Radafhoinse réalteolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard atá i radafhoinsí réalteolaíocha réada sa spás amuigh a astaíonn radathonnta láidre. Tagann rad-astúcháin óna lán foinsí. Tá réada dá leithéid ar chuid de na próiséis is déine agus is fuinniúla sa chruinne.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1932 d’aimsigh Karl Jansky, fisicí agus innealtóir raidio i Meiriceá, radathonnta a bhí ag teacht ó fhoinse aineoil i lár ár réaltra agus é ag déanamh staidéar ar son Bell Laboratories ar céard ba chúis le trasnaíocht i radaimhinicíochtaí. Fuair sé “a steady hiss type static of unknown origin” agus rinne sé amach gur tháinig sé ó áit lastall den domhan.[1]

Ba é Grote Reber a rinne an chéad suirbhé raidió sa spéir agus críochnaíodh é in 1941. Sna 1970idí fuarthas amach go raibh réaltaí éigin inár réaltra féin ag astú radathonnta. Bhí an déréalta MWC 349 ar na cinn ba threise.[2]

Foinsí sa Ghrianchóras[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Ghrian[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Ghrian an réalta is gaire dúinn agus dá bhrí sin is í an radafhoinse is láidre í sa chuid is mó de na minicíochtai chomh fada síos leis an speictream raidió ag 300 MHz (tonnfhad 1 m). Nuair atá an Ghrian ciúin is é an torann cúlra réaltrach is treise ar thonnfhaid níos faide. I rith stoirmeacha geomaighnéadacha is í an Ghrian is mó torann fiú ar mhinicíochtaí ísle.[3]

Iúpatar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann radathonnta láidre ó ascalú na leictreon atá gafa ag maighnéadaisféar Iúpatair. Tá na tonnta thar a bheith soiléir sa bhanda deiciméadair.

Is é maighnéadaisféar Iúpatair is cúis le géarastúcháin ó chríocha polacha an phláinéid. Cuireann bolcáin ar Io, gealach Iúpatair, gás isteach sa mhaighnéadaisféar, rud a scaipeann tóras cáithníní timpeall an phláinéid. Nuair a ghluaiseann Io tríd an tóras déanann an t-idirghníomhú tonnta Alfvén a thugann damhna ianaithe isteach leo sna críocha polacha. Dá bhrí sin gintear radathonnta trí mhéasar réaltfhisiciúil agus astaítear an fuinneamh amach feadh dromchla cónaigh. Nuair a thrasnaíonn an Domhan an cón seo thig le hastúcháin Iúpatair tonnta na Gréine a shárú.[4]

Foinsí réaltracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bealach na Bó Finne

Lár an Réaltra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é lár Bhealach na Bó Finne an chéad radafhoinse a aimsíodh. Tá roinnt foinsí istigh ann, leithéidí Sagittarius A* agus an dúpholl an-mhór atá i lár an réaltra.

Iarsmaí ollnóva[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic radathonnta idirleata á n-astú ag iarsmaí ollnóvaí, leithéidí Chaiseoipé A agus Réaltnéal an Phortáin.

Neodrónréaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pulsáir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Radharc simplí ar phulsár. Is é an sféar sa lár an neodrónréalta. Léiríonn na cuair línte an réimse mhaighnéadaigh, léiríonn na cóin starraiceacha na hastúcháin agus léiríonn an líne uaine ais an réalta.

Uaireanta fágann ollnóvaí neodrónréaltaí dlútha guairneacha ina ndiaidh a dtugtar pulsáir orthu. Astaíonn siad sin scairdeanna cáithníní luchtaithe agus astaíonn na cáithníní radaíocht sincreatróin sa speictream raidió.

Radfhoinsí guairneacha díomuana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Neodrónréaltaí is ea radafhoinsí guairneacha díomuana. Síltear go n-astaíonn siad radathonnta atá an-deacair a aimsiú toisc go bhfuil siad chomh díomuan sin.[5] Aimsíodh astúcháin a mhair níos lú ná soicind sa lá.[6]

Réigiúin ina bhfuil réaltaí á gcruthú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Astaítear gearrthonnta raidió ó mhóilíní casta i ndlúthnéalta gáis mar a bhfuil réaltaí á saolú.

Tá radathonnta á n-astú as néalta hidrigine neodraí agus aonocsaíd charbóin i réaltraí bíseacha. Baineadh feidhm as radaimhinicíochtaí an dá mhóilín seo chun cuid mhaith de Bhealach na Bó Finne a mhapáil.[7]

Foinsí lasmuigh den réaltra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Radairéaltraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí réaltra a astaíonn radathonnta tréana, leithéidí Centaurus A agus Messier 87.

Bhí cuasáir (Béarla: "quasi-stellar radio source" - quasar) ar na chéad radafhoinsí a aimsíodh. Cuireann a ndeargaistriú mór i gcéill gur cian-núicléis réaltracha iad agus dúphoill istigh iontu. Tá scairdeanna cáithníní luchtaithe acu a astaíonn radaíocht sincreatróin. Sampla de sin is ea 3C 273, an cuasár is gile.

Nuair a thagann braislí réaltracha le chéile is minic a chuireann siad rad-astúcháin idirleata amach.[8]

Cúlra cosmach micreathonnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is radaíocht chúlra í an cúlra cosmach micreathonnta agus í fágtha mar iarsma i ndiaidh na hOllphléisce (an fhorbairt luath a tharla timpeall 13.8 billiún bliain ó shin[9] agus a chuir tús leis an gcruinne).

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Koupelis, Theo (2007). "In Quest of the Universe". Jones & Bartlett Publishers. 
  2. Braes, L.L.E. (1974). "Radio Continuum Observations of Stellar Sources". IAU Symposium No.60, Maroochydore, Australia, September 3–7, 1973 60: 377–381. doi:10.1017/s007418090002670x. Bibcode1974IAUS...60..377B. 
  3. Michael Stix (2004). "The sun: an introduction". Springer.  section 1.5.4 The Radio Spectrum
  4. "Radio Storms on Jupiter". (archived version)
  5. "New Kind of Star Found".
  6. "RRAT flash".
  7. Gonzalez, Guillermo (2004). "The Privileged Planet". Regnery Publishing. 
  8. "Conclusion". Archived from the original on 2006-01-28.
  9. "Cosmic Detectives".