David Hume

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
David Hume
Painting of David Hume.jpg
Saol
Eolas breitheDùn Èideann, 26 Aibreán 1711 (sa féilire Iúil), 7 Bealtaine 1711, 26 Aibreán 1711, 1711
NáisiúntachtRíocht na Breataine Móire
BásDùn Èideann, 25 Lúnasa 1776, 1776
Áit adhlacthaOld Calton Cemetery (en) Aistrigh
Muintir
AthairAlex Pazos Bellon
MáthairKatherine Falconer
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Dhún Éideann
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmfealsamh, eacnamaí, leabharlannaí, staraí, scríbhneoir aistí agus scríbhneoir
Áit oibreAlbain
FostóiríAdvocates Library (en) Aistrigh  (1752 -  1757)
Embassy of the United Kingdom, Paris (en) Aistrigh  (1763 -  1766)
Saothar iomráiteachPhilosophical Essays Concerning Human Understanding (en) Aistrigh
An Enquiry Concerning the Principles of Morals (en) Aistrigh
The History of England
A Treatise of Human Nature (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiGeorge Berkeley, John Locke, Francis Hutcheson agus Isaac Newton
BallraíochtCumann Ríoga Dhún Éideann
GluaiseachtEimpíreachas
naturalism (en) Aistrigh
philosophical skepticism (en) Aistrigh
An Eagnaíocht
Cleamhnú
ReiligiúinAn tAindiachas

Fealsúnaí, staraí, eacnamaí agus scríbhneoir aistí de chuid Eagnaíocht na hAlban ba ea David Hume (7 Bealtaine 1711 – 26 Lúnasa 1776).[1] Tá clú air de bharr a leagan féin den eimpíreachas, den sceipticheas agus den nádúrachas.[2] Rinne sé iarracht ar eolaíocht nádúraíoch an duine a bhunú agus í ag scrúdú bhunús síceolaíoch nádúr an duine, rud ar chuir sé síos air in A Treatise on Human Nature. D’áitigh sé nach raibh smaointe ó dhúchas ann agus go dtagann an t-eolas ón eispéireas.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’áitigh Hume nach féidir réasúnaíocht induchtaitheach agus creideamh i gcúisíocht a dheimhniú ó thaobh an réasúin de; tá siad ag brath ar nósanna agus ar thaithí. Ní fheicimid i ndáiríre gurb amhlaidh gur rud áirithe is cúis le rud eile. Ní bhraithimid ach “cónasc imeachtaí”. Chun an chúisíocht a thuiscint as ar tharla cheana, de réir fhadhb seo an induchtaithe, caithfear a shamhlú go mbeidh an t-am atá le teacht cosúil leis an am atá caite, réamhghlacan nach féidir a bhunú ar eispéireas roimh ré.[3]

uaimh Hume, Dún Éideann
Allan Ramsay: David Hume, 1754

Chuir sé in aghaidh réasúnaithe fealsúnacha agus barúil aige gur mothúcháin seachas réasún a théann i bhfeidhm ar iompar an duine. D’fhógair sé: "Reason is, and ought only to be the slave of the passions".[4]

Bhí sé ina mhaoithneachasaí freisin agus barúil aige go bhfuil moráltacht bunaithe ar mhothúcháin seachas ar phrionsabail theibí. Ba mhaith leis riamh míniú nádúraíoch ar fheiminéin mhorálta, agus glactar go coitianta leis gurb eisean ba thúisce a léirigh an fhadhb “tá/ba cheart” – ní leor fíoras a chur in iúl chun a chinntiú go normatach céard ba cheart a dhéanamh.

Shéan Hume freisin nach bhfuil eolas againn ar an mise. Dúirt sé nach mbraithimid ach burla mothúchán agus nach bhfuil sa mhise ach an burla sin de bhraistintí a cheanglaímid le chéile le cúisíocht. Tá teoiric comhoiriúnachta den saorthoil aige agus glacann sé leis go bhfuil an cinnteachas ag cur go hiomlán le saoirse an duine.[5] Bhí tuairimí conspóideacha aige maidir le fealsúnacht an reilgiúin, mar níor chreid sé i míorúiltí agus dhiúltaigh sé don argóint theileolaíoch i bhfabhar Dia a bheith ann (i.e. argóint ar son thoil Dé).

Bhí tionchar ag Hume ar fhóntachas, posaitíbheachas loighciúil, fealsúnacht anailíseach luath, eolaíocht chognaíoch, diagacht agus réimsí eile. Dúirt Immanuel Kant gurbh é Hume a mhúscail as “codladh an dogmatachais” é.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. William Edward Morris, "David Hume", in The Stanford Encyclopedia of Philosophy (2014), Edward N. Zalta (eag.)
  2. Fumerton, Richard, "Foundationalist Theories of Epistemic Justification". Stanford Encyclopedia of Philosophy, 2000
  3. Berlin, Isaiah (2013). "The Roots of Romanticism". Princeton: Princeton U.P.. 
  4. Hume, David, Treatise on Human Nature
  5. "Hume on Free Will" (2016). Metaphysics Research Lab, Stanford University. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hume Texts Online (davidhume.org) Saothair Hume in eagráin údarásacha inchuardaithe, le foinsí eile (ailt, liosta leabhar agus lámhscríbhinn na Dialogues)
  • David Hume le leaganacha den Treatise, Abstract of the Treatise, an dá Enquiries, Dialogues Concerning Natural Religion, agus ceithre aiste