Díraonadh
Jump to navigation
Jump to search
Iarmhairt trasnaíochta i leith tonnta atá freagrach as leathadh toinne a thagann amach as cró beag (cosúil le fuaimthonn ag teacht amach as callaire fógartha poiblí). Trí dhíraonadh a chasann tonnta thar réada, agus is ar an ábhar seo a bhíonn bandaí caola geala is dorcha ar imeall scátha (frainsí díraonta). Déanann na hadaimh atá eagraithe i gcriostail X-ghathanna nó leictreoin nó neodróin a dhíraonadh chun patrúin a tháirgeadh a léiríonn mionstruchtúr an chriostail. I ngreille dhíraonta bíonn na céadta scoilteanna in aghaidh an cheintiméadair, agus is áisiúil í chun léas solais a dheighilt ina chomhdhathanna. Is é díraonadh a chinneann an cumas deiridh taifigh in ionstraimí optúla.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |