An Ostair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ostair)
Jump to navigation Jump to search
Republik Österreich
Poblacht na hOstaire
Bratach an Ostair Armas an Ostair
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Land der Berge, Land am Strome
Suíomh an Ostair
Príomhchathair Vín
48°12′ Thuaidh 16°21′ Thoir
An chathair is mó Vín
Teangacha oifigiúla Gearmáinis
Rialtas Poblacht
Alexander Van der Bellen
Sebastian Kurz
Neamhspleáchas
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
83,871 km² (113ú)
1.3%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2001
 • Dlús
 
8,189,000 (92ú)
8,032,926
97/km² (-)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$267 billiún (35ú)
$32,962 ()
Airgeadra Euro (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .at
Glaochód +43

Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair (Gearmáinis: Österreich), ar mar a dtugtar go hoifigiúl Poblacht na hOstaire (Gearmáinis: Republik Österreich). Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis. Is é Vín príomhchathair na tíre.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí daoine ina gcónaí i gceantar na Danóibe timpeall 80,000 bliain ó shin, ach níor tháinig aon fhorbairt ar stát ar bith sa cheantar go dtí gur ghabh na Rómhánaigh seilbh air timpeall aimsir Chríosta. Cúige ar theorainn impireacht Charlemagne a bhí san Ostair go luath sna meánaoiseanna, go dtí gur tháinig na Magyar, nó na hUngáirigh sa deichiú haois. Tháinig rítheaghlach Babenberg chun cinn agus bunaíodh stát lena phríomhchathair i Vín i 1116. Ba chuid d'impireacht naofa na Róimhe (impireacht Gearmánach i ndáiríre) í an Ostair as sin go ceann blianta fada.

D'athraigh na hOstaraigh a ndílseacht ar feadh tamaill go rithe na Bóithéime agus de réir a chéile tháinig rítheaghlach nua i dtreis, ceann de na teaghlaigh ba chumhachtaí a bhí riamh san Eoraip, na Hapsburg. Bhí siad ina rithe ar an Ostair agus ar an Bhóithéim agus tháinig tailte eile timpeall ar an Ostair, agus i bhfad i gcéin (ríocht na Spáinne agus a tailte thar lear san áireamh) ina seilbh. Bhí iomaíocht ghéar idir í féin agus Impireacht Ottomach na Tuirce agus rinne na Turcaigh léigear ar Vín in 1529 agus i 1683.

Bhí an Ostair ar cheann de mhórchumhachtaí na hEorpa go dtí gur cloíodh í sa Chéad Chogadh Domhanda, fiú tar éis do Napóilean an tír a ghabháil, agus a príomhchathair Vín (Wien) ar cheann de na cathracha ba thaibhsí sa domhan. D'éirigh leis na hOstaraigh an bua a fháil ar Napóilean i gcúpla cath, agus bhí lámh ag an gCunta Metternich, Seansailéir na hOstaire, i leagan amach teorainneacha na hEorpa in 1815. Bhí tréimhse fada síochána sa tír ansin go dtí gur dúnmharaíodh oidhre na ríochta, an tArd-diúc Franz Ferdinand i Sairéavó ar an 28 Meitheamh 1914, eachtra a chuir tús leis an Chéad Chogadh Domhanda. Chaill an Ostair a forlámhas ar fhormhór a himpireacht agus bunaíodh poblacht i 1918, ach níor mhair a neamhspleáchas i bhfad. Ghabh Adolf Hitler, Ostarach ó dhúchas, a tháinig i gceannas ar an Ghearmáin, seilbh ar an tír i 1936 agus ba mar chuid den Reich Gearmánach a ghlac sí páirt sa Chéad Chogadh Domhanda. Leagadh síos na teorannacha atá anois aici tar éis don Aontacht Shóivéideach í a ghabháil i 1945. Rinneadh ceithre chuid den tír, ach tugadh a neamhspleáchas di nuair a scríobhadh bunreacht nua a chinntigh neodracht na tíre agus bhí sí neamhspleách arís.

Le cabhair ó Phlean Marshall tháinig forbairt mhear eacnamaíoch ar an tír tar éis an Dara Chogaidh Domhanda. Is ball iomlán den Aontas Eorpach ó 1995 i leith í.

An tír sa lá inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann a lán turasóirí chuig An Ostair, ach go háirithe chun dul ag sciáil sna hAlpa in iarthar na tíre. Is cathracha iad Salzburg agus Innsbruck a bhfanann a lán sciálaithe iontu, iad cathracha deasa freisin. Is cathair mhór thurasóireachta é Vín chomh maith.

Tá clú agus cáil ar An Ostair le haghaidh a gcuid cácaí, is iad Sachertorte agus Apfelstrudel na cácaí is cáiliúla a bhfuil acu.

Stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáit Príomhchathair Achar (cc) Daonra
Burgenland Eisenstadt 3,962 291,942
Kärnten Klagenfurt 9,538 561,077
An Ostair Íochtarach Sankt Pölten 19,186 1,665,753
An Ostair Uachtarach Linz 11,980 1,465,045
Salzburg Salzburg 7,156 549,263
Steiermark Graz 16,401 1,237,298
An Tioróil Innsbruck 12,640 746,153
Vín - 415 1,867,582
Vorarlberg Bregenz 2,601 388,711

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is tír sléibhtiúil den chuid is mó é An Ostair mar gheall ar a suíomh sna hAlpa. As achar iomlán na hOstaire níl ach timpeall ceathrú ábalta a bheith measta mar íseal, agus níl ach 32% na tíre thíos 500 méadar.

Tá na sé sléibhte is airde na hOstaire:

Ainm Airde Sliabhraon
1 Großglockner 3,798m Ard-Tauern
2 Wildspitze 3,768m Alpa na hÖtztaile
3 Weißkugel 3,739m Alpa na hÖtztaile
4 Glocknerwand 3,721m Ard-Tauern
5 Großvenediger 3,662m Ard-Tauern
6 Hinterer Brochkogel 3,624m Alpa na hÖtztaile

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an euro mar airgeadra san Ostair. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hOstaire an 45ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) chothroime cumhachta ceannaíochta (CCC), agus an 28ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI CCC de réir chónaithigh, is an 23ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ostair, é ar $49,247 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ostair an 17ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 10ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ostair an 12ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 4.8%, an 12ú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an Íoslainnan Mhacadóin ThuaidhMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc