Luasghéarú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilLuasghéarú
Ar bhonn foirmiúil agPierre Varignon Cuir in eagar ar Wikidata, 20 Eanáir 1700 Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Ráta athraithe an treoluais i leith an ama, is ea an luasghéarú. Ag pointe áirithe ar bith i gconair, tá méid an luasghéaraithe tugtha ag an ráta athraithe treoluais, ina mhéid agus ina dtreo, ag an bpointe sin. Tá an fíor luasghéarú ag an t-am t faighte san ón dteorainn mar an t-eatramh ama Δt → 0.

San fhisic, ach go háirithe san chinéimitic, is ionann an téarma Luasghéarú agus an ráta athraithe treoluais i leith an ama. Toisc gur chainníocht veicteoireach is ea treoluas, is féidir leis athrú in dhá slí: athrú méide agus/nó athrú i dtreo.


Tá foirmle ar fáil leis an chainníocht a oibriú amach mar atá:

Meán-luasghéarú = Athrú ar an treoluas / An fad ama

Áit a bhfuil na siombail

a = An meán-luasghéarú
u = Treoluas tosaigh
v = Treoluas deiridh
t = in imeacht t soicind

Sé na haonaid a ghabhann le luasghéarú ná meadar san soicind nó ciliméadair san uair mar atá m/s agus km/h.