Voyager

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisVoyager
Voyager probes with the outer worlds.jpg
Cineál miseanclár NASA agus tionscadal
OibritheoirNASA logo.svg   NASA Cuir in eagar ar Wikidata


Lainseáladh dhá spásárthach, Voyager 1 is Voyager 2, i 1977, bliain a raibh fithisí na bpláinéad go léir oiriúnach chun gurbh fhéidir le spásárthach amháin eitilt thar gach ceann acu is pictiúir a ghlacadh díobh in aon chamchuairt amháin. Mar sin, tar éis lainseáil Voyager 1 chuaigh sé thar Iúpatar i 1979 is thar Shatarn i 1980. Lainseáladh Voyager 2 i 1977 agus thrasnaigh sé Iúpatar i 1979, Satarn i 1981, Úránas i 1986, agus Neiptiún i 1989. Faoi 1991 bhí an dá spásárthach ag druidim i dtreo an héalastad mar a dtéann réimse maighnéadach na Gréine i léig. Ghlac siad an-chuid pictiúr de na pláinéid seo uile, agus thug an chéad léargas ar bholcáin Io, gealach de chuid Iúpatair, agus an-chuid dá bhfuil ar eolas faoi Úránas is Neiptiún. Fuinnmhithe ag gineadóirí teirmileictreacha RTG, agus an teas ó mheath mais raidiseatóip mar fhoinse teasa acu.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]