Ferdinand de Saussure

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ferdinand de Saussure.

Ba theangeolaí Eilvéiseach é Ferdinand de Saussure (26 Samhain 1857 - 22 Feabhra 1913). Rugadh sa Ghinéiv é. B’as a chuid smaointe a tháinig bunús na bhforbairtí tábhachtacha sa teangeolaíocht san fhichiú haois. Dar lena lán daoine, ba Saussure a bhunaigh teangeolaíocht na fichiú haoise agus an tséimeolaíocht agus tá an-tionchar ag a chuid smaointe ar na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta.

Saol[athraigh | edit source]

Saolaíodh Ferdinand Mongin de Saussure sa Ghinéiv sa bhliain 1857. Agus é fós ina óige, ba léir go raibh tallann ar leith agus an-chumas intleachtach aige. I ndiaidh bliain a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an Laidin, ar an nGréigis agus ar an Sanscrait, i measc ábhair eile, ag Ollscoil Ghinéive, thosaigh sé ag déanamh staidéar iarchéime ag Ollscoil Leipzig i 1876. Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus é 21 bliain d’aois, rinne Saussure staidéar ar feadh bliana i mBeirlín, áit ar scríobh sé an t-aon saothar iomlán a bhí aige, Mémoire sur le système primitif des voyelles dans les langues indo-européennes (Tráchtas ar Bhun-chóras na nGutaí sna Teangacha Ind-Eorpacha). D’fhill sé ar Leipzig agus bronnadh céim dhochtúra air sa bhliain 1880. Go luath ina dhiaidh sin, d’aistrigh sé go Páras, mar ar theagasc sé teangacha ársa agus nua. Mhúin sé i bPáras ar feadh aon bhliain déag sular fhill sé ar Ghinéiv i 1891. Thug sé léachtaí ar an Sanscrait agus ar an Ind-Eorpais in Ollscoil Ghinéive go deireadh a shaoil. Níor thosaigh sé ag teagasc Chúrsa na Teangeolaíochta Ginearálta go dtí 1906, ábhar ar a ndíreodh sé an chuid is mó dá aird go dtí a bháis sa bhliain 1913 i Vufflens-le-Château, VD san Eilvéis.

Ba iad Charles Bally agus Albert Sechehaye, iarmhic léinn de chuid Saussure, a d’fhoilsigh an saothar is tábhachtaí dá chuid, Cours de linguistique générale (Cúrsa sa Teangeolaíocht Ginearálta), sa bhliain 1916, trí bliana tar éis a bháis. Bhunaigh siad an leabhar ar nótaí ar léachtaí a thug Saussure i bPáras. Tá Cúrsa sa Teangeolaíocht Ginearálta ceann de na saothair theangeolaíocha is cumhachtaí agus is tábhachtaí san fhichiú haois, den chuid is mó mar gheall ar an gcur chuige ceannródaíoch a d’úsáid sé agus é ag plé na bhfeiniméan teangeolaíoch, seachas ábhar an leabhair féin. Is é sin le rá go raibh a lán dá smaointe le fáil roimh ré i saothair de chuid teangeolaithe eile na fichiú haoise.

Is éard é an príomhsmaoineamh atá le fáil sa saothar seo gur féidir teanga a mhiondealú mar chóras foirmiúil d’eilimintí difreálacha, diomaite de dhialachtaic phraisiciúil na hurlabhra agus na tuisceana. I measc samplaí de na heilimintí seo, tá a choincheap den chomhartha teangeolaíoch - a dhéantar as comharthóir (signifiant) agus as comharthach (signifié), agus b’fhéidir go bhfuil tagrán aige freisin.

Sular cailleadh é, bhí Saussure ag obair lena chuid léachtaí a chur le chéile ar pháipéar. Aimsíodh lámhscríbhinn den saothar seo sa bhliain 1996 agus foilsíodh é faoin teideal Writings in General Linguistics. Tugann an saothar seo léirithe tábhachtacha ar na bearnaí a bhíodh ann.