Michel de Montaigne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Michel de Montaigne (1533 - 1592)

Scríbhneoir Francach ab ea Michel Eyquem de Montaigne, nó Montaigne mar is fearr aithne air.

Do rugadh é ar an 28ú lá d'Fheabhra sa bhliain 1533 i château Naomh Mhichíl Mhontaigne (Saint-Michel-de-Montaigne), château atá suite i nDordogne na Fraince, agus ba san áit chéanna a fuair sé bás, rud a tharla ar an 13ú lá de mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1592.

Tá tuairimí éagsúla ag scoláirí i dtaobh Mhontaigne: Dar le scoláirí áirithe, do bhí sé ina fhealsamh agus mhorálaí de réir stíle na hAthbheochana. Ceapann scoláirí eile, áfach, gur scríbhneoir léannta a bhí ann agus go raibh sé ina cheannródaí ar na heolaíochtaí sóisialta agus stairiúla, nó gurbh eisean a chuir tús leis na heolaíochtaí sin i dtraidisiún na Fraincise fiú.

Ós rud é go raibh a athair, Pierre Eyquem de Montaigne, an-tógtha le Daonnachas, ba oideachas de réir gnásanna an Daonnachais a fuair Montaigne agus é ag fás aníos. Cé go raibh idéil an Daonnachais go forleathan i measc lucht an léinn ag an am, ba iontach an t-oideachas a tugadh do Mhontaigne. Do dhein athair Mhontaigne cinneadh a pháiste a thógáil leis an Laidin mar mháthairtheanga, mar shampla, ionas go mbeadh an teanga seo, teanga na gClasaiceach agus léinn dá linne araon, ar a thoil ag an ngarsún nuair a bheadh sé ina dhuine fásta.[1]

Níor chaill Montaigne riamh an meon caidéiseach fiosrach sainiúil, ná an dúil sa léann, a bhí aige de thoradh an oideachais chuimsithigh ilbhéarlaigh sin a fuair sé. Tá meon an Daonnachais agus an fonn léinn le feiscint go soiléir ina chuid scríbhneoireachta, na hAistí (Essais) ach go háirithe.

Ba sa bhliain 1572 a chuir Montaigne tús le scríobh an tsaothair is iomráití dá chuid, is é sin na hAistí, agus níor éirigh sé as bheith á bhforbairt agus á n-athscríobh go dtí na míonna deireanacha dá shaol. Saothar ar leith is ea na hAistí, saothar a bhfuil áit thábhachtach i stair litríocht na Fraince aige - agus a raibh áit aige ar Index librorum prohibitorum na hEaglaise Caitlicí, b'in liosta na leabhar nach raibh sé ceadaithe ag dea-Chaitlicigh iad a léamh, ón mbliain 1676 go dtí an bhliain ina bhfuair an Pápa Pól VI réidh leis an Index.[2] Do thugadh Aistí Mhontaigne ábhar machnaimh do go leor daoine, idir scríbhneoirí (m.sh., Shakespeare, Pascal, Proust) agus fhealsaimh (m.sh., Descartes, Nietzsche, Heideggar), ón am gur foilsíodh den chéad uair iad.

Do scríobh Montaigne féin sa téacs 'Don Léitheoir', téacs atá mar bhrollach agesna hAistí, nach raibh aidhm aige agus é ag scríobh na nAistí “ach amháin aidhm phearsanta agus phríobháideach”.[3] Ag an am céanna, do thug sé le fios i gceann amháin eile desna hAistí eile gur féidir leis an dté a léifeadh na hAistí maitheas agus tairbhe a bhaint astu toisc go bhfuil "gach aoinne ina íomhá den staid dhaonna ina hiomlán".[4] Agus, i ndáiríre, is chun íomhá dó fhéinig a chruthú a thosaigh Montaigne le scríobh na nAistí, nó mar a deir sé é: ‘Is mise ábhar mo leabhair’.[5]

Tá Gaolainn curtha ag Breandán Ó Doibhlin ar chúpla ceann desna hAistí. Tá na haistriúcháin sin le léamh ina leabhar Montaigne – Deascán as na hAistí a foilsíodh sa bhliain 2001.[6]


Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Essais I.XXVI (‘De l’institution des enfants’): ‘[...] c’estoit une reigle inviolable que ny luy mesme, ny ma mere, ny valet, ny chambriere, ne parloyent en ma compaignie qu’autant de mots de Latin que chacun avoit apris pour jargonner avec moy.’ ([...] riail dhian ab ea í nach raibh cead aigesean [.i. ag athair Mhontaigne], ná ag mo mháthair, ná ag an ngiolla, ná ag an gcailín seomraí, aon ní a rá os mo chomhair ach amháin na focail Laidine a bhí foghlamtha acu chun comhrá briste a dhéanamh liom.)
  2. Sonraí maidir leis na scríbhneoiribh Francacha a cuireadh ar an Index – [i mBéarla]
  3. Essais (‘Au Lecteur’): ‘[...] je ne mé suis proposé aucune fin, que domestique et privée.’
  4. Essais III.II (‘Du repentir’): ‘[...] chaque homme porte la forme entiere de l’humaine condition’
  5. Essais (‘Au Lecteur’): ‘Ainsi, lecteur, je suis moy-mesmes la matiere de mon livre.’
  6. Breandán Ó Doibhlin, Montaigne – Deascán as na hAistí (Coiscéim, 2001)