Eipiciúras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEipiciúras

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(grc) Ἐπίκουρος
Beathaisnéis
Breith342 "RCh"
Samas, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Bás270 "RCh"
71/72 bliana d'aois
An Aithin, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Clocha fuail)
Áit adhlacthaAn Aithin Cuir in eagar ar Wikidata
Ardscoláire (príomhoide) den scoil Eipiciúrach
311 "RCh" – 270 "RCh" – Hermarchus → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCreideamh sa tSean-Ghréig
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Gairmfealsamh, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Ré Heilléanaíoch
GluaiseachtEpicureanism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidNausiphanes
Mac/iníon léinnHermarchus, Polyaenus of Lampsacus (en) Aistrigh, Leonteus of Lampsacus (en) Aistrigh, Themista of Lampsacus (en) Aistrigh, Colotes, Leontion, Mys, Menoeceus, Pythocles, Nicanor, Ctesippus, Apelles, Mammarion, Hedeia, Erotion, Nicidion, Boison, Demetria, Athenaios agus Mentorides
Faoi thionchar
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Teaghlach
AthairNeocles  agus Chaerestrate
SiblínChaeredemus agus Aristobulus

Discogs: 5361693 Cuir in eagar ar Wikidata

Fealsamh de chuid na Sean-Ghréige ab ea Eipiciúras (Gréigis: Ἐπίκουρος, Epikouros, "comhghuaillí, comrádaí"; Samos, 341 r.Ch. – Aithin, 270 r.Ch; 72 bliana d'aois in am a bháis), a bhunaigh scoil fealsúnachta darb ainm an tEipiciúrachas. Ní mhaireann ach roinnt bheag de shleachta is litreacha de na 300 saothar a scríobh sé. Is óna lucht leanúna agus tráchtairí níos moille a thagann a lán den eolas atá againn inniu maidir leis an bhfealsúnacht Eipiciúrach.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le hEipiciúras, is í aidhm na fealsúnachta ná saol sona suaimhneach a bhaint amach. Is iad an "ataraxia" (suaimhneas aigne is easpa eagla) agus an "aponia" (easpa péine) an dá thréith is mó a bhaineann le beatha duine a leanann an fhealsúnacht i gceart. Is trí thuiscint cheart ar nádúr an tsaoil, trí srian a choinneáil ar na mianta, agus trí dhul i muinín chomhluadar na gcarad, atá an staid shona seo le baint amach.

Mhúin Eipiciúras gurb ionann an mhaith agus an pléisiúr. Shéan sé go raibh aon anam neamhfhisiciúil ag an duine, agus gurb é an bás deireadh le saol an duine. Cheap sé go raibh an eagla roimh an mbás ar na constaicí is mó a chuireann duine óna shuaimhneas.

Cé nár shéan Eipiciúras go bhfuil na déithe ann, dúirt sé gur cuma leo an cine daonna, agus mar sin níl sé ceart eagla a bheith ag duine roimh dhéithe. Chloígh sé leis an teoiric adamhach a chum Déamócratas, cé gur athraigh sé mionsonraí na teoirice sin, go háirithe chun é a chur in oiriúint le coincheap na tola saoire.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil cáil ar Eipiciúras inniu mar dhuine cíocrach a mhol dá lucht leanúna géilliúnt dá gcuid mianta, míthuiscint den teoiric is ea é seo. Cé gurb iad mothúcháin pléisiúrtha agus pianta an tslat tomhais chun an mhaith a aithint thar an olc, dar le hEipiciúras, d'aithin sé gur fearr pléisiúir áirithe a sheachaint toisc go mbaineann roinnt mhaith oilc leo.

Mar shampla, is mó na fadhbanna a eascraíonn ón bpótaireacht ná an pléisiúr atá le baint aisti. Mhol Eipiciúras freisin bia simplí de rogha ar bheatha níos saibhre, chun go mbeadh an duine níos neamhspleách ar chora an tsaoil.

Bhíodh an scoil fhealsúnachta a bhunaigh Eipiciúras ar na scoileanna is tábhachtaí sa Ré Ársa, mar aon leis an Stóachas (Stoicism). Is é an file Rómhánach Lúicréitias an scríbhneoir Eipiciúrach is cáiliúla na laethanta seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]