Súfaíochas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSúfaíochas
(ar) الْتَّصَوُّف Cuir in eagar ar Wikidata
Tomb of Abdul Qadir Jilani, Baghdad.jpg
(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cineál gluaiseacht reiligiúnach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Bunaitheoir(í) Mahamad Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Faoi thionchar
Deirbhísigh ag déanamh fiodrince os comhair thuama Mawlānā Rumi, máistir Súfaíoch, in Konya, sa Tuirc

Is éard atá i gceist leis an SúfaíochasTaṣawwuf (Araibis: التصوف‎‎), ná gné mhistiúil den Ioslam, nó gluaiseacht mhisteach reiligiúnach a tháinig ar an bhfód i measc na Moslamach san ochtú haois.

Tugtar 'sufaí (Araibis:صوفي, ṣūfī) de ghnáth ar dhuine a chleachtann an traidisiún seo. Ainm eile a thugtar ar 'sufaí' ná 'dairbhíseach' (Peirsis: درویش, Darvīsh).

Smaointeachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an anam a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus Dia a bhriseadh.

Shainmhínigh scoláirí Clasaiceacha Sufaisteacha an traidisiún mar "eolaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an croí a dheisiú agus é a chasadh ar shiúl ó gach rud eile ach Dia."

Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Callagrafaíocht Hilya. Foinse: www.sufism.org/images/art/sabcaliphs.gif

Thosaigh an litríocht Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000. I Ré Órga an Ioslaim bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.

An Súfaíochas inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud an domhain.