Schachnovelle (ÚrscéalFichille)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharSchachnovelle (ÚrscéalFichille)
Schachnovelle
Die Erstausgabe der Schachnovelle von Stefan Zweig.jpg
Sampla de saothar liteartha
Sonraí teicniúla
Údar Stefan Zweig
Teanga An Ghearmáinis
Foilsithe An Airgintín, An Airgintín, 1942 agus 1943
Sonraí an tsaothair
Ábhar isolation (en) Aistrigh, Gearmáin na Naitsithe, tráma síceolaíoch, ficheall agus Anschluss
Seánra nóibhille
Suíomh an scéil An tAigéan Atlantach agus Vín

Is é an t-úrscéal deireanach agus b'fhéidir an ceann is aitheanta é Scachnovelle (Úrscéalfichille) a scríobh Stefan Zweig sular chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1942.

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar long phaisnéire ag seoladh idir Nua-Eabhrac agus Buenos Aires éiríonn leis an bpríomhcharactéir, seaimpín fichille an domhain, atá mar phaisnéir ar an long, a mhealladh isteach i gcluiche fichille ar son airgid. Agus an cluiche ar siúl chuireann Dr B., teifeach ón Ostair, comhairle ar an mbuíonn fear atá ag imirt i gcoinne an tseaimpín agus de bharr a chabhar chríochnaíonn an cluiche cothrom. Bíonn an méid sin iontas ar na bhfearaibh go ndéanann an príomhcharactéir tréaniarracht an teifeach a mhealladh chun cluiche iomlán a imirt i gcoinne an tseaimpín. Agus é ag iarraidh chuir ina luí air gur cheart dó an dúshlán a thabhairt, instear scéal an teifigh dúinn.

Is léir gur chuireadh faoi ghlas é in óstán ag na naitsithe ar feadh achar fada gan aige ach leabhar faoi 150 cluiche fichille clúiteach, a ghoid sé ó saighdiúir Gearmánach lena aigne a choimeád aclaí. Tar éis tamaill bíonn chuile cluiche ar eolas aige agus ansin agus é cráite ag an t-uaigneas éiríonn leis cluichí a imirt idir dubh agus bán ina intinn féin. Is gá dó a intinn a scoilt ina dhá leath go samhlaíoch chun an éacht seo a bhaint amach. Éiríonn leis ach faoi dheireadh chuireann an deighilt cumtha seo isteach air agus chuireadh faoi chúram siciatraí in ospidéal é. Tá an sicitraí thar a bheith tuisceannach agus tar éis biseach a theacht air an ostaireach, scaoileadh saor é. Tugadh foláireamh dó gan a bheith ag plé le fichille arís áfach. Dár ndóigh chuireann an príomhcharactéir ina luí air an cluiche a imirt.

Baineann an teifeach an chéad chluiche agus bíonn iontas ar an seaimpín agus ar an gcomhluadar. In aghaidh thoil an teifigh, shocraíonn siad cluiche eile a imirt chun deis díoltais a thabhairt don seaimpín. Séard a thiteann amach ná go gcuireann an seaimpín isteach chomh mór sin ar an teifeach, d'aon turas, le himirt mall go chliseann sláinte intinne an Ostarach agus fágann sé an bord le gealltannas nach n'imreofadh sé fichille arís go deo.

Miniú an Scéil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go seasann seaimpín fichille an domhain do Hitler, duine gan oiliúint gan samhlaíocht ach talainn de shaghas éigin aige agus go seasann an buíonn eile do na comhghualaithe le talainn, oideachas agus tuisceannt ach gan an cumas acu cuir in aghaidh an bodach míléannta. Faraoir fuair Zweig bás sular chruthú a mhalairt.