Figiúr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, an tsiombail a úsáidtear d'uimhir. Is é an córas is coitinne inniu ná an córas Hiondúch-Arabach, a cheap na Hiondúigh is a thug na hArabaigh don Eoraip, meastar. Úsáideann an córas seo na siombailí 0, 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus coincheap an ionadluacha le gach slánuimhir a scríobh. Sa chóras Gréagach d'úsáidtí litreacha na haibítre, mar seo: α (alfa) do 1, β (béite) do 2… ι (ióta) do 10… κ (capa) do 20… ρ (ró) do 100, agus carachtair eile taobh amuigh den aibítir Ghréagach. Sa chóras Rómhánach d'úsáidtí ceannlitreacha ar leith, mar seo: I (1), II (2)… V (5)… X (10)… L (50)… C (100)… L (1,000)….[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Figiúr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 267.