Carón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochCarón ⯕
Cineálgealach de chuid Phlútóin
FionnachtaíJames W. Christy Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana22 Meitheamh 1978, United States Naval Observatory Flagstaff Station (en) Aistrigh
EapainmCarón
Réad tuismitheoraPlútón
Sonraí fithiseacha
Cineál fithisehadeocentric orbit (en) Aistrigh
Ais mhór a19,591.4 km
Éalárnacht e0[1]
Tréimhse fhithiseach P6.38723 d
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga603.6 km Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas1,212 km[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Dearbhmhéid1 Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)16.8 (banda V) Cuir in eagar ar Wikidata
Mais1.52 Yg Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús1.702 g/cm³[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.372 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid degrianchóras lasmuigh agus Córas Phlútóin Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Carón[4]Carán[5] an ceann is mó den trí shatailít nádúrtha atá ag Plútón. Is féidir dearcadh ar Charón mar ghealach, ach le fírinne, bheadh sé níos cruinne a rá gur córas dhá abhacphláinéad iad Carón agus Plútón, agus iad ag timpeallú mheáchanlár (nó baralár) an chórais. Tá an lárphointe sin suite in aice le Plútón, taobh amuigh de. Ar mhaithe leis an gcomparáid, is fíor nach bhfuil an Ghealach s'againn féin ag timpeallú an Domhain ach oiread, ach meáchanlár ár gcórais-ne, ach tá an meáchanlár sin suite glan taobh istigh den Domhan. Tá Plútón agus Carón ag dul timpeall an mheáchanláir go sioncronach, is é sin, tá glas imtharraingteach acu ar a chéile, agus iad ag drannadh na haghaidhe céanna le chéile an t-am ar fad.

Fionnadh Carón sa bhliain 1978, agus fuair an t-ainm faomhadh oifigiúil Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta sa bhliain 1985. Tá Carón 1207 gciliméadar ar trastomhas, agus é ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, le Dione (gealach de chuid Shatarn).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

{{Síol-grianchóras}