Cléópatra
Cléópatra VII | |
---|---|
Banríon na hÉigipte | |
Réimeas | 51 BC - 30 BC |
Dáta breithe | 69 RC |
Áit bhreithe | Alexandria, An Éigipt |
Dáta báis | 30 RC |
Áit bháis | Alexandria |
Réamhtheachtaí | Ptolemy XII |
Comharba | (Ní raibh aon) |
Rítheaghlach | Ptolemaic |
Banríon ab ea Cléópatra (as Gréigis, Κλεοπάτρα Φιλοπάτωρ; 69 r. Chr. – 30 r. Chr). Rialaigh sí an tSean-Éigipt in aice lena hathair, agus ansin lena deartháireacha, agus sa deireadh ina haonar.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
De réir nós na nÉigipteach, bhí Cléópatra pósta ar a deartháir. Bhí caidreamh collaíochta aici le hIúil Caesar nuair a thaisteal sé go dtí an Éigipt sa bhliain 48 r. Chr., áfach. Rugadh mac di le Caesar, ar ar bhaist sí an t-ainm Caesarion, agus bhí Caesar sásta an atharthacht a admháil. Mar sin féin, níor fhág sé aon oidhreacht ag Caesarion ina thiomna.
Ní rithfeadh leis riamh Cléópatra a phósadh, ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh dá bpósfadh. Tar éis a bháis, bhí triúr páiste ag Cléópatra in éineacht le Marcus Antonius. Nuair a bhuaigh Ágastas orthu ag cath Actium, theith Cléópatra.
Fuair Antonius bás faoina lámh fhéin agus deirtear gur sháigh sé é fhéin sa bholg lena chlaíomh gearr Rómhánach.
Chuir Cléópatra lámh ina bás féin freisin, trí ghreim nimhneach asp de réir na miotaseolaíochta, ar an 12ú lá Lúnasa, 30 r. Chr. Is léir gur mharaigh Ágastas Caesarion, in aois ocht mbliana déag dó agus é ag teitheadh sa bhliain chéanna.

Seandálaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Níor thángthas ar thuama Cleopatra riamh.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |