Avicenna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Avicenna
Avicenna-miniatur.jpg
vizier (en) Aistrigh

Saol
Eolas breithe Afshona (en) Aistrigh agus Bukhara (en) Aistrigh, Lúnasa 23, 980
Náisiúntacht Samanid dynasty (en) Aistrigh
Ziyarid dynasty (en) Aistrigh
Buyid dynasty (en) Aistrigh
Áit chónaithe Ray (en) Aistrigh
Bukhara (en) Aistrigh
Urgench (en) Aistrigh
Gorgan (en) Aistrigh
Hamadan (en) Aistrigh
Isfahan
Grúpa eitneach Peirsigh
Bás Hamadan (en) Aistrigh, Meitheamh 18, 1037
Áit adhlactha Hamadan (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Araibis
An Pheirsis
Gairm
Gairm fealsamh, eolaí, file, réalteolaí, dochtúir leighis, music theorist (en) Aistrigh, fisiceoir, matamaiticeoir, ceimiceoir, ethicist (en) Aistrigh agus Islamic jurist (en) Aistrigh
Saothar iomráiteach The Canon of Medicine (en) Aistrigh
The Book of Healing (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Al-Biruni (en) Aistrigh, Plotinus, Mahamad, Galen, Arastotail, Hipeacraitéas, Ibn Zuhr (en) Aistrigh, Wasil ibn Ata (en) Aistrigh, Abu Zayd al-Balkhi, Al-Kindi (en) Aistrigh, Razi agus Al-Farabi (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Siach

Fealsamh agus fear leighis Peirseach den gcreideamh Moslamach ab ea Abu 'Ali al-Husayn Ibn Abd Allah Ibn Sina, nó Ibn Sīnā, nó Avicenna mar a thugtar air i Laidin agus i bhformhór theangacha na hEorpa. Do rugadh é gar do Bhúkhara, i bproibhinse Chorasáin Mhóir (réigiún atá suite in Úisbéiceastáin an lae inniubh), ar an 7ú lá de Lúnasa sa bhliain 980 agus do fuair sé bás, i gcathair Hamadán (cathair atá suite in Iaráin an lae inniubh), le linn Mhí an Mheithimh sa bhliain 1037. Cé gur scríobh sé i bPeirsis leis, is in Araibis a scríobh Avicenna mórchuid dá shaothar, saothair a bhaineann le réimsí éagsúla an eolais - an réalteolaíocht, an ailceimic, agus an aigneolaíocht, ina measc. Do thugadh lucht leanúna Avicenna "Seich al-Ra'íos" (Gaeilge: 'Prionsa na Saoithe') air lena linn.

Do scríobh Aviceanna 450 saothar, agus tá thart ar 240 desna saothair sin againn go fóill - 150 saothar a bhaineann leis an bhfealsúnacht, 40 saothar a bhaineann le cúrsaí leighis, agus saothair éagsúla a bhaineann leis an dtíreolaíocht, leis an ndiagacht, leis an bhfisic, chomh maith le saothair fhilíochta. Is iad na saothair is tábhachtaí de chuid Avicenna ná an chiclipéid a scríobh sé fé chúrsaí leighis, Riail na Liachta (Araibis: كتب ا لقا نون في ا لطب ['Ciotáb al Cánún fi al-Tib']), agus an chiclipéid fhealsúnachta a scríobh sé chun anam an duine a leigheas ar a ainbhios, Leabhar an Leighis (Araibis: کتاب الشفاء ['Ciotáb al-Sifeá']).

Sa lá atá inniubh ann, agus cé nach féidir ach le staraithe amháin leas a bhaint as na leabhair a scríobh Avicenna fé chúrsaí leighis, tá tábhacht ar leith leis na saothair fhealsúnachta dá chuid. Saothair is ea iad a bhfuil tionchair dhá thraidisiún fealsúnachta le feiscint iontu, traidisiún an Oirthir agus traidisiún an Iarthair. Tá oidhreacht Avicenna fós beo in Ioslam na hIaráine. San Iarthar, tá Aviceanna agus a chuid saothar fós ina n-ábhair mhachnaimh d'fhealsúna.