Eris (abhacphláinéad)
| Ainmniú | 136199 Eris | ||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Ainmniú sealadach | 2003 UB313 (21 Deireadh Fómhair 2003) | ||||||
| Ainmniúcháin eile | Xena | ||||||
| Cineál | abhacphláinéad, plutoid (en) | ||||||
| Grúpa mionphláinéid | réad tras-Neiptiúnach agus plutoid (en) | ||||||
| Fionnachtaí | Michael E. Brown[1] Chad Trujillo[1] David L. Rabinowitz[1] | ||||||
| Dáta fionnachtana | 21 Deireadh Fómhair 2003[2], Réadlann Palomar[3] | ||||||
| Eapainm | Earas | ||||||
| Réad tuismitheora | an Ghrian | ||||||
| Réad linbh | |||||||
| Aois | 5 Bealtaine 2025 | ||||||
| Sonraí fithiseacha | |||||||
| Féach ar an staid reatha | |||||||
| Apaipsis | 97.468 AU[4] | ||||||
| Pearaipsis | 38.013 AU (arg (ω): 151.6871)[4] | ||||||
| Ais mhór a | 67.74 AU[3] | ||||||
| Éalárnacht e | 0.43883[3] 0.43465546719259 | ||||||
| Tréimhse fhithiseach P | 557.55 a[3] | ||||||
| Meán-Aimhrialtacht M | 205.384 °[4] | ||||||
| Claonadh i | 44.1444 °[3] | ||||||
| Fad an nóid éirithigh Ω | 35.9045 °[3] | ||||||
| Dátaí pearaipsise | 14 Deireadh Fómhair 2258 | ||||||
| Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||||
| Ga | 1,163 km | ||||||
| Trastomhas | 2,326 km[5] | ||||||
| Dearbhmhéid | −1.1[4] | ||||||
| Méid dhealraitheach (V) | 18.7 (banda V) | ||||||
| Trastomhas uilleach | 34.3 "[6] | ||||||
| Achar dromchla | 17,000,000 km² | ||||||
| Mais | 16.6 Yg[7] | ||||||
| Meándlús | 2.52 g/cm³[8] | ||||||
| Tréimhse rothlaithe | 25.9 h[4] | ||||||
| Imtharraingt dromchla | 0.82 m/s² | ||||||
| Ailbéideacht | 0.96 (ailbéideacht gheoiméadrach) | ||||||
| Teocht an dromchla |
| ||||||
| Cuid de | diosca scaipthe | ||||||
| Catalóga réalteolaíochta | |||||||
| Aitheantóir JPL | 2136199 | ||||||
| Sraith | |||||||
| « (136198) 2003 UJ296 | |||||||
Abhacphláinéad is ea Eris (nó 136199 Eris, nó 2003 UB313, siombail:
)[10] atá suite ar imeall an ghrianchórais, níos faide ón ghréin ná Plútón. Ba é an réad is mó a fionnadh sa ghrianchóras ó nochtadh Neiptiún i 1846. Ceann de réadanna an diosca scaipthe atá inti, nó ní féidir í a aicmiú go sásúil mar réad de chuid Chrios Kuiper ná mar cheann de chuid Scamall Oort, ach an oiread.
Airíonna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé déanta as carraig is oighear, timpeall 3,000km ar trastomhas, níos mó ná Plútón.
Tá sé 3 oiread níos faide amach uainn ná Plútón, i bhfithis ag uillinn chlaonta 44° ó fhithisí na bpláinéad eile. Measann na réalteolaithe gur dócha gur theilg Neiptiún amach é uair éigin ina fhithis chlaonta.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Braitheadh den chéad uair é i gCrios Kuiper i 2003, agus cinntíodh é i 2005.
Ba iad na réalteolaithe Michael Brown, Chad Trujillo is David Rabinowitz a bhraith den chéad uair é, ar an 14 Samhain 2003, le teileascóp Samuel Orschin i Réadlann Palomar agus an teileascóp Gemini North ar Mauna Kea i Haváí
Is féidir gur pláinéad é, an 9ú ceann, le teacht in ionad Phlútóin a dícháilíodh mar phláinéad i 2006.

Nuair a thángthas trasna ar Eris, b'éigean aicmiú nua a fháil do Phlútón, ós rud é nach raibh aon chúis cheart le "pláinéad" a thabhairt ar Phlútón a thuilleadh, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cuid mhaith réadanna eile amuigh ansin ar féidir dóibh a bheith ar aon mhéid le Plútón.
Go bunúsach, is é an t-aon ábhar a bhí ann le Plútón a aicmiú mar "phláinéad" ná gur fionnadh é i bhfad roimh na réadanna tras-Neiptiúnacha eile, chomh luath leis an mbliain 1930. Mar sin, cheap Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. coincheap nua - abhacphláinéad - leis an bhfadhb a fhuascailt.

Tá foireann Mike Brown ag obair in Ollscoil Teicneolaíochta California, nó Caltech, i bPasadena, agus ní hí Eris an chéad fhionnachtain den chineál seo a rinne siad ar aon nós. Roimhe seo, tháinig Brown agus Trujillo trasna ar Quaoar, agus bhí Rabinowitz ag comhoibriú leo cheana nuair a d'fhionn siad Sedna agus Orcus.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ea é an chéad ainm a thug na réalteolaithe ar an réad ná Xena - ag tagairt do bhanphrionsa na gcogaí ar an teilifís! Ar ndóigh, nuair a thug siad faoi deara gealach bheag ag timpeallú "Xena", bhaist siad "Gabrielle" uirthi.

Is é an t-ainm atá uirthi inniu ná Dysnomia. Tá an dá ainm ag tagairt do chonspóid agus d'easaontas, nó ba mhór an t-ábhar easaontais do shaol na réalteolaíochta é an catagóir ceart réalteolaíoch a cheapadh d'Eris. B'í Eris bandia an easaontais i gcreideamh na sean-Ghréige, agus ciallaíonn Dysnomia "aindlí". Is féidir tagairt do Xena a aithint san ainm seo, freisin, ós rud é gurb é an focal Béarla ar "aindlí" ná "lawlessness", agus páirt Xena á déanamh ag aisteoir mná arb ainm di Lucy Lawless.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 URL tagartha: https://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
- ↑ URL tagartha: https://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Ráite i: JPL Small-Body Database. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>tag; name "Q4026990" defined multiple times with different content - ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Ráite i: JPL Small-Body Database. JPL Small-Body Database SPK-ID: 2136199.
- ↑ Ráite i: Size, density, albedo and atmosphere limit of dwarf planet Eris from a stellar occultation. Údar: Bruno Sicardy. Foilsitheoir: Europlanet Science Congress. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 2011.
- ↑ URL tagartha: https://iopscience.iop.org/article/10.1086/504843/pdf. DOI: 10.1086/504843.
- ↑ URL tagartha: http://hubblesite.org/pubinfo/pdf/2007/24/pdf.pdf.
- ↑ DOI: 10.1016/J.ICARUS.2020.114130.
- ↑ URL tagartha: http://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}."".
| athraigh An Grianchóras |
|---|
| An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
| Is síol a bhaineann leis an Grianchóras é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
