Fileolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leac Rosetta, tá na téacsanna uachtaracha agus meánacha sa tSean-Éigiptis ag baint úsáide as script iairiglifeach agus script déimeagrafach, faoi seach, agus ar bhun tá an Seán-Ghréigis, a chabhraigh leis an Éigiptí Jean-François Champollion an scríbhneoireacht iairiglifeach Éigipteach a dhéanamh amach.

Is éard is fileolaíocht (freisin: focleolaíocht) ann ná staidéar a dhéanamh ar litríocht agus disciplíní a bhaineann le litríocht nó le teanga mar a úsáidtear sa litríocht. Is é an crosbhealach idir léirmheastóireacht ar théacs, léirmheastóireacht liteartha, stair, agus teangeolaíocht.[1] Níos coitianta, sainmhínítear fileolaíocht mar staidéar ar théacsanna liteartha chomh maith le taifid bhéil agus scríofa, an deimhniú ar a gcuid barántachta agus a bhfoirm bhunaidh, agus dearbhú a gciall.

San úsáid níos sine, go háirithe i gcás na Breataine, bhí ciall níos ginearálta i gceist, a chlúdaigh teangeolaíocht chomparáideach agus stairiúil.[2][3]

Bíonn fileolaíocht chlasaiceach ag cíoradh na dteangacha clasaiceacha. Shíolraigh fileolaíocht chlasaiceach ó Leabharlann Phéargamas agus Leabharlann Chathair Alastair , timpeall an ceathrú haois RC, agus lean na Gréagaigh agus na Rómhánaigh ar aghaidh léi ar fud na n-impireachtaí de chuid na Róimhe / na Biosáinte. Bhí sí caomhnaithe agus curtha chun cinn le linn Ré Órga an Ioslam, agus ar deireadh thiar atosaithe ag na scoláirí de chuid an Renaissance san Eoraip, áit a raibh sí ceangailte go luath ag fileolaíocht na hEorpa; (Gearmánach, Ceilteach), Eoráiseach (Slavacha, srl.), agus teangachana na hÁise (an Araibise, an Pheirsis, an Sanscrait, an Sínis, srl.) Baineann staidéir Ind-Eorpaise leis an fhileolaíocht chomparáideach ar na teangacha Ind-Eorpacha go léir.

Tá fileolaíocht, len a fócas ar fhorbairt stairiúil (anailís dhiacronach), cutha i gcodarsnacht le teangeolaíocht mar gheall ar áitiú Fherdinand de Saussure ar thábhacht na hanailíse sioncronaí. Lean an chodarsnacht ar aghaidh le teacht chun cinn an struchtúrachais agus theangeolaíocht Chomsky in éineacht lena bhéim ar chomhréir.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díorthaíodh an téarma 'fileolaíocht' ón Ghréigis φιλολογία (philología), [4] ó na téarmaí φίλος (phílos) "grá, cion, gean, ionúin,cara", agus λόγος (lógos) "focal, cur in iúl, cúis", ag cur síos ar ghrá na foghlama, na litríochta, chomh maith le hargóint agus réasúnaíocht, ag léiriú raon na ngníomhaíochtaí atá san áireamh faoin gcoincheap λόγος. Níor athraigh an téarma mórán leis an philologia Laidineach, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach sa Bhéarla sa 16ú haois, ó philologie na Meán-Fraincise, sa chiall "grá don litríocht".

Brainsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdach de 'Indo-European Philology' ''Historical and Comparative''le William Burley Lockwood (1969)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Peile, John (1880). "Philology". Macmillan and Co.. Dáta rochtana: 2011-07-16. 
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". dictionary.com.
  3. "Cóip cartlainne". oxforddictionaries.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-02. Dáta rochtana: 2019-06-04.
  4. "A Greek-English Lexicon" . Perseus.tufts.edu. Dáta rochtana: 2017-05-23. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]