann ach cuid den radaíocht theirmeach. Tá na héin in ann an radaíocht infridhearg a fheiceáil mar a bheadh gnáthsholas ann.

Ba é an fisiceoir clúiteach Sasanach Isaac Newton an chéad duine a thuig go raibh a leithéid de rud ann agus an radaíocht infridhearg.

Baintear úsáid fhorleathan as an infridhearg i gceamaraí oíche, spéaclaí oíche, i ndéshúiligh oíche agus in íomháú infridhearg. Tugann an cineál seo gléasra "súile dorchadais" don duine, nó claochlaíonn an gléas an radaíocht infridhearg go solas infheicthe, ionas go n-aithneoidh an duine ábalta an teas atá ag teacht as na neachanna beo agus as rudaí teo eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]