Feiniméin chriticiúla
Appearance
Airíonna fisiciúla córas ag a bpointí criticiúla (mar shampla, ag an teocht a n-imíonn an t-idirdhealú idir dhá phas). Bíonn sé sainiúil do na pointí seo go dtarlaíonn athruithe drámata sna paraiméadair a chuireann síos ar an gcóras. Mar shampla, titeann maighnéadú spontáineach iarainn go dtí nialas nuair a éiríonn a theocht os cionn na teochta criticiúla (a theocht Curie). Tarlaíonn feiniméin chriticiúla i gcuid mhaith córas, cosúil le hathruithe forshreabhánacha, forsheoltacha, fearóileictreacha, is fearómaighnéadacha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feiniméin chriticiúla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 260.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |