George Berkeley
Fealsamh, matamaiticeoir agus Easpag Anglacánach ab ea George Berkeley (12 Márta, 1685 – 14 Eanáir, 1753).. Bhain sé cáil amach lena theoiric nua ar a dtugtar neamhábharachas.
Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhoilsigh Berkeley leabhair cháiliúla, Aiste i dtreo Teoiríc Nua ar an Radharc ("Essay Towards a New Theory of Vision", 1709) agus Tráchtas ar Phrionsabail an Eolais Dhaonna (A Treatise Concerning the Principles of Human Knowledge, 1710.
Bhí a fhealsúnacht idéalaíoch bunaithe ar an nath gurb ionann a bheith agus a bheith braite, agus mar sin nach ann do thoilleadh an domhain ábhartha (an t-idéal) go mbraitheann intinn duine é (an t-eimpíreach)[1]. Lena rá ar bhealach eile, is é an smaoineamh a bhí i gceist ná "Níl ábhar i rud muna gceapann muid go bhfuil"[2].
Bhí Berkeley i gcoinne an ábharachais, teoiric san fhaisean ag an am sin.
B'fhuar an fháilte a cuireadh roimh na leabhair seo ar dtús. Bhí Berkeley fiú ina cheap magaidh ag an am. .
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
De bhunadh Chaisleán Disirt, Co. Chill Chainnigh, rinne Berkeley staidéar i gColáiste na Tríonóide. Ceapadh é ina léachtóir ann sa bhliain 1707.
Tar éis roinnt blianta a chaitheamh ag taisteal san Fhrainc agus san Iodáil, tháinig Berkeley ar an tuairim go raibh sibhialtacht na hEorpa millte go deo. Cheap sé go raibh dóchas na todhchaí ar fáil sa Domhan Úr.
I mí Mheán Fómhair 1728, tar éis dó trí bliana a chaitheamh ag lorg deontas a mhealladh ó rialtas na Breataine, gheall Sir Horace Walpole suim £20,000 dó. Thóg Berkeley a sheolta a fhad le Newport, Rhode Island, in éineacht scaifte lucht leanúna agus a bhrídín nua.
Trí bliana ina dhiaidh, ámh, nuair a chuir an rialtas an deontas ar ceal, d'fhill Berkeley abhaile. D'fhág sé a lorg ar fhealsúnacht Mheiriceá agus chuir sé fuinneamh nua in oideachas ollscolaíochta na tíre sin.
De bhunadh Chaisleán Disirt, Co. Chill Chainnigh, ceapadh Berkeley ina Easpag Chluana sa bhliain 1734.
Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ainmníodh ar ball ollscoil chlúiteach Berkeley (i San Francisco) ina onóir.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ "George Berkeley" (en). ancroiait. Dáta rochtana: 2020-11-02.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |