Leabharlann Chathair Alastair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Leabharlann Chathair Alastair
Íomhá
Sonraí
Cineál Leabharlann taighde
Cuid de Músaem Alexandria
Ealaíontóir Tolamaes Slánaitheoir
Foirgníocht 3 haois "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte 4 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
48 "BCE" Destruction of the Library of Alexandria (en) Aistrigh
Tiomnaithe do Muses (en) Aistrigh
Tréith
Staid úsáide scartáilte nó scriosta
Stíl ailtireachta Hellenistic architecture (en) Aistrigh
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCathair Alastair
Suíomh Cathair Alastair
 31°13′N 29°55′E / 31.21°N 29.91°E / 31.21; 29.91

An leabharlann is mó anallód. I 332 RC chinn Alastar Mór a phríomhchathair a thógáil. Lean Tolamaes I é, agus thóg an chéad ollscoil bhuan inti, le Leabharlann Chathair Alastair ag a croílár. Bhí 700,000 leabhar inti faoi dheireadh, agus matamaitic, réalteolaíocht, eolaíocht, is teicneolaíocht suntasach ann. I 47 AD chuir Iúl Caesar an Leabharlann trí thine mar chuid dá chogadh ionraithe le Cléópatra. Níos déanaí, ghoid Marcas Antaine leabharlann Phéargamas in iarthuaisceart na hÁise Bige chun Leabharlann Chathair Alastair a atógáil. I 389 d'ordaigh impire Críostúil an oirthir, Teodaisias, rudaí págánacha a scrios: rinneadh amhlaidh ar chuid mhór den leabharlann, agus dhúnmharaigh an slua na scoláirí págánacha istigh inti. Tógadh an beagán leabhar a sábháileadh go Cathair Chonstaintín. I 642 ghabh na hIoslamaigh an chathair sin, agus chríochnaigh scrios na seanleabhar seachas beagán díobh, 6 imleabhar d'Arithmetica (Uimhríocht) le Diafanas ina measc. Osclaíodh leabharlann nua i 2002 a tógadh ar láthair phalás Chléopatra, agus aidhm ag na húdaráis 5-8 milliún leabhar a bheith inti faoi 2020.