Slí an Atlantaigh Fhiáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach turasóireachta feadh chósta thiar na hÉireann is ea Slí an Atlantaigh Fhiáin (Béarla: Wild Atlantic Way). D'fhógair ar oscailt í i mí Fheabhra na bliana 2014. Bealach tiomána carr í a théann ó Leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall ó dheas go Cionn tSáile i gChontae Chorcaí.[1] Ag an cheann thuaidh ceanglaíonn sé le Causeway Coast, bealach turasóireachta ar feadh chósta Thuaisceart Éireann. Cuirtear áiteanna agus foirgnimh shuimiúla feadh an rúta in iúl don taistealaí. Rinneadh Slí an Atlantaigh Fhiáin ag nascadh boithre áitiúla a chloíonn chomh daingean le bearnaíl an chósta go bhfuil an rúta timpeall is 2,500 km (1,500 míle slí) ar fad, an rúta turasóireachta is faide ar domhan den chineál seo.[2]


An bealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo a leanas cuid de na príomháiteanna suimiúla ar an mbealach seo:

An tIarthuaisceart
Tá radharc ar Shliabh Liag i gContae Dhún na nGall le fáil ag leanúint Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
An tIarthar
An tIarthar láir
An Iardheisceart

Clár TG4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sraith chlár teilifíse faoi thuras na slí (Féilte - Slí an Atlantaigh) á déanamh ag TG4, léirithe ag Síle Ní Bhraonáin.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nascanna seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1] "Ireland's Wild Atlantic Way: Heading West On Adventure", alt ag an Huffington Post, arna rochtain ar 8 Iúil 2014
  2. [2] "Ireland's Wild Atlantic Way Aims to Rival California's Pacific Coast Highway", alt sa Belfast Telegraph, arna rochtain ar 8 Iúil 2014
  3. http://www.tg4.ie/ie/programmes/feilte/home.html Curtha i gcartlann 2015-07-05 ar an Wayback Machine Féilte - Slí an Atlantaigh, TG4, 2014