Bhí sé ar dhuine de na fealsúna sa naoú haois déag ba thúisce a chuir an tuairim i bhfocail go raibh an domhan bunaithe ar phrionsabail mhíréasúnta. Bhí tionchar láidir ag idéalachas tarchéimnitheach Kant ar Arthur Schopenhauer.
Cosúil le George Berkeley, bhí Schopenhauer barúlach nach mbeadh ollchruinne ar bith ann ach gurbh é go raibh an duine ann agus é ag tabhairt na hollchruinne faoi deara. Bhí dearcadh dorcha éadóchasach aige ar an saol, nach raibh ann, go bunúsach, ach gleann na ndeor.
Maidir leis an moráltacht, bhunaigh sé í ar an trua agus ar an gcomhbhrón, a cheadódh don duine bua a fháil ar a fhéinspéis.