Jacques Lacan
Síocanailísí agus síciatraí Francach ab ea Jacques Lacan (13 Aibreán 1901 - 9 Meán Fómhair 1981), ar a dtugtar "an síocanailísí is conspóidí ó Freud."[1]. Tugtar struchtúraíoch nó iarstruchtúraíoch ar Lacan uaireanta. Thug Lacan seimineáir bliantúla i bPáras ó 1953 go 1981, áit a d'imir sé tionchar ar na smaointeoirí Francacha, ar nós Louis Althusser, Michel Foucault, agus Gilles Deleuze.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Lacan i bPáras i 1901, mac an fhir díolacháin na gallúnaí agus na hola. Rinne sé staidéar ar an leigheas ar an Ollscoil an Pháras, agus ansin, ó 1927 go 1931, rinne sé staidéar ar an síciatracht i bPáras le Gaëtan Gatian de Clérambault. Ag an am seo, d'imir Martin Heidegger, Alexander Kojève, agus osréalachas tionchar ar Lacan.
Thosaigh Lacan ag cleachtadh a ghairme i 1932 le Rudolph Lowenstein. Glacadh leis sa Société psychanalytique de Paris i 1934. Dochtúir militeach ab ea Lacan i rith an Dara Cogadh Domhanda. I 1953, thosaigh Lacan tabhairt seimineár go poiblí. D'fhág Lacan agus a dheisceabail ón SPP agus cruthaíonn siad an Société Française de Psychanalyse i 1953. Chuir an International Psychoanalytical Association (Cumann Idirnáisiúnta Síocanailíseach) iallach ar an SFP Lacan a dhíbirt i 1964.
Cruthaigh Lacan an École Freudienne de Paris. D'fhoilsigh sé a scríbhneoireacht mar Écrits i 1966.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Lacan Marie-Louise Blondin i 1934, agus rugadh Caroline i 1937, Thibault i 1939, agus Sibylle i 1940. Bhí páiste aige le Sylvia Bataille, bean chéile Georges Bataille, i 1941. Fuair Lacan agus Marie-Louise Blondin colscaradh tar éis na breithe. Phós Lacan Sylvia Bataille i 1953.
Fuair Lacan bás i 1981 i bPáras.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Smaointe
[cuir in eagar | athraigh foinse]An Staid Scátháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhol Lacan an staid scátháin (stade du miroir) i 1936 ag comhdháil i Marienbad. Nuair a bíonn leanbh timpeall 6 go 18 mhí d'aois, aithníonn sé nó sí a scáil sa scátháin. Seo staid tábhachtach i bhforbairt an duine óig agus an Ego.
Na Trí Aicme
[cuir in eagar | athraigh foinse]An Aicme Fhíor
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní fírinne é an aicme fhíor. Tá an aicme fhíor taobh amuigh de theanga agus shiombailí. Tugann Lacan "an rud dodhéanta" ar an aicme fhíor i Seimineár XI mar tá an aicme fhíor dodhéanta siombalú nó samhlú. Mar shampla, is colainn an linbh é an aicme fhíor roimh an siombalú agus an oiliúint leithris agus araile. Leis an sóisialú, éiríonn an cholainn an linbh siombalaithe, curtha i bhfocail, agus curtha faoi smacht na ndlíthe.[2]
An Aicme Shiombalach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a chuirtear rud i bhfocail nó siombailí, tagann sé isteach an aicme shiombalach. Is aicme na ngnásanna, na ndlíthe, na nósanna agus araile é an aicme shiombalach chomh maith. Tá an aicme shiombalach déanta de chomharthóirí, agus súnn an neamh-chomhfhios na comharthóirí seo. Mar sin, "is plé an Eile é an neamh-chomhfhios," mar is Eile é an aicme shiombalach. Tá an aicme shiombalach ann sular rugadh muid, agus ní dhearnamar é asainn féin.[3] Chomh maith, mar súnn an neamh-chomhfhios comharthóiri, deir Lacan, "tá an neamh-chomhfhios struchtúrtha ar nós teanga," (comme un langage).[4]
An Aicme Shamhailteach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá baint idir na híomhánna agus an tsamhlaíocht agus an aicme shamhailteach. Tá an aicme shamhailteach is gaire don bhfírinne. Tá an Ego samhailteach agus tá fantaisíocht shamhailteach. Má is aicme an chomharthóra é an aicme shiombalach, is aicme an chomharthaigh é an aicme shamhailteach. Tar éis Kant, is mearbhall/iomrall/seachmall riachtanach é an aicme shamhailteach; tar éis Marx, is teibíocht fhíor.[5] Ní thriaileann an tsíocanailís fáil réidh leis an aicme shamhailteach.
Fonn/Dúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé deacair aistriú désire go Gaeilge. Do Lacan, tá fonn/dúil difriúil leis an ngá agus an éileamh. Tá aidhm ag an ngá agus an éileamh: thar aon rud eile, an grá. Ach de réir Lacan, "Ní fonn/dúil é an goile do sásamh, ná an t-éileamh do grá, ach is é an difear a tháinig dá bharr nuair a dealaímid an chéad cheann ón ndara cheann."[6] Is féidir linn an gá a shásamh, ach ní féidir linn an fonn/dhúil a shásamh. Do Slavoj Žižek, is athchruthú sé/sí féin é an raison d'être an fhoinn/na dúile.[7] Is objet petit a (réad a beag) é an fáth an fhoinn/na dúile. I object petit a, seasann a do autre (eile). Is meabhrú nó fuílleach don aicme fhíor é an réad a beag; is barrachas jouissance é an réad a beag.[8] Scríobhann Lacan caidreamh idir an suibiacht agus an réad a beag mar $◇a. Tá an síocanailísí agus a (h)analysand (an duine le haghaidh teiripe) ag iarraidh an réad a beag a chur i bhfocail, a f(h)onn/d(h)úil a shuibiachtú.
Jouissance
[cuir in eagar | athraigh foinse]De ghnáth, ní aistrítear jouissance. As Fraincise, ciallaíonn jouissance aoibhneas, ceart a bheith agat, nó súnás. Ar nós an Todestrieb Freud (an treallús báis), tá jouissance thar an bprionsabal an tsuilt. Gintear jouissance leis an mbac an fhoinn/na dúilt. Cuireann jouissance as don riail na haicme samhailtí agus siombalaí; díríonn jouissance méar ar an aicme fhíor.[9]
Sexuation agus an Fallas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Beartaíonn Lacan an coimpléasc Oedipus go difriúil ná Freud. De réir Freud, tá an coimpléasc Oedipus an-litriúil; labhraítear faoi bhoid agus phiteanna fhíora. De réir Lacan, is próiseas teachta isteach sa theanga agus an Dhlí é an coimpléasc Oedipus. Tosaíonn an coimpléasc Oedipus nuair a tugann an páiste faoi deara go bhfuil foinn eile ag a t(h)uismitheorí. Is fallas é an chomharthóir an fhoinn/na dúile an Eile. I sibhialtacht an Iarthair, is bod litriúil é an fallas, ach tá sé ag brath. Labhraíonn Lacan faoin bhfeidhm fallais - an feidhm na teanga a coimhthíonn/aistríonn an suibiacht. Leis an bhfeidhm fallais, tá coilleadh ag tarlú. Níl coilleadh litriúil ar nós de réir Freud; i gcoilleadh, cailleann an páiste jouissance don Eile agus cruthaíonn fonn/dúil. Tagann an páiste faoin nDlí. Don fhear, tá sé seo iomlán. Ach níl sé seo iomlán don bhean. D'fhéadfadh sé gur féidir leis an mbean an feidhm fallais a éalú. Ach ní ann ach féidearthacht. Tagann Lacan "an jouissance eile" air seo. Seachas sin, bíonn an bean ag lorg an fallas sa chaidreamh ghnéasach. Ach bíonn an fear ag lorg an réad a beag. Mar bíonn an fear agus an bean ag lorg rudaí difriúil, agus níl siad comhlántacha, deir Lacan, "Níl aon chaidreamh ghnéasach ann," (Il n'ya pas de rapport séxuel). Bíonn an fear ag lorg an réad a beag, ní lorgaíonn sé bean. Agus ní lorgaíonn an bean fear. Bíonn sí ag lorg an fallas / an jouissance eile.[10]
Go tábhachtach, de réir Lacan níl an gnéas bitheolaíoch. Is féidir leis an nduine a bhfuil bod aige/aici bean a bheith, i labhairt síocanailíseach. Baineann sochaí triail as dhá ghnéas a dhéanamh: fir firinscnigh agus dúghafach, agus mná bhaininscnigh agus histéireach. Tugann Lacan sexuation air seo. Tagann sexuation ó sexuer (gnéas a thabhairt do rud éigín). Ach, teipeann ar an sochaí uaireanta. Tá daoine trasinscnigh ann agus daoine síocóisigh ann (ní shúnn daoine síocóisigh an feidhm fallais). Mar sin, níl sexuation iomlán, agus tá frithbheartaíocht indéanta.[11]
Cleachtadh Cliniciúl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Lacan in aghaidh an tsíceolaíocht ego. I síceolaíocht ego, baineann an síceolaí triail as an ego an othair a neartú. De réir Lacan, tá sé sin fánach. Ní féidir leis an ego an neamh-chomhfhios a sárú. In áit, de réir Lacan, caithfidh an síocanailísí an creideamh an analysand leis an bhfonn/ndúil a athchumrú. Tugann Lacan an bunfhantaisíocht a thrasnú air. Déantar sé sin leis an gceangar saor faoi na fantaisíochta agus brionglóidí an analysand. Léiríonn Lacan an difear idir a chleachtadh cliniciúl agus an tsíceolaíocht ego leis a aistriú an tsleachta Freud, "Wo Es war, soll Ich werden." Aistríonn síceolaíocht ego an sliocht seo mar, "Áit a bhí an úd, beidh an ego ansin." Mar sin féin aistríonn Lacan an sliocht seo mar, "Áit a bhí sé (an réad a beag), beidh mé ansin (suibiachtóidh mé mo chúis mo fhoinn/dhúile)."[12] Chomh maith, i síceolaíocht ego, is foinse an eolais é an síceolaí. Úsáideann an síceolaí a eolas don othar a leigheas. Mar sin féin, i síocanailís Lacanach, ní foinse an eolais é an síocanailísí. Ní breitheamh ná saineolaí é an síocanailísí. Ní dhéanann an síocanailísí ach an analysand a thaispeáint cén chaoi a dtuiscint a neamh-chomhfhios. Is foinse an eolais é an neamh-chomhfhios.[13]
De réir Lacan, tá na daoine ar fad roinnte ina trí chuid: néaróiseacha, síocóiseacha, agus saofóirí. Caithfidh an síocanailísí aghaidh a thabhairt ar na trí chuid ar bhealach difriúil. Tá creideamh difriúil leis an bhfonn/ndúil agus an dteanga ag na trí chuid; ní chiallaíonn "saobhnós" saobhnós gnéis. Tá trí mhodh an bhréagnaithe (Verneinung) ag na trí chuid. Brúnn an néaróiseach faoi chois, foriann an síocóiseach, agus séanann an saofóir.[14]
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is Jacques-Alain Miller agus Bruce Fink iad na tras-scríobhneoirí agus léirmhínitheoirí tábhachtacha Lacan. D'imir Lacan tionchar ar na smaointeoirí Francacha struchtúraíocha agus iarstruchtúraíocha ar nós Louis Althusser, Michel Foucault, Gilles Deleuze, Félix Guattari, Jean-François Lyotard, Jacques Derrida, agus araile. D'imir Lacan tionchar chomh maith ar na feiminigh síocanailíseacha ar nós Julia Kristeva agus Luce Irigaray, agus ar an bhfeimineach Judith Butler. Mar fhocal scoir, d'imir Lacan tionchar ar an scoil na Slóivéine na síocanailíse, ar nós Slavoj Žižek.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ David Macey, "Introduction", Jacques Lacan, The Four Fundamental Concepts of Psycho-Analysis (London 1994) p. xiv
- ↑ Bruce Fink, The Lacanian Subject: Between Language and Jouissance (Princeton: Princeton University Press, 1995), 24-5.
- ↑ Fink, The Lacanian Subject, 3-13.
- ↑ Fink, The Lacanian Subject, 3-13; "Jacques Lacan," The Stanford Encyclopedia of Philosophy, https://plato.stanford.edu/entries/lacan/.
- ↑ "Jacques Lacan," The Stanford Encyclopedia of Philosophy, https://plato.stanford.edu/entries/lacan/.
- ↑ Jacques Lacan, "The Signification of the Phallus," i Écrits
- ↑ Slavoj Žižek, The Plague of Fantasies (London: Verso, 1997), 39.
- ↑ Fink, The Lacanian Subject, 83-97.
- ↑ "Jacques Lacan," The Stanford Encyclopedia of Philosophy, https://plato.stanford.edu/entries/lacan/.
- ↑ Bruce Fink, The Lacanian Subject, ; Jacques Lacan, Seminar XX, ; Jacques Lacan, "The Signification of the Phallus," i Écrits
- ↑ Bruce Fink, The Lacanian Subject
- ↑ Bruce Fink, The Lacanian Subject: Between Language and Jouissance
- ↑ Bruce Fink, A Clinical Introduction to Lacanian Psychoanalysis ; The Lacanian Subject.
- ↑ Bruce Fink, A Clinical Introduction to Lacanian Psychoanalysis.