An Córan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Córan
(ar) القرآن‎ Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltéacs reiligiúnach agus saothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Teangaan Araibis Chlasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh610 ↔ 632
Le cuid115
Tréith
Seánralitríocht reiligiúnach agus téacs reiligiúnach Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaAn Araib Cuir in eagar ar Wikidata
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta9-682-92846-X Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 7a982ffb-5588-490d-b28e-d9eb0443b412 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an Córan, nó an Córán (Araibis: القرآن Al Qur’án), leabhar naofa an Ioslaim. An urraim a thugtar don Chóran san Ioslam, tá sí cosúil leis an urraim a thugtar d'Íosa sa chreideamh Críostaí. Is é an rud a chreideann an Moslamach fíréanta gurb é an Córan briathar neamhthruaillithe , agus mar sin, tá sé an-tábhachtach téacs an Chórain a chosaint ar gach cineál truailliú. Dá réir sin, ní ghlactar ach leis an gCóran Araibise mar fhíor-leabhar naofa. Rinne Muid Córan Araibise de, ionas go dtuigfeadh sibh é, a deir Dia, sa Chóran. Tá ainm an Chórain bunaithe ar thamhan focail a chiallaíonn léamh, léitheoireacht sna teangacha Seimíteacha.

Tugtar súra ar chaibidil de chuid an Chórain, agus céad ceithre cheann déag acu ann. Seo leagan Gaeilge den chéad súra, nó súra na hOscailte:

In ainm Dé atá lán trua agus trócaire!
Moladh go hard le Dia, Tiarna na nUile Dhomhan,
Dia atá lán trua agus trócaire,
Rialtóir Lá an Luain.
Tusa a adhraímid, Ortsa a iarraimid cabhair,
Cuir i mbealach ár leasa sinn,
A mbealach siúd ar bhronn Tú Do ghrásta orthu,
Seachas a mbealach siúd a bhfuil fearg ort leo agus a chuaigh ar strae.

Foirm an Chórain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 114 chaibidil (súra) sa Chóran, agus iad roinnte ina sé mhíle dhá chéad sé véarsa déag is fiche. Tá an bheannacht nó bismilla (bism'illáhi rachmání rachím - "In ainm Dé, an Fhuascailteora lán Trócaire") le léamh i dtús gach caibidil, ach ní áirítear mar véarsa ach aon uair amháin é, is é sin, nuair a chastar orainn an chéad uair é, sa súra thuasluaite. Aithníonn na Moslamaigh na súraí éagsúla ar a n-ainmneacha, cosúil le Súra na Bó, Súra na Seangán agus araile. Ní féidir a rá, mar shampla, go mbeadh an-ról ag na seangáin in imeachtaí an tsúra atá ainmnithe astu, ach is é an t-aon súra amháin sa Chóran ina luaitear na seangáin ar aon nós, agus mar sin, tá sé praiticiúil a leithéid d'ainm a thabhairt ar an súra. Níl na súraí ag teacht i ndiaidh a chéile de réir mar a nocht an t-aingeal Jibril do Mhuhamad iad, ach de réir a bhfaid, a bheag nó a mhór: is iad na súraí fada a thagann go díreach sna sálaí ag Súra na hOscailte, agus is iad na súraí gearra a thagann sa deireadh.

An Dóigh leis an gCóran a léamh os ard[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a fheicfidh muid thíos, is ealaín thábhachtach í béalaithriseoireacht phoiblí an Chórain sna tíortha Ioslamacha. Thairis sin, is mór an tsuáilce é don Mhoslamach chráifeach an Córan ar fad a fhoghlaim de ghlanmheabhraíocht. Le haghaidh na béalaithrise, an dianstaidéir agus na glanmheabhraíochta, is gnách an Córan a roinnt ina sheacht "stáisiún" (manzil; manázil an fhoirm iolra Araibise) agus ina thríocha "codán" (juz´; ajza´ an fhoirm iolra Araibise). Is féidir úsáid a bhaint as an gcóras seo leis an gCóran a léamh ó thús deiridh taobh istigh d'aon seachtain amháin (manzil in aghaidh an lae) nó aon mhí amháin (juz´ in aghaidh an lae).

Is mór an t-éacht creidimh é don Mhoslamach an leabhar naofa a fhoghlaim de ghlanmheabhraíocht. An duine a bhfuil an Córan ar eolas aige mar sin, tugtar hafiz air. Is é is brí leis an bhfocal seo ná garda nó cosantóir - cosantóir bhriathar Dé, mar sin. Creidtear go bhfuil na mílte, nó b'fhéidir na milliúin, acu ann. Bíonn, fiú, Moslamaigh atá dall ar fad ar an Araibis ag foghlaim an leagan Araibise den Chóran mar seo.

Teanga an Chórain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Araibis Chlasaiceach bunaithe ar theanga an Chórain, nó is ar éigean is féidir teacht ar aon téacs sa teanga sin a bheadh ní ba sine ná an leabhar naofa, amach ón díolaim filíochta ar a dtugtar Mu´allaqat agus ó chúig inscríbhinn réamh-Ioslamacha. Bhí léamh agus scríobh ag na hArabaigh roimhe sin féin, ach má bhac siad le haon líne a bhreacadh síos, is dócha gur roghnaigh siad an teanga Aramaise thar a dteanga dhúchais le haghaidh an ghnó sin. An teanga a úsáidtear sa Chóran, is foirm sheanaimseartha den Araibis Chlasaiceach í, agus ós rud é go bhfuil sí chomh seanársa sin, bíonn sé deacair ag Arabaigh an lae inniu an Córan a thuiscint, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh chomh fileata agus atá an téacs féin, agus é ag tagairt go minic do rudaí nach cuimhin le haon duine beo a thuilleadh. Mar sin, is cuid thábhachtach d'obair na scoláirí is na ndiagairí i saol an Ioslaim an Córan a mhíniú agus a chiallú don ghnáthléitheoir.

Fuair Muhamad bás sa bhliain 632. Go gairid ina dhiaidh sin, chrom na Moslamaigh ar chogaíocht, agus d'éirigh leo cuid mhór de dhomhan sibhialta a linne a fhorghabháil. Tháinig a dteanga i réim sna críocha a bhí sealbhaithe acu, ach ós rud é nach raibh na géillsinigh nua ábalta an teanga a fhoghlaim chomh foirfe fileata is a bhí sí ag na hArabaigh féin, tháinig canúintí nua ar an saol. Go minic, bhí na hArabaigh féin den bharúil gur teanga thruaillithe a bhí i gceist, agus d'éirigh siad fíorbhuartha faoi thodhchaí na teanga naofa inar tugadh briathar Dé dóibh. Mar sin, chrom siad ar an teanga a chaighdeánú agus a choimeád. Ó bhí teanga neamhthruaillithe ag na Beidiúnaigh san Araib féin i gcónaí, chuathas ag bailiú focail agus seanchais i measc na mBeidiúnach, agus is iomaí mionsonra gramadaí a socraíodh in aithris ar chanúint na mBeidiúnach.

Ós rud é go raibh sé riachtanach an Córan a chur ar fáil dóibh siúd nach raibh eolach ar Araibis chaighdeánach an leabhar naofa, rinne na teangeolaithe Arabacha an-taighde ar theanga an Chórain, agus iad ag glacadh le stíl an Chórain mar eiseamláir don Araibis scríofa. Mar sin, tá teanga liteartha na hAraibise bunaithe ar an gCóran inniu féin, seachas ar chaint na ndaoine.

Is é tuairim na Moslamach go bhfuil teanga an Chórain as an ngnáth ar fad, chomh fileata is chomh hálainn agus atá sí. Is é briathar Dé é, dar leis an Moslamach cráifeach, agus is dual do bhriathar Dé áilleacht nach bhfuil a leithéid eile ann ar dhroim an Domhain. Ar ndóigh, le meas ceart a bheith agat ar an áilleacht seo, caithfidh an léitheoir an leabhar a léamh sa bhunteanga, agus mar sin, ní thig le haon duine an Córan a aistriú go teanga eile: ní ghlactar leis na haistriúcháin mar fhíor-aistriúcháin, ach amháin mar ghluais nó mar mhíniúchán. Is é an Córan Araibise briathar Dé; níl sna haistriúcháin ach iarrachtaí an duine briathar Dé a aithris nó a athinsint; ach ós rud é go bhfuil an duine lochtach neamhfhoirfe mar dhuine, ní thiocfaidh leis choíche foirfeacht an bhriathair sin a athchruthú. Sin é an tuige nach gnách "An Córan" a thabhairt ar na haistriúcháin, ach rudaí cosúil le "Ciallú an Chórain".

Ní gnách "An Córan" a thabhairt ar na heagráin Araibise ach an oiread: tugtar "An Córan Naofa", "An Córan Uasal", 7rl., orthu leis an urraim is cuí a thabhairt don leabhar naofa.

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siúd is nach bhfuil sé, de réir dhogma an reiligiúin, indéanta an Córan a aistriú, is iomaí fear léinn i saol an Ioslaim a bhain triail as. Níl aon tábhacht ag baint leis na haistriúcháin seo i ndiospóireacht na scoláirí faoin gciall cheart ba chóir a bhaint as an leabhar, ar ndóigh. Mar sin, ní thugann na Moslamaigh "Córan Peirsise" ar an aistriúchán Peirsise, mar shampla, ach "ciallú an Chórain as Peirsis", "míniú an Chórain as Peirsis", nó rud éigin den chineál sin. Creideann na Moslamaigh go mbíonn na Críostaithe ag athrú an Bhíobla le gach aistriúchán nua, agus gurb é sin is cúis leis nach bhfuil an creideamh ceart ag na Críostaithe a thuilleadh.

B'é Robert Ketton, thiar sa bhliain 1649, ba thúisce a d'aistrigh an Córan go Béarla. Ní raibh Araibis aige, agus b'éigean dó an leagan Fraincise a úsáid. Tháinig aistriúchán níos fearr ó pheann George Sale sa bhliain 1734. San fhichiú haois, d'aistrigh Richard Bell (1937) agus Arthur John Arberry (1955) an leabhar go Béarla. Thairis sin, is iomaí Moslamach a chuir an Béarla ar an gCóran, ar nós Mohammad Marmaduke Pickthall agus Abdullah Yusuf Ali.

Maidir leis na haistriúcháin Ghearmáinise, is é an leagan a d'fhoilsigh Rudi Paret sna seascaidí an ceann is fearr leis na saineolaithe. Aistriúchán cruinn atá ann nach ndéanann aon iarracht le luachanna aestéitiúla an bhuntéacs a aithris. Tá an teanga níos áille ag Friedrich Rückert a chuir Gearmáinis ar chodanna den Chóran sa chéad leath den naoú haois déag. Níor bhac sé leis na codanna deacra, áfach, agus mar sin, níl a aistriúchán féin iomlán.

Sa bhliain 2003 chuaigh an tIonad Cultúrtha Ioslamach i mBaile Átha Cliath agus Foras na Gaeilge le chéile ag déanamh aistriúcháin go Gaeilge.

Stíl an Chórain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cóip den Chóran ón 15ú haois. Lámhscríbhinn Mohaqaq. Ard-Mhúsaem na hIaráine.

Tá idir scéalaíocht, aitheasc agus dlí sa Chóran, agus iad fite fuaite le chéile. Tá stíl dá chuid féin ag an gCóran, nach bhfuil a leithéid ann i litríocht eile na hAraibise, agus is minic a bhíonn na Moslamaigh chráifeacha ag áitiú go ndéanann an uathúlacht seo fianaise le bunús diaga an leabhair.

Tá an leabhar athráiteach go maith, agus í ag insint an scéil chéanna cúpla uair. Is é an ciallú a thugann na scoláirí Moslamacha air seo go bhfuiltear ag cur béim ar ghnéithe difriúla den scéal céanna in áiteanna éagsúla.

Tá cuid den Chóran faoi rím agus rithim, agus prós atá sa chuid eile. Go bunúsach, is é tuairim na Moslamach léannta gur genre nó gné liteartha ann féin is ea an Córan, seachas filíocht nó prós. Bíonn na línte próis féin sa Chóran á gceangal dá chéile le sórt rímeanna, ó am go ham, rud a chuidíonn leis an hafiz, an leabhar a fhoghlaim de ghlanmheabhraíocht. Ós rud é gur teanga Shéimíteach í an Araibís, agus na gutaí á gcur idir consain na dtamhan le focail nua a fhréamhú go rialta, is féidir sraith fhada d'fhocail a chruthú a bhfuil na gutaí céanna iontu, agus iad faoi rím le chéile. Is féidir an tsraith iomlán sin a úsáid ansin le plaic mhór téacs a chur faoi rím, rud a bhíonn coitianta go maith sa ghnáthfhilíocht chomh maith leis an gCóran féin.

Is gnách le lucht léinn an Ioslaim na súraí a dheighilt ina dhá bpríomhghrúpa, is é sin, na cinn a nochtadh do Mhuhamad i dtús a chaithréime, i Meice, agus na cinn a tháinig chuige i ndiaidh dó éalú go Meidíona. Go bunúsach, bíonn súraí Mheice níos gairide, níos fileata ná súraí Mheidíona, nó nuair a bhí Muhamad socraithe síos i Meidíona, bhí sé i gceannas ar phobal na bhfíréan cheana féin, agus dlíthe is rialacha ag teastáil uaidh le hord is le heagar a chur ar an bpobal.

Túslínte na Súraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na focail bismilláhi rachmání rachím curtha roimh gach aon súra, amach ó aon cheann amháin, agus ós rud é go bhfuil an tamhan trílitreach úd R-Ch-M ("trócaire") sa dá fhocal dheireanacha, is léir go bhfuil coincheap na trócaire iontach tábhachtach sa Chóran agus gur dlúthchuid den íomhá é atá ag na Moslamaigh de Dhia.

Thairis sin, tá litreacha rúndiamhra ag teacht sna sálaí ag an mbismilla i naoi súra fichead. Litreacha rúndiamhra iad, ós rud é nach bhfuil iontu ach consain aonair gan aon ghuta lena gceangal dá chéile. Níl lucht léinn an Iarthair níos eolaí ar chiall na litreach seo ná na Moslamaigh féin, ach is iomaí míniúchán a cuireadh chun tosaigh in imeacht na mblianta. Is é an ciallú is réidhe a ritheann leis an diagaire nach bhfuil a fhios ach ag Dia cad é is brí leo, nó gur sórt séala iad lena chinntiú gur saothar é an Córan nach féidir leis an duine daonna aithris a dhéanamh air. Dúirt na taighdeoirí Iartharacha gur shínigh na scríobhaithe a gcodanna féin den chéad chóip scríofa den Chóran le litreacha a n-ainmneacha, nó gur sórt giorrúcháin iad d'fhoirmlí mionnaithe. Níl mórán craicinn ar na míniúcháin seo, áfach. Go bunúsach, tá na litreacha seo dothuigthe, agus lucht an mhisteachais ag baint na mílte seach-chialla astu ina gcuid scríbhinní féin.

Ordú na Véarsaí de réir an Ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leathnach ón gCóran - An Spáinn - 12ú haois

Alt lárnach creidimh is ea é san Ioslam gur tháinig an Córan anuas ó Dhia féin, agus nach bhfuil focal ann nach bhfuil fíoraithe ag Tiarna na Fírinne féin. Mar sin, níl sé inghlactha go mbeadh botúin sa Chóran, agus ní féidir do bhriathar fíor Dé bheith ag teacht salach air féin.

Ina dhiaidh sin féin, tá ráitis áirithe sa Chóran bréagnaithe ag ráitis eile sa leabhar céanna, agus leis an gcineál seo débhríocht a mhíniú, téann an chuid is mó de na diagairí i muinín an eolais stairiúil: ós rud é gur nochtadh ábhar an leabhair do Mhuhamad thar thréimhse trí bliana fichead, ní mór súil a chaitheamh ar ordú a nochta, le fáil amach cé acu aisling is deireanaí a tháinig chuig an bhFáidh. Ar ndóigh, creideann na Moslamaigh go raibh cúis ag Dia leis an gcineál seo débhríochta: níor chuir Sé an Fáidh is a phobal ar bhealach a leasa lom díreach, is é an rud a rinne Sé ná an fhírinne a nochtadh de réir a chéile.

Cosúlacht an Chórain leis an mBíobla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann na Moslamaigh gurb é an Dia céanna atá á adhradh acu féin agus ag na Críostaithe is na Giúdaigh, agus is léir do chách go bhfuil dlúthbhaint ag an gCóran leis an traidisiún Giúd-Chríostaí. Déantar trácht ar chuid mhaith de na pearsana tábhachtacha sa dá Thiomna, cosúil le hÁdhamh, Maois, an Rí Dáithí, agus Íosa, agus iad á n-onórú mar fháithe agus mar réamhtheachtairí do Mhuhamad san Ioslam.

Is é an míniú a thugann cuid mhór de na Moslamaigh air seo ná go bhfuair na Giúdaigh is na Críostaithe an fhírinne ó Dhia ar dtús, ach gur chuir siad as a riocht í. Mar sin, fuair Maois an Tóra (Tawrah as Araibís), tugadh Leabhar na Salm (Zabur as Araibis) don Rí Dáithí, agus bronnadh an bun-Soiscéala (Injil, leagan Araibise den fhocal Gréigise evangelion) ar Íosa, ach níor fhan an pobal dílis don Fhírinne i ndiaidh bhás na bhfáithe seo, agus mar sin, is é dearcadh na Moslamach ar scrioptúr naofa na nGiúdach is na gCríostaithe go bhfuil sé truaillithe go maith, agus nach bhfuil sé dílis don bhunleagan a fuarthas ó Dhia. Tá na Moslamaigh an-mhíshásta leis an dóigh a mbíonn na Críostaithe ag déanamh aistriúchán nua ar an mBíobla ó am go ham, freisin, agus iad den tuairim gur sampla é seo den dóigh a dtruaillítear briathar Dé.

An trácht a dhéanann an Córan ar phearsana agus ar imeachtaí an Bhíobla, níl sé ag cur béime ar na himeachtaí ná ar an insint, ach ar chiall spioradálta na scéalta. Mar sin, is iomaí Moslamach a théann i muinín an Bhíobla le tuilleadh a fháil amach, siúd is nach mbíonn na Moslamaigh thraidisiúnta sásta leis an gcleachtadh seo. Tá seicteacha san Ioslam, cosúil leis na gluaiseachtaí Mu'tazili agus Ismailiya, a ghéilleann gur féidir go mbíonn Dia ag nochtadh A fhírinne ar bhealaí éagsúla do phobail éagsúla, le freastal ar riachtanaisí an ama is na háite.

Bunús agus Forbairt an Chórain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir gur cúis achrainn é an cheist seo idir lucht léinn an Ioslaim is an Iarthair, nó is é an rud a chreideann formhór mór na nIoslamach gur tháinig an Córan go díreach ó Dhia, ach is é an tuiscint a bhaineann na taighdeoirí Iartharacha as an leabhar go bhfuair sé an spreagadh ó scrioptúr naofa na nGiúdach is na gCríostaithe.

Mar a deir lucht léinn an Ioslaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann na Moslamaigh nach raibh ceá ná ciú ag Muhamad, agus go gcaithfeadh sé agus lucht a leanúna a chuid aislingí a fhoghlaim de ghlanmheabhraíocht, de réir mar a thagaidís chuige, ó nach bhféadfadh sé féin a dhath a scríobh síos. Fuair Muhamad an chéad aisling den chineál seo sa bhliain 610 i ndiaidh bhreith Chríost, agus tháinig an ceann deireanach chuige go gairid roimh a bhás, sa bhliain 632. Faoin am sin a thosaigh compánaigh an Fháidh na súraí a chur ar pár, ar eagla go gcaillfí nó go dtruailleofaí iad. Tá sé sa seanchas go raibh súraí aonair scríofa síos roimh a bhás, fiú. Mar shampla, nuair a bhí Muhamad ag cur faoi i Meidíona, bhí lucht a leanúna faoi eagraíocht chomh maith is go bhféadfadh sé scríobhaithe a iarraidh chuige le gach aisling a bhreacadh síos óna bhéal. Níor tháinig an Córan iomlán ar pár ná faoi chlúdach leabhair roimh bhás an Fháidh féin, áfach.

B'é an Cailif Uthman, a bhí i gceannas ar phobal na Moslamach sna blianta 644-656, a d'fhéach chuige gur cuireadh an chéad chóip oifigiúil den Chóran iomlán in eagar. B'é sin an leagan caighdeánaithe, agus nuair a cuireadh cóipeanna den eagrán seo chuig na pobail éagsúla Moslamacha a bhí ann ag an am, hordaíodh do na fíréin gach cóip den leabhar a dhíothú a bheadh difriúil leis an eagrán seo. Nó dealraíonn sé go raibh díolamaí príobháideacha d'aislingí an Fháidh scríofa síos ag Moslamaigh aonair. Bhí fear darbh ainm Ibn Masud ar an duine ba thábhachtaí acu seo, agus údarás áirithe ón bhFáidh aige, ach ní raibh gach súra scríofa síos aige siúd. Thairis sin, cúis díospóireachta i gcónaí iad "Duilleoga Hafsa", nó an díolaim de théacsaí a bhí i dtaisce ag Hafsa, bean de bhaintreacha an Fháidh. Tá siad ann a deir go raibh eagrán Uthman bunaithe ar an díolaim seo, agus daoine eile den tuairim gur lámhscríbhinn a bhí ann nár húsáideadh in eagarthóireacht na bunchóipe a chuir Uthman i dtoll le chéile, ach gur cuireadh eagrán Uthman i gcomparáid leis an lámhscríbhinn seo, agus nach raibh an dá leagan difriúil le chéile.

An leagan a chuir Uthman in eagar, bhí sé scríofa i leagan moch d'aibítir na hAraibise nach marcálann na fuaimeanna, go háirithe na gutaí, chomh cruinn agus an leagan a úsáidtear in eagráin an lae inniu den leabhar. Lena chinntiú go léifí an téacs ar an mbealach ceart, thosaigh an lucht léinn ag cur nótaí leis an téacs agus ag leasú na scríbhneoireachta Araibise le bheith in ann na gutaí gearra a chur in iúl go neamhdhébhríoch. Téann an fhorbairt seo siar go tús na hochtú haoise, agus bhí sí críochnaithe thart ar an mbliain 900.

Mar a deir na scoláirí Iartharacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacann scoláirí áirithe Iartharacha leis an leagan Ioslamach den scéal, a bheag nó a mhór: is é sin, go raibh a leithéid seo d'fhear ann agus Muhamad, agus é suite siúráilte de go raibh sé ag fáil aislingí go díreach ó Dhia; ansin, go raibh leaganacha éagsúla de na haislingí ag dul timpeall go gairid ina bhás féin; agus go raibh a leithéid seo d'fhear ann agus Uthman agus gurbh eisean a chuir na haislingí in eagar de réir dianchaighdeáin. Tá na scoláirí seo den bharúil go bhfuil sé le haithint ar stíl an Chórain go raibh na daoine a chuir i dtoll le chéile é, - go raibh siad urramach as an ngnáth do na téacsaí a bhí siad a bhailiú.

Tá scoláirí eile ann a deir gur múnlaíodh an Córan de réir a chéile, thar na céadta bliain fiú, agus na Moslamaigh ag freagairt ar dhúshlán na gCríostaithe is na nGiúdach: mar sin, a áitíonn siad, níor tháinig an chuma dheifnídeach ar an Ioslam féin, mar reiligiún, ach i bhfianaise na síortheagmhála is na síordhiospóireachta leis an dá chreideamh eile. B'é an scoláire Sasanach John Wainsbrough, thar aon duine eile, a chuir an dearcadh seo chun tosaigh. Ní bhfuair smaoineamh Wainsbrough fáilte róthe ó na scoláirí Iartharacha féin, áfach. Is é an príomhlocht a fuarthas air ná nach bhfuil stair na gcéadta bliain sin le feiceáil ar théacs an Chórain ar aon nós. Sa chúpla céad bliain i ndiaidh bhás Mhuhamad, bhí na Moslamaigh sáite i gcogaí móra, agus shílfeá go bhfágfadh na himeachtaí seo lorg éigin ar an gCóran, dá mb'ansin a scríobhadh é.

Míniú agus Ciallú an Chórain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gá cuimhne a choinneáil air nach bhfuil Moslamaigh an lae inniu ábalta an leabhar naofa a thuiscint ina hiomláine, fiú an chuid acu a bhfuil Araibis ó dhúchas acu. Tá an Araibis Chlasaiceach inti féin sách dothuigthe ag an ngnáth-Arabach, agus na céadta bliain forbartha agus athruithe a dhealaíonn ó chanúintí labhartha ár linne féin í. Thairis sin, tá an Córan breac le tagairtí d'imthoscaí an tsaoil i Leithinis na hAraibe sa tseachtú haois i ndiaidh bhreith Chríost - agus ar ndóigh, is iomaí craiceann a chuir saol na nArabach féin de idir an dá linn.

Mar sin, leis an gciall cheart a bhaint as an leabhar naofa, caithfidh an tArabach dul i muinín na leabhar tráchtaireachta agus míniúcháin. Tugtar tafsir ar an gcineál seo litríochta as Araibis. Creidtear go bhfuil na leabhair tafsir is moiche a tháinig ar pár - go bhfuil siad ar na foinsí is fearr amuigh don té atá ag dul ar lorg eolais faoi stair an luath-Ioslaim. Cuid thábhachtach de mhíniú stairiúil an téacs is ea an t-ordú a leagan amach inar tháinig siad anuas ó Dhia, nó níl sé as an ngnáth go bhfuil dhá shúra ag teacht salach ar a chéile, agus mar sin, caithfidh tú a bheith cinnte, mar fhíréan, cé acu is cirte.

Tá na seanleabhair tafsir, a tháinig ó pheann diagairí cosúil le Abu Jafar Muhammad ibn Jarir at-Tabari (838-923) nó Ibn Kathir (an ceathrú haois déag), - tá siad mór millteanach téagartha mar leabhair, ós rud é go ndearna an scríbhneoir iarracht freastal ar na scoileanna éagsúla smaointeachais a bhí ann lena linnsean. Maidir le lucht leanúna an bhunúsaíochais lenár linn féin, ar nós Sayyed Qutb, áfach, tá sé de chlaontacht iontu roghnachas a dhéanamh ar na ciallúcháin éagsúla leis an gceann is fearr leo féin a chur chun tosaigh.

I gcás cuid mhaith de na súraí, tá na tráchtairí sách eolach ar na himthosca faoinar tháinig an téacs anuas ó Dhia, agus iad in ann an t-ábhar a chur ina chomhthéacs féin. Tá súraí eile ann atá ina gcúis achrainn ag an lucht léinn, ach is féidir a rá, ar a laghad, cé acu i Meice nó i Meidíona a taispeánadh súra áirithe don Fháidh.

Leis an leabhar naofa a chiallú is a mhíniú do na fíréin, tá lucht léinn an Ioslaim i dtuilleamaí an chineál naomhsheanchais ar a dtugtar haidít. Ráitis ghairide iad na scéalta haidít, ráitis a luaitear le Muhamad. Tá an chuid is mó de staraíocht agus de dhlí an Ioslaim bunaithe ar na scéilíní seo, agus iad scrúdaithe go mion ag na scoláirí Ioslamacha leis an gcuid is inchreidte, is craicní a roghnú. Tá iosnad, nó slabhra finnéithe, curtha le gach scéal haidít lena thaispeáint cé hiad na daoine a bhí idir Muhamad agus an té a bhreac an scéal síos an chéad uair. An scoláire atá eolach ar luathstair an reiligiúin, is féidir leis, ansin, a mheasúnú, an daoine iontaofa a bhí iontu agus an féidir creidiúint a thabhairt don ráiteas atá i gceist.

An cuid den chruthú é an Córan?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chuid is mó de na diagairí den bharúil go raibh an Córan ann ó thús na laethanta agus go raibh an leabhar ann riamh, cosúil leis an dóigh a raibh Dia féin ann riamh. Tá Moslamaigh ann, áfach, a deir go bhfuil an tuiscint seo ag teacht salach ar fhoirceadal an aondiachais (tawhid) san Ioslam. Ós rud é go bhfuil tréigean an aondiachais agus urramú na n-íol is na ndéithe bréige (shirk) ar ceann de na peacaí is mó san Ioslam, tá a leithéid de líomhain thar a bheith tromchúiseach.

An Córan i gCultúr an Ioslaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Moslamach atá ar tí cóip den Chóran a láimhseáil, caithfidh sé a lámha a ghlanadh de réir dian-nós imeachta a dtugtar wudu air as Araibis. Tá na deasghnátha seo bunaithe ar a bhfuil le léamh i Súra a Sé Déag is Dhá Scór, ó véarsa a seacht déag is trí scór go naoi déag is trí scór: Is é seo an Córan Ró-Onórach, i leabhar dea-ghardáilte, nach mbaineann aon duine dó ach an té atá glan.

Caithfidh na Moslamaigh urraim a thabhairt do gach cóip den leabhar naofa. Níl sé ceadaithe an Córan a stróiceadh as a chéile ná a shalú. An chóip atá ag titim as a chéile i ndiaidh an oiread úsáide is a baineadh aisti, níl sé ceadaithe é a chaitheamh i dtraipisí ná a athchúrsáil mar pháipéar. Is é an rud a dhéantar le leabhair den chineál seo ná iad a dhó nó a adhlacadh. Cuid thábhachtach de chreideamh na Moslamach is ea é urraim a thabhairt do théacs scríofa an Chórain. An té a chaithfeadh anuas ar an gCóran, dhéanfadh sé coir na blaisféime, agus is gnách dianphionós, pionós báis fiú, a ghearradh don duine a dhéanfadh a leithéid de shacrailéid i dtír Ioslamach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]