Pearaipsis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is pearaipsis ann ná an pointe is giorra nó an garphointe a thagann réad atá i bhfithis timpeall ar rinn spéire (pláinéad, cóiméad, spásárthach) don phríomhrinn spéire sin. Malairt na hapaipsise, an pointe is faide amach. Maidir le fithisí timpeall na Gréine, tugtar an peirihéilian ar an bpearaipsis. I bhfithisí timpeall an Domhain, tugtar an peirigí uirthi.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Peiripsis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 513.