Radaíocht sincreatróin
Cuma
X-radaíocht a astaíonn na cáithníní luchtaithe is iad á luasghéarú timpeall an tsincreatróin. Díreach cosúil le luchtanna leictreacha a astaíonn radaíocht leictreamaighnéadach is iad á luasghéarú, astaíonn na cáithníní luchtaithe atá ag taisteal i gciorcal radaíocht. Ar dtús, ba mhíbhuntáiste do luasairí an t-astú seo, mar bhí an radaíocht baolach do dhaoine sa chomharsanacht muna raibh cosaint ar an meaisín. Ach de bhrí gur féidir léis gheala chaola chomhlínithe X-radaíochta le bandaleithid éagsúla a fháil ach an luasghéarú a rialú, is fíoráisiúil an X-radaíocht seo i gcomhair taighde ar ábhar soladach is córais bhitheolaíocha trí dhíraonadh, micreascópacht is speictreascópacht X-ghathach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Radaíocht sincreatróin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 545.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |