Is í an aigéaneolaíocht, nó eolaíocht na mara, an eolaíocht a bhaineann leis an aigéan. Is fo-ábhair na haigéaneolaíochta iad an aigéaneolaíocht fhisiciúil agus cheimiceach, bitheolaíocht na mara, agus geolaíocht na mara.
Tá staidéar na n-aigéan, de ghnáth ina 4 fho-dhisciplín[1].
Pléann an aigéaneolaíocht gheolaíoch le struchtúr is éabhlóid ghrinneall na farraige ón gcladach amach, deascadh ar an ngrinneal san áireamh.
Baineann aigéaneolaíocht cheimiceach le gach gné de cheimic an ghrínnill is an tsáile.
1966 CPA 3309San aigéaneolaíocht fhisiciúil tagann na sruthanna aigéanacha, na tonnta, na taoidí is imoibríthe na farraige leis an atmaisféar is na gaotha san áireamh.
San aigéaneolaíocht bhitheolaíoch pléitear le héiceolaíocht an aigéin, na horgánaigh mara uile faoi na cúinsí athraitheacha físiciúla is ceimiceacha a tharlaíonn sa chomhshaol sin.
Súnámaí (2004)
Tagann gnáthóga an chósta is an aigéin isteach sa scéal,
acmhainní an aigéin,
tionchar an duine ar gach gné den aigéan,
agus na haigéin i gcomhthéacs an athrú aeráide domhanda.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.