Loch Konstanz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Konstanz
Vorfrühling am Bodensee.jpg
CineálLoch, area not part of a municipality of Switzerland (en) Aistrigh, loch holaimicteach, loch eotrófach, loch hipireotrófach agus loch méiseatrófach
EapainmKonstanz agus Bodman
Cuid deAn Réin
Suíomh geografachLake Constance Basin (in Germany) (en) Aistrigh
Suíomh
Tíortha abhantraíAn Ghearmáin, An Eilvéis agus An Ostair
Stát ceannasachAn Eilvéis
Cantún san EilvéisThurgau
Karte Bodensee.png Map
 47°39′00″N 9°19′00″E / 47.65°N 9.3166666666667°E / 47.65; 9.3166666666667Comhordanáidí: 47°39′00″N 9°19′00″E / 47.65°N 9.3166666666667°E / 47.65; 9.3166666666667
Le cuidObersee
Untersee
Seerhein
Craobh-aibhneacha
EisilteachHigh Rhine (en) Aistrigh
AbhantrachAbhantrach na Réine
Tréithe
Airde395.23 m
Doimhneacht uasta251.14 agus 90
Toisí14 (leithead) × 63 (fad) km
Imlíne273 km
Bearta agus táscairí
Cumas48 km³
Gníomhaíocht
ÚsáidIascaireacht, loingseoireacht lastais, caitheamh aimsire agus soláthar uisce

Is loch mór é Loch Konstanz (Gearmáinis: Bodensee, Rómainis: Lai da Constanza, Iodáilis: Lago di Costanza, Fraincis: Lac de Constance, Béarla: Lake Constance, Laidin: Lacus Brigantinus) atá suite idir an Ostair, an Eilvéis agus an Ghearmáin. Le bheith beacht, tá dhá loch ann, an Loch Thuas nó Obersee agus an Loch Thíos nó Untersee atá i bhfad níos lú ná an Loch Thuas. Ritheann an abhainn úd Seerhein eatarthu.

Tagraíonn na hainmneacha Gaeilge, Béarla agus ainmneacha as na teangacha Rómánsacha do chathair Konstanz, agus í suite chois an locha. Maidir leis an ainm Laidine, is léir go raibh ainmneacha éagsúla ag na húdair Mheánaoiseacha ar an loch, ach is é an t-ainm is sine ná Lacus Brigantinus. San tseanársaíocht ba é Brigantinum (inniu: Bregenz) an chathair ba tábhachtaí cois an locha, agus é ainmnithe as an treibh Cheilteach a raibh cónaí uirthi timpeall na cathrach: na Brigantii, as Laidin.

Maidir leis an ainm Gearmáinise Bodensee, tagraíonn sé do cheann de na cathracha agus na háitribh timpeall an locha freisin: Bodman (inniu, Bodman-Ludwigshafen timpeall ar cheann thuaidh thiar an Locha Thuas).

Is é Loch Konstanz an tríú loch is mó i Lár na hEorpa de réir thoirt an uisce atá ann. Níl ach Loch na Ginéive san Eilvéis agus Loch Balaton san Ungáir níos toirtiúla.