Aillte an Mhothair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAillte an Mhothair
(ga) Aillte an Mhothair Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálAill agus díol spéise do thurasóirí Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie104069 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae an Chláir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°56′10″N 9°28′15″W / 52.936111111111°N 9.4708333333333°W / 52.936111111111; -9.4708333333333
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincliffsofmoher.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Aillte an Mhothair

Aillte an Mhothair[1] (Béarla: Cliffs of Moher) suite sa Bhoireann gar do Dhúlainn, Contae an Chláir, Éire. Tá siad thart ar 14 chiliméadar ar fad. Tá na haillte 214 méadar os cionn an Aigéin Atlantaigh ag an bpointe is airde. Bíonn Aillte an Mhothair i gcónaí ag barr na n-áiteanna is cáiliúla in Éirinn. Tá na haillte os cionn Aigéin an Atlantaigh. Is áit fhiáin, iargúlta agus álainn í.

Ó bharr na n-aillte is féidir le cuairteoirí Oileáin Árann i gCuan na Gaillimhe, na Beanna Beola, agus Sléibhte Mhám Thoirc a fheiceáil. Tá Aillte an Mhothair ar cheann de na gnéithe is cáiliúla in Éirinn. Tugann 1.5 milliún duine cuairt ar na hAillte gach bliain.[2]

Tá na haillte le feiceáil i roinnt scannán, ina measc Ryan's Daughter (1970), The Princess Bride (1987), Harry Potter and the Half-Blood Prince (2009), agus Leap Year (2010). Tá na haillte le feiceáil freisin i bhfíseáin cheoil, mar “Runaway” le Maroon 5, “My Love” le Westlife, agus “The Color Green” le Rich Mullins.


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Túr Uí Bhriain

Tá na haillte milliúin bliain d'aois. Tá daoine ina gcónaí sa réigiún ar feadh na mílte bliain, mar go bhfuarthas suímh Neoiliteacha ar fud Chontae an Chláir. Faigheann na haillte a n-ainm ón sean dún ar a dtugtar 'Mothar.'' Ciallaíonn sé dún scriosta.[3]

Ba é Cornelius Uí Bhriain, tiarna talún áitiúil, an chéad duine a d'aithin na haillte mar cheann scríbe turasóireachta. Tá Túr Uí Bhriain in aice leis an bpointe is airde agus is pointe féachana é do chuairteoirí ar feadh na gcéadta bliain. Tógadh an túr ar na haillte i 1835. Tógadh an túr ag Cornelius Uí Bhriain, a rinne brabús trí tháille iontrála a ghearradh. D'aithin Cornelius an luach a bhain le daoine a mhealladh chuig Aillte an Mhothair agus conas a d'fhéadfaidís a bheith chun leasa an phobail áitiúil agus iad a thabhairt amach as an mbochtaineacht. Chomh maith le sin, thóg Uí Bhriain balla de bhloic shéaraigh feadh na haillte, stáblaí agus táblaí picnice do thurasóirí a bhí ar cuairt sa 19ú haois. Tá sé ráite go bhfuil gach rud sa cheantar áitiúil tógtha aige ach amháin na haillte féin.[4]

Tá an ceantar díreach ó thuaidh de Thúr Uí Bhriain thíos Aill an Searrach tá sé anois ina láthair surfála clúiteach domhanda leis na tonnta cáiliúla ag mealladh surfálaithe den scoth. I gcoinníollacha áirithe is féidir leis an tonn 60 troigh a bhaint amach. Bhí Aillte an Mhothair ar dtús ar shuíomh deilte abhann mór agus bunaíodh iad thart ar 320 milliún bliain ó shin le linn tréimhse an Charbónmhar.[5]

Tógadh Túr an Mhothair go luath sna 1800í mar thúr faire amach d'Óglaigh Napóilean. Is féidir go leor túir den chineál céanna a fháil ar chósta thiar na hÉireann agus bhí ról an chosúil acu. Is fothrach é an túr faoi láthair ach tá roinnt de na héin áitiúla ina gcónaí ann.[6]

Tá go leor athraithe ó shin i leith, go háirithe líon na gcuairteoirí a thagann chuig Aillte an Mhothair, chomh maith le críochnú Ionad Cuairteoirí nua Aillte an Mhothair atá suite go ciúin i gcnoic an tírdhreacha.[7]


Geolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na haillte déanta de sceall agus de ghaineamhchloch, agus tá na carraigeacha is sine le fáil ag bun na haillte. Is féidir iontaisí a fheiceáil sna sraitheanna carraige. Athraíonn sraitheanna carraige aonair ó cheintiméadair go méadar. Insíonn gach sraith de charraig rud éigin faoin timpeallacht áitiúil a bhí ann os cionn 300 milliún bliain ó shin.[8]

Sa lá atá inniu ann tá creimeadh cósta ar na haillte. Buaileann tonnta i gcoinne cos na n-aillte, agus tá sé seo ag creimeadh bun na haillte. Mar gheall ar seo tá na haillte ag titim isteach san fharraige. Tá gaoth, tonnta, báisteach agus oighear ag creimeadh Aillte an Mhothair, agus cruthaíodh uaimh, agus tírghnéithe san fharraige.[9] Thar na milliúin bliain, rinneadh na ndríodar a charnadh i gcarraig sholadach agus rinneadh iad a bhrú ó thuaidh mar gheall ar ghluaiseachtaí i bplátaí an domhain. Is iad seo na sraitheanna carraige gaineamhchloiche, glár, láibe agus scealla a dhéanann Aillte an Mhothair inniu.[10]

Má fhéaceann tú amach ó bharr na n-aillte feicfidh tú go leor tírghnéithe cósta: Staic Mhara, Stumpaí Mara agus uaimh a cruthaíodh mar thoradh ar chreimeadh. Tá an staic farraige cháiliúil 'An Branán Mór,' 67 méadar ar airde. Nuair a bhí sé ina chuid de na hAillte, bhí sé scartha le creimeadh.[11]

Mar gheall ar a dtábhacht gheolaíoch, is Geopháirc Dhomhanda de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) iad Aillte an Mhothair. Dá bhrí sin, déantar iad a bhainistiú agus a chosaint, chomh maith le húsáid le haghaidh cláir oideachais agus forbairt inbhuanaithe.[12]

Fiadhúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhair a fheictear ag na haillte

Tá thart ar 30,000 éan ina gcónaí ar na haillte, ina measc tá níos mó ná 20 speiceas. Tá tábhacht chaomhnaithe ar an suíomh freisin mar láithreán póraithe do níos mó ná 30,000 éin mhara.[13] Tá Aillte an Mhothair ar an choilíneacht mórthír Puifíní is mó: (1,365 duine fásta aonair) in Éirinn. Is féidir an príomhchoilíneacht a fheiceáil ar oileán na nGabhar. Is féidir an príomhchoilíneacht a fheiceáil ar oileán na nGabhar. Fásann bláthanna fiáine agus féara áille ar na haillte san Earrach agus sa Samhradh. Ó bharr na haillte is minic a fheictear deilfeanna, míolta móra agus rónta. Is tréimhse iontach é Márta trí Bhealtaine do lucht féachana éan cuairt a thabhairt.[14]

mamaigh thalún ina gcónaí ar an aill. Tá broic, gobáin agus coiníní. Tá daonra mór giorria ann freisin agus is minic a fheictear iad go luath sa lá le linn an Earraigh. Tá tréad gabhar ina gcónaí ar chosáin chúnga faoi bhun na n-aillte.[15]

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad Aillte an Mhothair an dara díol spéise is choitianta do thurasóirí in Éirinn i 2018 le 1,527,000 cuairteoirí. Tá na haillte mar chuid mhór de thuras turasóireachta Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá Siúlóid Aille 18 gciliméadar ann. Tógadh ionad cuairteoirí nua-aimseartha, 'Taithí Cuairteoirí Aillte an Mhothair,' ar chnoc ag druidim leis na haillte.[16] Pleanáladh agus tógadh an t-ionad € 32 milliún thar thréimhse 17 mbliana agus osclaíodh go hoifigiúil é i mí Feabhra 2007. Tógadh an t-ionad le bheith neamhdhíobhálach don chomhshaol. Úsáideann an t-ionad téamh geoiteirmeach agus painéil ghréine. Tá an t-ionad tógtha go han-mhaith agus comhtháite sa tírdhreach. Is spás iontach tógtha taobh istigh é agus tá rochtain an-mhaith aige ar dhaoine faoi mhíchumas, seomraí folctha glana maithe. Tá siopa caife agus bialann ann agus is féidir leat na haillte a fheiceáil óna fuinneoga. Tá an siopa bronntanais ann freisin, ar ndóigh.[17]

Túr an Mhothair

Tá gach ceann de na radhairc seo ar fheabhas ag am ar bith, ach tugann na cuairteanna ag éirí gréine nó luí na gréine na radhairc is ildaite ar fad. Bíonn daoine an tógtha leo. Is é an bhuaic amanna ar cuairt ná idir 11am-4pm. Gearrann an t-ionad €8 do dhuine fásta, agus leanaí faoi 16 saor in aisce. Tugann turais fharantóireachta deis do thurasóirí amharc ar fáil ar na haillte ó leibhéal na farraige. Tógtha i 1835, tugann túr Uí Bhriain deis na grianghraf is fearr d'Aillte an Mhothair a fháil. Chun cuairt a thabhairt ar an túr ní mór ceann an staighre bíse a dhreapadh go dtí an ceantar féachana.[18]

Is é Dúlainn an sráidbhaile is gaire d'Aillte an Mhothair. Aithnítear Dúlainn mar cheann de na háiteanna is fearr chun éisteacht le ceol traidisiúnta na hÉireann. Is é Dúlainn an áit is fearr chun an bád farantóireachta a ghabháil go hOileáin Árann. Is eachtra uathúil é turas báid timpeall ar bhonn na n-aillte agus is féidir leat na haillte a fheiceáil thíos. Fágann báid gach lá ó Dhúlainn, díreach lastuaidh de na hAillte.[19]

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bealach Bus Éireann 350 a nascann Aillte an Mhothair le roinnt áiteanna: Inis, Inis Díomáin, Dúlainn, Lios Dúin Bhearna, Cinn Mhara agus Gaillimh. Cuireann an tseirbhís seo roinnt turas ar fáil gach lá. Tá bus tointeála atá i bhfeidhm go príobháideach agus a fhreastalaíonn ar an suíomh ó Dhúlainn.
Cosnaíonn loca caranna €8 faoi láthair.[20]

Le dul chuig na hAillte, bí ag súil le turas 90 nóiméad ó chathair na Gaillimhe. Cibé an áit óna dtagann tú ón tuaisceart nó ó dheas, tá na haillte díreach ar an R478. Tá bealach bus rialta ann ó Ghaillimh, chomh maith le turais threoraithe phríobháideacha ó Luimneach, Gaillimh agus fiú ó Bhaile Átha Cliath.[21]

Radharc suas ar na haillte ón trá

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor béaloideas a bhaineann le hAillte an Mhothair mar shampla finscéal an chailleach agus Cú Chulainn, Muruach an Mhothair agus Cathair Caillte Chill Stuifín.

Thit cailleach ar a dtugtar Mal i ngrá le Cú Chulainn. Ar an drochuair áfach don chailleach, níor thaitin sí leis. Níor thaitin an diúltú le Mal agus chuaigh sí sa tóir ar Chú Chulainn ar fud na hÉireann. Chuaigh Cú Chulainn ó dheas ó Aillte an Mhothair, go béal Abhainn na Sionainne. Léim Cú Chulainn go dtí oileán ar a dtugtar Carraig Ghráinne agus Diarmuid. Lean Mal sa tóir air agus bhí ádh mór uirthi agus í ag léimt go dtí an t-oileán freisin. Léim Cú Chulainn ar ais agus rinne Mal iarracht léimt ar ais. Ach d'imigh Mal isteach sna carraigeacha agus dheargaigh a cuid fola an bhá agus thug daoine faoi deara go raibh Malbay ainmnithe ina dhiaidh. Deirtear go dtógadh na carraigeacha, ar a dtugtar 'Hags Head' anois, mar thoradh ar chruth próifíl Mal, agus tá sé le feiceáil sa lá atá inniu ann.[22]

Muruach an Mhothair ann, a insíonn scéal iascaire áitiúil a bhuaileann le maighdean mhara le cóta draíochta. Caithfidh an muruach an clóca a chaitheamh chun filleadh ar an bhfarraige. Ghoid an fear an clóca chun gaiste di ar an talamh. Pósann sí an t-iascaire agus tá beirt pháiste acu le chéile. Blianta ina dhiaidh sin, cé go bhfuil an fear ina chodladh, faigheann an muruach an clóca agus filleann sí ar an bhfarraige, agus ní fheictear arís í.[23]

Ansin tá Cathair Chaillte Chill Stuifín. Deirtear go bhfuil sé faoi uisce ag bun na haillte mar gur chaill an rialtóir an eochair a d'oscail doirse an chaisleáin go dtí an chathair. De réir finscéal, fanfaidh an chathair faoi uisce go dtí go bhfaighfear agus go bhfillfear an eochair. Creideann roinnt daoine go bhfuil an eochair faoin uaigh ach deir daoine eile go bhfuil an eochair i loch ar bharr sléibhe.[24]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Aillte an Mhothair/Cliffs of Moher | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Things to do in Ireland, Things to do in Clare at Cliffs of Moher" (en-GB). Cliffs of Moher Tourist Attraction in Ireland, Things to Do in Ireland | Ireland’s most visited natural attraction. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  3. "Cornelius O’Brien and the Cliffs of Moher". History Ireland (2013-02-25). Dáta rochtana: 2019-03-27.
  4. Jan van Harssel; Richard Jackson. "". National Geographic Learning's Visual Geography of Travel and Tourism. 
  5. Robert E. Gabler (2009). "Physical Geography". Cengage Learning (9). 
  6. Ann Bowen; John Pallister (2005). "Understanding GCSE Geography". Bath Press Colourbooks (2). 
  7. "Cornelius O’Brien and the Cliffs of Moher". History Ireland (2013-02-25). Dáta rochtana: 2019-03-27.
  8. James L. Best; Paul B. Wignall (2016). "A Field Guide to the Carboniferous Sediments of the Shannon Basin, Western Ireland". Wiley Blackwell. 
  9. Kenneth J Gregory (2010). "The Earth's Land Surface: Landforms and Processes in Geomorphology". SAGE. 
  10. Enzo Pranzini; Allan Thomas Williams (2013). "Coastal Erosion and Protection in Europe". Routledge. 
  11. John Bridge; Robert Demicco (2008). "Earth Surface Processes, Landforms and Sediment Deposits". Cambridge University Press. 
  12. Poul Duedahl (2016). "A History of UNESCO: Global Actions and Impacts". Palgrave Macmillan. 
  13. Paul Sterry (2010). "Collins Complete Irish Wildlife". HarperCollins Publishers Limited. 
  14. Harald H. Roth (1997). "Wildlife Resources: A Global Account of Economic Use". Springer. 
  15. Eric Dempsey (2011). "Ireland's Wildlife Year". Gill & Macmillan. 
  16. "CIE Excellence Award For Cliffs Of Moher" (en-GB). Cliffs of Moher Tourist Attraction in Ireland, Things to Do in Ireland | Ireland’s most visited natural attraction (2018-02-07). Dáta rochtana: 2019-03-27.
  17. "Tourism Ireland".
  18. Glenn Hooper (2016). "Heritage and Tourism in Britain and Ireland". Palgrave Macmillan. 
  19. "Doolin Village | County Clare | Ireland | Ireland's Wild Atlantic way" (en-GB). Doolin Tourism | Co. Clare | Irelands Wild Atlantic Way. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  20. "Bus Éireann".
  21. "Transport to the Cliffs of Moher".
  22. "Legend of Hags Head, Cliffs of Moher" (en-GB). Cliffs of Moher Cruises (2015-06-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-27. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  23. "Cliffs of Moher Castle, O'Brien's Tower Cliffs of Moher Ireland" (en-GB). Cliffs of Moher Tourist Attraction in Ireland, Things to Do in Ireland | Ireland’s most visited natural attraction. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  24. "Ancient Irish legends at the beautiful Cliffs of Moher" (en). IrishCentral.com (2018-06-22). Dáta rochtana: 2019-03-27.