Jump to content

An Ocsatáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ocsatáinis
Occitan, lenga d'òc agus occitan
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais542,000 (2020)
Dúchasach doVal d'Aran, Cantal, Loire, Haute-Loire, Haute-Vienne, Auvergne-Rhône-Alpes, An Acatáin, Languedoc-Roussillon, Limousin, Midi-Pyrénées, Provence-Alpes-Côte d'Azur, Poitou-Charentes, Píodmant agus Cúige Imperia
Stáitan Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn agus Monacó
Comhordanáidí43° N, 1° E / 43°N,1°E / 43; 1
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
Latino-Faliscan (en) Aistrigh
teangacha Rómánsacha
teangacha Iodál-Iartharacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Gall-Rómánsacha
teangacha Ocsatánach-Rómánsacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, classical norm of Occitan (en) Aistrigh, Mistralian norm (en) Aistrigh agus Norme bonnaudienne (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-1oc
ISO 639-2oci
ISO 639-3oci
Glottologocci1239
Ethnologueoci Cuir in eagar ar Wikidata
IETFoc Cuir in eagar ar Wikidata

Is teanga Ind-Eorpach í an Ocsatáinis. Tugtar lenga d'òc uirthi sa teanga féin, nó langue d'oc sa Fhraincis. Mionteanga atá inti, á labhairt san Acatáin, in Auvergne, in Languedoc-Roussillon, in Limousin, in Midi-Pyrénées agus in Provence, i ndeisceart na Fraince. Ach cloistear an teanga freisin i réigiúin sa Spáinn, san Iodáil, agus i Monacó.

Vergonha: "Labhraígí Fraincis, bígí glan", scríofa ar bhalla scoile sa chuid Chatalónach den Fhrainc.
Léarscáil de chanúintí na hOcsatáinise, de réir Ronjat (agus an lemosin agus an auvernhat in aon ghrúpa amháin).
Rangúchán "ollchanúnach" de réir Bec.

Ainm na teanga

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina shaothar De vulgari eloquentia (Ar labhairt na gnáth-theanga), rinne an file Iodálach Dante idirdhealú idir trí shaghas teangacha Rómánsacha, bunaithe ar an bhfocal a úsáidtear iontu chun freagra dearfach a thabhairt: "nam alii oc, alii oil, alii si affirmando locuntur"[1] (óir nuair a aontaíonn siad, deir cuid acu oc, cuid eile oil, agus cuid eile si). Is í seo an chéad fhianaise ar an nath lenga d'òc mar ainm na teanga, nath óna dtagann an t-ainm "Ocsatáinis". San am a chuaigh thart, chuirtí an t-ainm Provençal (Ocsatáinis Provence), ainm atá ar chanúint áirithe di sa lá atá inniu, ar an teanga ar fad.[2]

Ag tús na Meánaoise, bhí teorainneacha na hOcsatáinise níos faide ó thuaidh ná mar atá siad inniu, agus tugtar Occitania submersa (an Ocsatáin bháite) ar an limistéar sin. Idir an 8ú haois agus an 11ú haois, bhog an teorainn ó dheas, agus níor athraigh sí ina dhiaidh sin go dtí an ré chomhaimseartha. Bhí cúigí ar nós Saintonge, Aunis agus Angoumois, agus cuid mhór de Poitou, san Occitania submersa.[3]

Sa Mheánaois, ba iad trúbadóirí na hOcsatáine príomhfhoinse litríocht na hOcsatáinise. Chuiridís an t-ainm lengua romana (an teanga Rómánsach) uirthi uaireanta. I gcáipéisí oifigiúla ón am sin, luadh í mar roman, i gcodarsnacht leis an bhFraincis, langue du roi (teanga an rí). Úsáideadh an Ocsatáinis mar theanga oifigiúil litríochta na hAragóine, mar chuid de phleananna Rí na hAragóine, Alfons II, in Provence.[4]

Ón 12ú haois, chuaigh an Ocsatáinis i laghad mar theanga litríochta, mar gheall ar fhorbairt na Fraincise mar theanga riaracháin. Chuir Reacht Villers-Cotterêts (1539) an Fhraincis ina haon teanga oifigiúil sa ríocht, rud a raibh drochthionchar aige ar ghradam na hOcsatáinise. Chuaigh an meath sin i méid le linn Réabhlóid na Fraince. Chuir an rialtas réabhlóideach an t-ainm patois (teanga neamhchaighdeánach) ar mhionteangacha na Fraince, ar nós na hOcsatáinise, agus bhí sé i gceist acu an Fhraincis chaighdeánach a chur ina n-áit go hiomlán.[5]

Sa bhliain 1882, cuireadh dlíthe Jules Ferry i bhfeidhm, a raibh sé mar aidhm acu oideachas saolta a chur chun cinn. Cuireadh pionóis náireacha, áfach, ar dhaltaí a labhair mionteangacha ar scoil, beart ar a dtugtar vergonha (náire) san Ocsatáinis.[6]

Tá rangúcháin éagsúla ann ar chanúintí na hOcsatáinise. Ba é Jules Ronjat an chéad duine a chuir rangúchán le chéile agus a leag amach teorainneacha na teanga, i saothar a foilsíodh sa bhliain 1941. Roinn sé na canúintí ina gcúig ghrúpa, bunaithe ar thréithe fóineolaíochta, mar shampla:

  • caomhnú -n ag deireadh focail (Ocsatáinis Provence);
  • cailleadh na difríochta idir b agus v (an lengadocian).[7]

Ní raibh i gceist leis an rangúchán seo ach difríochtaí fóineolaíochta a ghrúpáil le chéile, gan scrúdú cuimsitheach ar na caidrimh idir na grúpaí sin. Ba é Pierre Bec a rinne rangú ar chanúintí na hOcsatáinise ina ngrúpaí "ollchanúnacha".[8]

An Ghascúinis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar go coitianta gurb í an Ghascúinis an chanúint is éagsúla den Ocsatáinis, toisc go bhfuil gnéithe inti nach bhfuil le fáil in aon chanúint eile. Mar shampla, cuirtear a- roimh r ag tús focal a tháinig ón Laidin, athrú a mheastar a tháinig de bharr thionchar na Bascaise.[2]

Fóineolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é seo a leanas fardal fóineolaíochta na hOcsatáinise (sa chanúint lengadocian):[9]

Déliopach Liopadhéadach Ailbheolach Iar-ailbheolach Carballach Coguasach
Pléascach p b t d k g
Aifricéad t͡s t͡ʃ d͡ʒ
Srónach m n ɲ
Tonnchrith r
Tapchonsan ɾ
Cuimilteach f (v) s z (ʃ)
Taobhach l ʎ

Na gutaí:

Tosaigh Cúil
Neamhchruinn Cruinn Cruinn
Dúnta i y u
Lárdhúnta e
Lároscailte ɛ ɔ
Oscailte a

Faightear an fardal iomlán i siollaí aiceanta amháin. I siollaí gan aiceann, ní fhaightear /ɛ/, agus ní fhaightear /ɔ/ ach mar leagan de /a/ i siollaí deiridh. Is guta corrach é /y/: is minic a chuirtear ceann eile de na gutaí dúnta (/i/, /u/) ina áit, agus is annamh a thagann sé i siollaí deiridh.[10]

Tá comhréir na hOcsatáinise gar do chomhréir na dteangacha Rómánsacha eile. Tá cúpla difríocht idir í agus an Fhraincis, áfach, agus tá a gramadach níos solúbtha go ginearálta.

Ar nós na Spáinnise agus na hIodáilise, ní gá forainm an ainmní a úsáid san Ocsatáinis. Úsáidtear é níos minice i gcanúintí an tuaiscirt (an lemosin) ná i gcanúintí an deiscirt (an Ghascúinis, an lengadocian). Chomh maith leis sin, nuair a leanann infinideach briathar réimnithe, cuirtear forainm an chuspóra roimh an mbriathar réimnithe san Ocsatáinis, ach roimh an infinideach sa Fhraincis:[11]

Áit an fhorainm cuspóra san Ocsatáinis agus sa Fhraincis.
Gaeilge Tháinig mé chun iad a fheiceáil.
Ocsatáinis Los venguéri veire.
Fraincis Je vins les voir.

Mar atá sa Fhraincis, tá diúltú iarbhriathrach, pas, ag an Ocsatáinis. Ach cé go n-úsáidtear an diúltach réamhbhriathrach fós sa Fhraincis fhoirmiúil, cailleadh go hiomlán san Ocsatáinis é. Ina theannta sin, is féidir pas a úsáid in éineacht le focail dhiúltacha eile, rud nach bhfeictear sa Fhraincis:[12]

Gaeilge Ní fhaca mé duine ar bith
Ocsatáinis Ei pas vist digús
Fraincis (neamhfhoirmiúil) J'ai (*pas) vu personne

Go stairiúil, ba é ges an diúltach ba choitianta i gcorpas na hOcsatáinise, ach d'athraigh sé sin ón 15ú haois i leith. Mar gheall ar an teagmháil teanga idir an Fhraincis agus an Ocsatáinis, chuaigh ges i léig, agus tháinig na focail pas agus ponch ina áit go tapa (focail a bhfuil gaol díreach acu le pas agus point na Fraincise).[12]

Go dtí an 18ú haois, d'úsáidtí an diúltach réamhbhriathrach agus an diúltach iarbhriathrach le chéile san Ocsatáinis, mar a úsáidtear fós sa Fhraincis iad. Ina dhiaidh sin, tháinig laghdú ar úsáid an diúltaigh réamhbhriathraigh, agus fágadh an diúltach iarbhriathrach ina aonar.[12]

Tá córas míreanna riachtanacha sa Ghascúinis:

  • que (fógrach)
  • be (uaillbhreasach)
  • e (ceisteach)[13]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ "Dante: De Vulgari Eloquentia I". www.thelatinlibrary.com. Dáta rochtana: 2026-03-28.
  2. 1 2 Mooney, D. (2021). Phonetics and phonology of Romance languages: Occitan. In Manual of Romance Phonetics and Phonology (pp. 709-742). de Gruyter.
  3. ↑ Louise Esher; Jean Sibille (2024). "Manuel de linguistique occitane" (v.35). Berlin/Boston: Walter de Gruyter GmbH. doi:10.1515/9783110733433.
  4. ↑ Linda Paterson (1995). "The world of the troubadours: Medieval Occitan Society, c. 1100 - c. 1300". Cambridge: Cambridge Univ. Press.
  5. ↑ Joubert, A. (2011). A comparative study of the evolution of prestige formations and of speakers' attitudes in Occitan and Catalan. The University of Manchester (United Kingdom).
  6. ↑ Geddie, V. J. (2014). The Use of Occitan Dialects in Languedoc-Roussillon, France.
  7. ↑ Ronjat, J. (1941). "Grammaire istorique des parlers provençaux modernes" Tome IV, Appendice: Les dialectes. Montpellier: Société des langues romanes.
  8. ↑ Léonard, J. L. (2024). Revisiting Southern Gallo-Romance from a complexity theory standpoint: Occitan. Frontiers in Complex Systems, 2, 1429114.
  9. ↑ Christoph Gabriel, Randall Gess, Trudel Meisenburg (2021-11-08). "Manual of Romance Phonetics and Phonology". De Gruyter. doi:10.1515/9783110550283.
  10. ↑ Müller, D., & Martín, S. (2012). A preliminary acoustic study of the Occitan vowel system. Études de linguistique gallo-romane, 149-159.
  11. ↑ Belasco, S. (1984). L'Occitan, qu'es aquò?. French Review, 7-18.
  12. 1 2 3 Bach, X. C. (2023). Negation in contact: French and Occitan. Transactions of the Philological Society, 121(3), 444-459.
  13. ↑ Morin, A. (2008). The syntax of Gascon clause-type particles. Linguistica atlantica, 29, 137-155.