Al-Ghazali
Al-Ghazali | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe |
Tus (en) ![]() |
Náisiúntacht |
Seljuk Empire (en) ![]() |
Áit chónaithe |
Nishapur Bagdad An Damaisc Iarúsailéim |
Grúpa eitneach | Peirsigh |
Bás |
Tus (en) ![]() |
Áit adhlactha |
Mashhad (en) ![]() |
Muintir | |
Siblíní |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Teangacha |
An Pheirsis An Araibis |
Múinteoirí |
Al-Juwayni (en) ![]() Al-Faramidhi (en) ![]() |
Mic léinn | Abu Bakr ibn al-Arabi |
Gairm | |
Gairm |
fealsamh, mutakallim (en) ![]() |
Áit oibre | An tSiria |
Fostóirí |
Al-Nizamiyya of Baghdad (en) ![]() |
Saothar iomráiteach |
The Alchemy of Happiness (en) ![]() The Incoherence of the Philosophers (en) ![]() The Revival of the Religious Sciences (en) ![]() |
Cleamhnú | |
Reiligiúin |
An tIoslam Sunnaíoch Sufaisteachas Sunni (en) ![]() |
Scoláire Ioslamach ab ea Al-Ghazali (R-A: /ælˈɡɑːzɑːli/, SAM: /ˌælɡəˈzɑːli, -zæl-/; ainm agus sloinne iomlán أَبُو حَامِدٍ مُحَمَّدُ بْنُ مُحَمَّدٍ ٱلطُّوسِيُّ ٱلْغَزَالِيُّ or ٱلْغَزَّالِيُّ, Abū Ḥāmid Muḥammad ibn Muḥammad aṭ-Ṭūsiyy al-Ġaz(z)ālīy; nó Algazelus nó Algazel; timpeall 1058 – 19 Nollaig 1111). Tá clú agus cáil ar fud an domhain al-Ghazali mar fhealsúnaí agus mar dhiagaire de chuid Ioslam . Bhí Al-Ghazali (mar a thugtar air go hiondúil) i measc na dlíodóirí is tábhachtaí chomh maith i stair de chuid na Peirse (an Iaráin inniu). Ba mhisteach Súfaíoch é chomh maith, cosúil le Rumi.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh al-Ghazālī i Tus sa Pheirs (an Iaráin inniu).
Meastar go forleathan gurb é al-Ghazali an smaointeoir Ioslamach is údarásaí sa ré sin nó ina diaidh.[1] Diagaire, fealsamh agus misteach, is fear aithne air as an ionsaí a rinne sé (go mór mór i 'Neamhréireacht na bhFealsúna') ar an úsáid a bhí á baint as fealsúnacht ársa na Gréige chun an diagacht Ioslamach a léiriú.
Is aithne ar al-Ghazali chomh maith as an iarracht a rinne sé chun an creideamh príomhshrutha agus an Súfaíochas a thabhairt le chéile.[1]
Ina theannta sin, bhí al-Ghazali ina scoláire ar an dlí Ioslamach. Bhí sé ina bhall den ghluaiseacht Shafi'i,
Sa bhliain 1111 (Jumada Al-Thani 15, 505AH) a d'éag an scoláire, in aois 53 dó.
Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní féidir a shéanadh, áfach, go raibh misean al Ghazali aspalda, geall leis, ar nós mhisean Kant na Gearmáine san ochtú haois déag. Ach tá difríocht shuntasach amháin, áfach, idir al-Ghazali agus Kant, a scríobh Gabriel Rosenstock. Nuair nár aimsigh al Ghazali dóchas ar bith sa smaointeoireacht anailíseach, tharraing sé an taithí mhisteach chuige féin agus fuair ábhar neamhspleách do reiligiún inti.[2] "Fiú má chuaigh al Ghazali ábhairín rófhada leis an sceipteachas fealsúnach, is é an t-éacht céanna a dhein sé i ndomhan Ioslam nuair a bhain sé an bonn den réasúnachas uaibhreach, ach tanaí, a bhí ag dul sa treo céanna is a chuaigh an réasúnachas sa Ghearmáin roimh Kant."
An réabhlóid sin, cuid mhaith, agus a stair phearsanta féin a thug ar al Ghazali reiligiún a bhunú ar sceipteachas fealsúnach — bonn neamhshábháilte le haghaidh reiligiúin agus bonn nach bhfuil ag teacht go hiomlán le spiorad an Córáin.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is mór an tionchar atá fós ag tuairimí al Ghazal ar go leor ábhar. Níltear ar aon intinn ar chuidigh an tionchar atá aige fós le bac a chur ar an Ioslam déileáil mar is cuí le saol na haimsire seo agus leis an bpáirt atá ag na heolaíochtaí ann.[1]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Al-Ghazali" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2020-12-19.
- ↑ Gabriel Rosenstock (1 Feabhra 2009). "Léargas ar Ioslam." Feasta (62 (2), 23-25).
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |