Fealsúnacht an spáis agus an ama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Brainse fealsúnachta a chuireann síos ar ointeolaíocht, ar eipistéimeolaíocht agus ar airíonna an spáis agus an ama is ea fealsúnacht an spáis agus an ama. Bhí an méid sin ina phríomhábhar fealsúnachta ó thús agus bhí tábhacht leis sa chuid ba luaithe den fhealsúnacht anailíseach. Pléann an fhealsúnacht seo roinnt buncheisteanna agus na cinn a leanas ina measc: an maireann an spás agus an t-am lasmuigh den intinn; an bhfuil siad neamhspleách ar a chéile; cén chúis atá le sruth aontreóch an ama, más aontreóch é; an bhfuil amanna ann in éineacht leis an móimint atá anois ann; cén bunús atá leis an bhféiniúlacht (go háirithe an fhéiniúlacht mar a mhaireann sí le himeacht aimsire).

Réalachas agus frithréalachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iondúil go gcuireann an taobh réalaíoch den ointeolaíocht in iúl go bhfuil an t-am agus an spás ann, beag beann ar intinn an duine. Os a choinne sin, tá idéalaithe san amhras ar rudaí atá in ainm is a bheith neamhspleách ar an intinn. Tá frithréalaithe ann a deir go bhfuil rudaí ann atá lasmuigh den intinn ach a bhfuil amhras orthu go bhfuil an t-am agus an spás ann iontu féin.

In 1781 d’fhoilsigh Immanuel Kant Critic an Ghlan-Réasúin, saothar a d’fhág lorg domhain ar fhealsúnacht an spáis agus an ama. Deir sé gur smaoineamh a priori é an t-am agus go ligeann sé féin agus smaointe a priori eile, leithéidí an spáis, dúinn eispéireas na gcéadfaí (fianaise thriaileach) a thuiscint. Áitíonn Kant nach rudaí iontu féin an spás agus an t-am agus nach bhfoghlaimítear ón taithí iad. Tá baint acu le creatlach intleachtúil a mbainimid feidhm aisti chun cruth a chur ar ár dtaithí. Úsáidtear tomhas spásúil chun an t-achar idir rudaí a mheas agus úsáidtear tomhas aimseartha chun an t-achar idir imeachtaí nó fad imeachtaí a mheas. Tá “idéalachas tarchéimniúil” ag roinnt leis an spás agus leis an am sa chiall seo, ach tá “réalachas eimpíreach” ag roinnt leo freisin – cé nach amhlaidh gur seachmall iad.

Absalóideachas agus coibhneastachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leibniz agus Newton[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tosú na díospóireachta faoi spás agus am a bheith ina rudaí iontu féin (absalóideachas) nó ina gcruth a chuirtear ar rudaí (coibhneastachas) le fáil sna litreacha a scríobh Isaac Newton (trína urlabhraí Samuel Clarke) agus Gottfried Leibniz chun a chéile.

Cuireann Leibniz i gcoinne an dearcaidh absalóidigh agus déanann roinnt trialacha smaointe chun a thaispeáint go bhfuil tú do do bhréagnú féin má dhéanann tú talamh slán de go bhfuil suíomh agus luas absalóideach ann. Braitheann na hargóintí seo go mór ar phríomhphrionsabail a fhealsúnachta: prionsabal an réasúin dhóthanaigh agus prionsabal an do-idirdhealaithe. Deir an chéad phrionsabal gur féidir a mhíniú cén fáth a bhfuil gach fíoras ann agus cén fáth a bhfuil sé mar atá sé seachas a mhalairt. Deir an dara prionsabal gurb ionann dhá bheith mura féidir iad a aithint thar a chéile.

Luann Leibniz sampla an dá chruinne atá suite i spás absalóideach. Níl de dhifríocht le haithint eatarthu ach go bhfuil an dara ceann suite cúig troithe ar chlé ón gcéad cheann. Ní féidir leis an sampla seo a bheith ann mura bhfuil spás absalóideach ann. Ach deir Liebniz nach féidir leis an scéal a bheith mar sin, mar ní bheadh a dóthain cúise ag an gcruinne úd le bheith san áit sin i spás absalóideach agus í in ann a bheith in aon áit eile. Mar sin, bréagnaíonn sí prionsabal an réasúin dhóthanaigh; ina theannta sin, d’fhéadfadh dhá chruinne a bheith ann nárbh fhéidir idirdhealú a dhéanamh eatarthu, rud a bhréagnódh prionsabal an do-idirdhealaithe.

Bhain Clarke feidhm as “argóint an bhuicéid”. Má dhéantar uisce a chur i mbuicéad a chrochtar as téad agus an buicéad a chur ag casadh, beidh barr an uisce cothrománach ar dtús. Nuair a thosnóidh an t-uisce ag casadh sa bhuiscéad éireoidh barr an uisce cuasach. Má stadann an buicéad leanfaidh an t-uisce air ag casadh, agus fad is a bheidh an casadh ar siúl beidh an barr cuasach. Is cosúil nach é idirghníomhú an bhuicéid agus an uisce is cúis leis an mbarr a bheith cuasach: tá an barr cothrománach nuair a thosaíonn an buicéad ag casadh, éiríonn sé cuasach nuair a thosaíonn an t-uisce ag casadh, agus fanann sé cuasach nuair a stadann an buicéad.

Deir Clarke go gcaithfidh spás absalóideach a bheith ann chun casadh agus luathú agus feiniméin eile a mhíniú mura féidir míniú coibhneasta a dhéanamh orthu. Maíonn sé, agus cuaire an uisce le fáil araon sa bhuicéad atá ag casadh agus sa bhuicéad ina stad a bhfuil uisce ag casadh ann, nach féidir é sin a mhíniú ach sa mhéid go bhfuil an t-uisce ag casadh i ngeall ar an tríú rud a bheith ann – spás absalóideach.

Cuireann Leibniz síos ar an spás mar rud nach bhfuil ann ach mar choibhneas idir réada, agus nach bhfuil ann murach an réada sin a bheith ann. Níl sa ghluaiseacht ach coibhneas idir na réada sin. Sholáthair spás Newtonach an dearbhfhráma tagartha ar féidir le rudaí gluaiseacht laistigh ann: fráma atá neamhspleách ar na réada atá istigh ann. Is féidir a rá dá réir go bhfuil na réada ag gluaiseacht i gcoibhneas an spáis féin.

Mach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Ernst Mach, fisicí de chuid an 19ú haois, go raibh fadhbanna ag baint le trialach smaointe ar nós argóint an bhuicéid. Dá samhlóimis cruinne nach raibh le fáil inti ach buicéad, déarfadh Newton go bhféadfaí an buicead a chur ag casadh i gcoibhneas spáis absalóidigh, agus bheadh an gnáthbharr cuar ar an uisce. Ach mura raibh réad ar bith eile sa chruinne ba dheacair a dheimhniú go raibh an buicéad ag casadh. Is dócha freisin go mbeadh barr an uisce cothrománach.

Dá dtabharfaí réad eile isteach sa chruinne, áfach, leithéid réalta, d’fhéadfaí casadh an bhuicéid a fheiceáil i gcoibhneas an réada sin, agus d’fhéadfadh an t-uisce a bheith cuar. Dá mhéad réad atá sa chruinne is ea is mó cuaire an uisce. Mhaígh Mach gurb éard atá i móiminteam réada, bíodh sé uilleach nó líneach, suim na n-iarmhairtí a leanann na réada eile sa chruinne (Prionsabal Mach).

Einstein[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol Albert Einstein go mbunófaí dlíthe na fisice ar |phrionsabal na coibhneasachta. Deir an prionsabal seo gur gá gurb ionann rialacha na fisice do gach breathnóir, beag beann ar an bhfráma tagartha, agus go bhforleathann solas ar an luas céanna sna frámaí tagartha go léir. Fuair an teoiric seo spreagadh ó chothromóidí Maxwell, a thaispeánann go bhforleathann tonnta leictreamhaighnéadacha i bhfolús ar luas an tsolais. Ach ní léiríonn na cothrómóidí sin cén rud a bhfuil an luas ina choibhneas. Roimh Einstein, síleadh go raibh an luas sin i gcoibhneas meáin shocraithe a dtugtaí éatar solas-iomprach uirthi. Os a choinne sin, tugann teoiric na coibhneasachta le fios go bhforleathann solas ar luas an tsolais i ngach fráma támhúil agus scrúdaíonn sí a bhfuil le tuiscint as an bpostaláid.

Theip ar na iarrachtaí a rinneadh ar luas a mheas a bhí i gcoibhneas an éatair, rud a dearbhaíonn postaláid Einstein go bhforleathann solas ar an luas céanna i ngach fráma tagartha. Is éard atá sa choibhneasacht speisialta leagan foirmiúil de phrionsabal na coibhneasachta nach bhfuil sainfhráma táimhiúil tagartha ag baint leis, leithéid éatair nó spáis absalóidigh, agus ar thuig Einstein as nach bhfuil fráma ann.

Rinne Einstein an choibhneasacht a ghinearálú de réir frámaí tagartha neamhtháimhiúla. Rinne sé é sin trí phrionsabal na coibhéise a chur in iúl, prionsabal a mhaíonn nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an fórsa a bhraitheann breathnóir i réimse imtharraingteach agus fórsa a bhraitear i bhfráma tagartha atá ag luathú. Bhí le tuiscint as seo go ndéanann mais réada geoiméadracht an spás-ama atá ina timpeall a chur as a ricocht, mar a léiríonn cothromóidí réimse Einstein.

I bhfisic chlasaiceach, má tá fráma tagartha táimhiúil ann, ní bhíonn géarú ar luas réada nach mbíonn fórsa á bhrath aige. De réir theoiric na coibhneasachta ginearálta, déanann fráma tagartha táimhiúil geodasach spás-ama a leanúint. Braitheann réad fórsa má ghluaiseann sé i gcoinne geodasaigh. Réad atá ag titim go saor ní bhraitheann sé fórsa toisc go bhfuil sé ag leanúint geodasaigh. Ach déanfaidh réad ar dhromchla an domhain fórsa a bhrath toisc go bhfuil an dromchla féin ag brú an réada sin isteach leis an ngeodasach.

Tagann Einstein le prionsabal Mach sa mhéid go míníonn réalta imigéiniúla an táimhe toisc go soláthraíonn siad an réimse imtharraingte ina bhfuil luathú agus táimhe ar siúl. D’aineoin a ndúirt Liebniz, tá an dlúthbhaint chéanna ag an spás-am stangtha leis an réad is atá ag a shain-airíonna eile, leithéidí toirte agus maise. Má chreidtear go bhfuil réada neamhspleách ar an intinn (rud nach gcreideann idéalaithe), is dócha go gcaithfear a chreidiúnt, de réir na coibhneasachta, go bhfuil an neamhspleáchas céanna ag an spás agus ag an am.

Coinvinseanachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an coinvinseanachas go socraítear geoiméadracht an spáis agus an ama de réir gnásanna. Ba é Henri Poincaré ba thúisce a rinne an argóint seo agus é ag cuimhneamh ar an ngeoiméadracht nua neamh-Eoiclídeach. D’áitigh sé go dtabharfadh geoiméadrachtaí difriúla an cuntas cruinn céanna ar thacar réad de réir airíonna a sféardhomhain. Rinneadh an dearcadh seo a fhorbairt trí fhisic choibhneasta Hans Reichenbach a chur san áireamh. Díríonn coinvinseanachas Reichenbach aird ar shainmhíniú comhordanáidithe i dtaca le spás agus le ham.

Tá dhá phríomhairí ag an sainmhíniú comhordanáidithe.

  • Fad-aonaid a chomhordanáidiú le réada fisiciúla áirithe. Ní fhéadaimid fad a thuiscint go díreach: caithfimid rud éigin a roghnú mar áis tomhais – an Méadar Caighdeánach, mar shampla.
  • Réada scartha. Is dócha gur féidir linn comhfhad dhá shlat tomhais a thriail agus iad in aice le chéile, ach ní thig linn a leithéid a dhéanamh agus an dá shlat aistear maith ó chéile. Fiú má thuigtear go bhfuil na slata ar chomhfhad, ní féidir linn a mhaíomh gur mar sin a bhíonn siad i gcónaí. Caithfear comhfhad a shocrú le sainmhíniú.

De réir choinviseanachas Reichenbach, tá úsáid seo an tsainmhínithe chomhordanádaigh le fáil i dTeoiric Ghinearálta na Coibhneasachta, teoiric a chuireann i gcás, de cheal cruthú, go dtomhaiseann solas aistir chomhionanna in amanna comhionanna. Fágann sin go bhfuil geoiméadracht an spás-ama socraithe.

Treo an ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá baint ag fadhb an treo ama le dhá rud atá ag teacht salach ar a chéile.

  • Tá na bundlíthe fisiciúla do-athraitheach maidir le haisiompú ama (ní athraíonn siad fiú agus claochlú éigin déanta sa chruinne).
  • An taithí atá againn ar an am níl sí do-athraitheach maidir le haisiompú ama. Tá cuimhne againn ar an am atá caite ach níl cuimhne againn ar an am atá le teacht; mothaímid nach féidir linn an t-am atá caite a athrú ach gur féidir linn dul i bhfeidhm ar an am atá le teacht.

Fuascailt theirmidinimiciúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ar an teirmidinimic is mó a thugtar aird mar fhuascailt fhadhb an treo ama. Deir dara dlí na teirmidinimice nach dtagann laghdú riamh ar an eantrópacht ghlan i gcóras dúnta, rud a mhíníonn cén fáth is féidir le gloine briseadh ach nach féidir leis na blúirí athchruinniú. (Tá eantrópacht ann nuair nach bhfuil fuinneamh teirmeach ar fáil i gcóras chun obair mheicniúil a dhéanamh; is féidir í a thuiscint mar mí-ord nó aimhriar.) Tugann sé seo le tuiscint nach bhfuil ach aon treo amháin i sruth an ama.

Ach is féidir leis an matamaitic cuntas a thabhairt ar chúlú an ama le slonn (i.e. siombail a sheasann do mhéideanna nó d'athróga agus a léiríonn gaol nó luach) i gcothromóid nó i bhfoirmle a iompaíonn an t-am sa treo eile. Mura dtagann athrú ar chothromóid nó ar fhoirmle dá bharr cuirtear in iúl go dtéann na dlíthe fisice céanna i bhfeidhm sa dá threo agus nach fearr le sruth an ama treo amháin ná treo eile in idirghníomhuithe bunúsacha.

Tá iarracht á déanamh i gcúrsaí teirmidinimice ar fhíoras nó airí breise a fháil a mhíneodh an difríocht.

Sruth an ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sruth an ama mar fhadhb i bhfealsúnacht anailíseach le fáil ar dtús i bpáipéar a scríobh J. M. E. McTaggart ("The Unreality of Time"), agus dhá “shraith theamparálta” á moladh aige. Féachann sraith A le hiomais faoi theacht chun bheith nó faoin Anois gluaisteach a mhíniú. Déantar é sin trí imeachtaí a rangú de réir an ama atá caite, an ama i láthair agus an ama atá le teacht, idir simpliciter agus i gcomórtas le chéile. Déanann sraith B aon tagairt don am i láthair agus don am atá caite nó atá le teacht a fhágáil ar lár agus rangaíonn sí imeachtaí de réir na gcoibhneas teamparálta níos luaithe and níos déanaí.

Áitíonn McTaggart go bhfuil an t-am samhalta toisc nach bhfuil sraith A ag cur le chéile agus nach féidir le sraith B nádúr an ama a mhíniú, mar tugann sraith A cuntas ar airí bunúsach den am. Tá iarrachtaí á ndéanamh ar réiteach a dhéanamh idir an dá shraith.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Albert, David (2000) Time and Chance. Harvard Univ. Press.
  • Dainton, Barry (2010) Time and Space, Second Edition. McGill-Queens University Press. ISBN 978-0-7735-3747-7
  • Earman, John (1989) World Enough and Space-Time. MIT Press.
  • Friedman, Michael (1983) Foundations of Space-Time Theories. Princeton Univ. Press.
  • Adolf Grünbaum (1974) Philosophical Problems of Space and Time, 2nd ed. Boston Studies in the Philosophy of Science. Vol XII. D. Reidel Publishing
  • Horwich, Paul (1987) Asymmetries in Time. MIT Press.
  • Lucas, John Randolph, 1973. A Treatise on Time and Space. London: Methuen.
  • Mellor, D.H. (1998) Real Time II. Routledge.
  • Laura Mersini-Houghton; Rudy Vaas (eds.) (2012) "The Arrows of Time. A Debate in Cosmology" . Springer. 
  • Hans Reichenbach (1958) The Philosophy of Space and Time. Dover
  • Hans Reichenbach (1991) The Direction of Time. University of California Press.
  • Rochelle, Gerald (1998) Behind Time. Ashgate.
  • Lawrence Sklar (1976) Space, Time, and Spacetime. University of California Press.
  • Turetzky, Philip (1998) Time. Routledge.
  • Bas van Fraassen, 1970. An Introduction to the Philosophy of Space and Time. Random House.
  • Gal-Or, Benjamin "Cosmology, Physics and Philosophy". Springer-Verlag, New York, 1981, 1983, 1987 ISBN 0-387-90581-2
  • Ahmad, Manzoor (May 28, 1998). "Philosophy in Pakistan": 245–250. Department of Philosophy, University of Punjab, Lahore, Punjab Province of Pakistan: Punjab University press. 

External links[cuir in eagar | athraigh foinse]