Jump to content

Calcalas difreálach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Graf feidhme le líne thadhaill ag pointe amháin air. Is ionann fána na líne sin agus an díorthach ag an bpointe sin.

Sa mhatamaitic, is foréimse calcalais é calcalas difreálach, a scrúdaíonn na rátaí ar a n-athraíonn cainníochtaí.[1] Tá sé ar cheann den dá réimse traidisiúnta anailíse, an ceann eile is ea calcalas suimeálach - a úsáidtear go háirithe chun an t-achar faoi chuar a ríomh.[2]


Is éard atá i gceist leis an modh seo ná incrimintí beaga a shamhlú ar athróg x agus an t-athrú comhfhreagrach ar f(x), chun ráta athraithe f(x) a aimsiú. Rinne Newton saothar ar an mbealach oibre seo agus scríobh sé Method of Fluxions (Modh na bhFloscthaí, 1671, ach níor foilsíodh é go dtí 1736). Ba é Leibniz a d'fhoilsigh páipéir ar chalcalas den chéad uair, i 1684 is 1686. Fuarthas go raibh sé an-áisiúil in eolaíochtaí fisiciúla agus i réimsí eile le cur síos ar ábhair is córais atá ag athrú. Sa 19ú céad chuir matamaiticeoirí ar nós Cauchy, Weierstrass agus Dedekind go mór leis an gcalcalas.[3]

  1. ↑ "Definition of DIFFERENTIAL CALCULUS" (en).
  2. ↑ "Definition of INTEGRAL CALCULUS" (en).
  3. ↑ Hussey, Matt (2011). "Calcalas difreálach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 110.