Rumi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rumi
مولانا اثر حسین بهزاد (cropped).jpg
Saol
Eolas breitheVakhsh (en) Aistrigh, 30 Meán Fómhair 1207
Teanga dhúchaisAn Pheirsis
BásKonya, 17 Nollaig 1273
Áit adhlacthaMevlâna Museum (en) Aistrigh
Yeşil Türbe (en) Aistrigh
Muintir
AthairBaha ud-Din Walad
Céile/CéilíGawhar Khatun (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
TeangachaAn Pheirsis
An Araibis
Old Anatolian Turkish (en) Aistrigh
Medieval Greek (en) Aistrigh
MúinteoiríBaha ud-Din Walad (en) Aistrigh
Mic léinnPervâne
Gairm
Gairmfile, 'ālim (en) Aistrigh, scríbhneoir, literary (en) Aistrigh, fealsamh, misteach agus diagaire
Saothar iomráiteachSeven Sessions (en) Aistrigh
Fihi Ma Fihi (en) Aistrigh
Masnavi (en) Aistrigh
Diwan-e Shams-e Tabrizi (en) Aistrigh
Maktubat (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiShams Tabrizi, Ibn Arabi (en) Aistrigh agus Abdul Qadir Gilani (en) Aistrigh
Sloinnteخاموش
Cleamhnú
ReiligiúinAn tIoslam
Sufaisteachas
Discogs ID945714
Rumi

Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar Rumi, nó Jalāl ad-Dīn Muhammad Rūmī (30 Meán Fómhair 1207 - 17 Nollaig 1273) mar fhile agus mar dhiagaire de chuid Ioslam . Bhí Rumi (mar a thugtar air go hiondúil) i measc na bhfilí is tábhachtaí i stair litríochta de chuid na Peirse (an Iaráin inniu). Ba fhealsamh agus mhisteach Súfaíoch é chomh maith. D'fhág Rumi a rian ar dhaoine a sháraíonn na teorainneacha idir reiligiúin agus cultúir.[1]

Jalal al-Din Rumi,agus a chara óg, Hussam al-Din Chelebi

Tugtar an t-ainm "Mevlana" ("Máistir") ar Rumi freisin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Rumi sa bhliain 1207 i mBalkh, Khorasan, ar a dtugtar an Afganastáin sa lá atá inniu ann.

"Bowl of Reflections"le filíocht Rumi.... 13ú haois a deirtear ǃ

Bhí an-mheas ar Rumi mar scoláire ar an dlí Ioslamach (de chuid na gluaiseachta Hanafi, atá i measc na gceithre traidisiún dlí atá ag na Sunnaígh), mar a bhí a athair Bahā ud-Dīn Walad (timpeall 1150-1231) roimhe.[2]

Bhuail Rumi leis an misteach Shams-e Tabrizi sa bhliain 1244, an toisc chinntitheach ina shaol iomlán. dúirt Shams le Rumi go raibh duine ar bith a bheith ábalta labhairt go díreach le Dia.

Bhí Rumi ansin i gceannas ar Madrasa[3] i Konya[4] (sa Tuirc inniu). Bhí sé ina shaineolaí ar an Sharia (dlí Ioslamach).

Chreid Rumi go paiseanta i dtaca le húsáid an cheoil, filíochta agus damhsa, mar cosán chun teacht go Dia. Ní dócha gur cheap Rumi féin gur tháinig na gnéithe éagsúla dá shaol salach ar a chéile; ina ionad sin, is é an chiall a bhainfeadh sé astu ná go raibh gnéithe éagsúla de chreideamh an ghrá i gceist.

Shams ud-Din Tabriz 1502-1504 BNF Paris.jpg

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag Rumi sa bhliain 1273 (6 Jumada al-Thani, 672AH) i Konya (sa Tuirc faoi láthair), Tá tuama Rumi suite i Konya.

I ndiaidh a bháis, chuir a lucht leanúna an tOrd Mevlevi ar bun (tugtar na "Deirbhísigh Ghuairneánacha" orthu go coitianta.

Masnevi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Masnevi "Magnum Opus" Rumi. Tá sé comhdhéanta de 6 imleabhar. Tá cuid de thoirt deiridh neamhiomlán. Is iad an chéad ocht déag véarsaí den Masnevi atá ina achoimre ar na sé imleabhar.

  1. Cá fhad a bheidh tú ina daor maidir le airgead agus ór?
  2. Is é an duine atá freagrach as a chuid gníomhais féin.
  3. Maidir le fir, is iad a bhreathnú ar an gcéanna, ach go spioradálta, tá siad difriúil.
  4. Tá dhá chineál de dréimire: dréimire an tsaoil seo; dréimire an tsaoil eile.
  5. Is é fearg mar chuid de mhian ainmhithe.
  6. Tá an domhan iomlán de dola.
  7. Is é an “ego” cothraim le luch millteach.
  8. Is é an tábharachas airdeallach an codlata domhain ar an domhan eile.
  9. Is fiú é go coinnigh na rudaí neamhbheo de réir ordaithe Dé.    
  10. Is siad na croíbhriste a bhuaigh an bhfabhar le Dia.    
  11. Rialigh na céadfaí grámhara foirmeacha d'fhonn a fheiceáil an fhírinne.    
  12. Tá na cleasanna saolta gan úsáid.    
  13. Ní bháin an Sufi san fharraige na háilleachta.    
  14. Is é an cruth istigh de dhuine a chomhaireamh.    
  15. Díol cluasa an asal.    
  16. Níl sé an ghrian agus na réaltaí foinse an tSolais Dhiaga.     
  17. Is é ag Dia amháin an t-eolas ár fíor-ainm.     
  18. Trioblóidí thagann do bhealach chun tú a dhéanamh níos láidre.     
  19. Ós rud é go bhfuil an macrocosm gan sos, conas is féidir go bhfuil síochán leis an microcosm?     
  20. Tá tú faoi dhliteanas a thitim sa díog a thochailt tú chun dhaoine eile.     
  21. An chéad rud: tóg amach an logáil as do shúil féin, agus ansin tóg amach an ballóg as súil do dheartháir.     
  22. Múch an tine d’ainmhian leis an uisce de solas dhiaga     
  23. Is é ár leithleas (Nafs) ár namhaid is mó.     
  24. A bheith díreach, cosúil le saighead... agus ar uile................... 470. Tá an ghrian i bhfolach san adamh.     

Rumi as Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Gabriel Rosenstock "Guthanna Beannaithe an Domhain" Iml 1, 2, agus a 3, Cnuasach filíochta ó cheithre hairde na cruinne, Rumi ina measc.[5][6][7]

Tá suim ar leith ag Gearóid Mac Lochlainn i Rumi.[8] Sa bhliain 2006 bhí sé ag ullmhú aistriúchán ar fhilíocht an fhile Dervish, a gcluineann Gearóid a macallaí i Meánoirthear an lae inniu. Tá ceangal ag filíocht Ghearóid le saothar Rumi. Tá an spioradáltacht, an ceol agus an damhsa, fite fuaite i bhfilíocht na beirte.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Prof. Dr. ErkanTurkmen, The Essence of Rumi's Masnevi, Including his life and works. ISBN 975-95630-0-2. Revised and corrected edition: October 2004. Eris Booksellers, Hamidiye Mah. Abdulezelpasa Cad. No. 3/A. Selcuklu. Konya, Turkiye.
  1. Scoil Dlí, COBÁ¢. "Rumi" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  2. rud ar tharraing William Dalrymple aird air agus é ag scríobh sa Guardian sa bhliain 2005 (2005-11-05). "William Dalrymple: What goes round... Rumi" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  3. "Madrasa" (as en) (2020-12-09). Wikipedia. 
  4. "Konya" (as en) (2020-12-14). Wikipedia. 
  5. Gabriel Rosenstock (2012). "Guthanna beannaithe 3" (ga). Issuu. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  6. "Guthanna Beannaithe an Domhain Gabriel Rosenstock". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  7. "Guthanna Beannaithe an Domhain Imleabhar 3" (en-GB). Litríocht (2012-05-29). Dáta rochtana: 2020-12-17.
  8. Róisín Armstrong. "Gearóid Mac Lochlainn" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-17.
  9. "Criss-Cross Mo Chara | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-09. Dáta rochtana: 2020-12-17.