Lá Domhanda na nAigéan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Domhanda na nAigéan
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2008 - 
8 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharaigéan Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinworldoceansday.org Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#WorldOceansDay Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: worldoceanday Twitter: WorldOceansDay Instagram: worldoceanday


Lá Domhanda na nAigéan

Ceiliúrtar Lá Domhanda na nAigéan[1] ar an 8 Meitheamh gach bliain. Cuireann an Lá i gcuimhne dúinn cé chomh tábhachtach agus atá na haigéin agus na farraigí maidir le beatha an domhain agus gur cheart dúinn iad a chosaint don todhchaí.[2] Mar sin,cuireann an Lá teachtaireacht thábhachtach in iúl faoi luach ár n-aigéan.[3]

Nascann an lá domhanda seo daoine ar fud an domhain ag ceiliúradh an aigéin, a tábhacht inár saolta agus an caoi inar féidir le ceachtar againn í a chosaint, pé áit a bhfuil cónaí orainn.[4] Ní hamháin gur foinse bia agus iompair iad ár n-aigéin, tacaíonn siad le héiceachórais éagsúla agus cuireann siad deiseanna ar fáil don turasóireacht agus fóillíocht."

Comhshaol faoi bhrú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ceart dúinn na haigéin a chosaint don todhchaí. Ach tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint, agus tá eolaithe áirithe buartha go sroichfear pointe iompaithe taobh istigh den fiche nó den tríocha bliana beaga amach romhainn. Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta sa réimse 2°C go 7°C ann leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.[5] Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d’ardófaí leibhéal na mara timpeall 7m dá bharr. Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn.

An Lá In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

World ocean map.gif

In Éirinn, tá Aigéan an Atlantaigh fíorthábhachtach. Is í an acmhainn nádúrtha is mó atá ann agus bainimid a lán tairbhe aisti – ár slite beatha, bia, saibhreas, áilleacht, samhlaíocht, inspioráid, amhránaíocht, filíocht, sláinte agus folláine agus go leor leor eile. Ach mar an gcéanna le háiteanna eile, tá an acmhainn faoi bhagairt.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""Lá Domhanda na nAigéan"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  2. cogg.ie (9 Meitheamh 2010). "Eureka-6-28". Dáta rochtana: 2020.
  3. "Bí i lár an aonaigh ag Féile na Mara 2018 | Marine Institute". www.marine.ie. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  4. Foras na Mara / marine.ie (2018). "Beidh séadchomharthaí tíre ar fud na hÉireann ag glacadh páirt sa tionscnamh ‘Go Atlantic Blue’ chun ár nAigéan Atlantach a cheiliúradh | Marine Institute". www.marine.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-08. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  5. "An tOileán Úrnua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-08.