Súfaíochas
(2014) | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gluaiseacht reiligiúnach way of life (en) stíl bheatha |
Reiligiún | Ioslam |
Stair | |
Bunaitheoir(í) | Mahamad |
Rialachas corparáideach | |
Oibreoir | Sufi (en) |
Codanna | |
Cuid de | worship in Islam (en) |
Is éard atá i gceist leis an Súfaíochas nó Taṣawwuf (Araibis: التصوف), ná gné mhistiúil d'Ioslam, nó gluaiseacht mhisteach reiligiúnach a tháinig ar an bhfód i measc na Moslamach san ochtú haois.
Tugtar 'sufaí (Araibis:صوفي, ṣūfī) de ghnáth ar dhuine a chleachtann an traidisiún seo. Ainm eile a thugtar ar 'sufaí' ná 'dairbhíseach' (Peirsis: درویش, Darvīsh).
Smaointeachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an anam a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus Dia a bhriseadh.
Shainmhínigh scoláirí Clasaiceacha Sufaisteacha an traidisiún mar "eolaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an croí a dheisiú agus é a chasadh ar shiúl ó gach rud eile ach Dia."
Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".
Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an litríocht Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000. I Ré Órga Ioslam bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.
An Súfaíochas inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud an domhain.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |