Stefan Zweig
Ba scríbhneoir clúiteach i nGearmáinis ón Ostair é Stefan Zweig (rugadh 28 Samhain 1881 i Vín agus d'éag 22 Feabhra 1942 sa Bhrasaíl).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí cónaí air ó 1919 go 1934 i Salzburg san Ostair. Giúdach ab ea é agus theith sé roimh na Naitsithe go Sasana, i dtús. Ansin chaith sé achar gairid i Nua-Eabhrac sular chuir sé faoi sa Bhrasaíl.
Bhí saol cruthaitheach scríbhneoireachta thar a bheith torthúil aige agus chuir sé idir dánta, gearrscéalta, úrscéalta, drámaí agus sliochtanna stairiúla i bhfoirm beathaisnéisí i gcló.
Sa bhliain 1942, agus dóchas caillte aige sa chine dhaonna, i bhfianaise an uafáis bhí ar siúl san Eoraip chuir sé féin agus a bhean chéile lámha ina mbásanna féin.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceann de na húrscéalta is aitheanta dár scríobh sé ná Schachnovelle (Úrscéal Fichille).
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |