Galen
| Ainm sa teanga dhúchais | (la) Claudius Galenus |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | Meán Fómhair 129 Péargamas (An tSean-Róimh) |
| Bás | 201 ↔ 216 an Róimh |
| Áit chónaithe | Péargamas |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Míochaine, anatamaíocht, fealsúnacht agus loighic |
| Gairm | scríbhneoir leighis, eolaí néarchórais, dochtúir leighis, bitheolaí, máinlia, fealsamh |
| Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
| Mac/iníon léinn de chuid | Albinus, Satyros agus Aelianus Meccius |
| Teangacha | An tSean-Ghréigis |
| Saothar | |
Saothar suntasach | |
| Teaghlach | |
| Athair | Aelius Nicon |
Bhí Galen as Péargamon (rugadh timpeall na bliana 129 i bPéargamon, agus d'éag timpeall na bliana 199), ina lia Gréagach.
Rinne sé neart fionnachtana ar chúrsaí leighis trí mionscrúdú a dhéanamh ar ainmhithe áirithe cosúil le muca, madraí agus moncaithe.
Glacadh lena thuairimí i leith ghníomhaíochtaí an chroí, na n-artairí agus na bhféitheacha, go dtí an bhliain 1628, nuair a tháinig teoiric William Harvey chun cinn, is é sin go sreabhann an fhuil timpeall na colainne de bharr imbhualadh an chroí a fheidhmíonn mar chaidéal.[1]
Ní fios go baileach cé mhéad alt léannta ar scríobh sé ach meastar go raibh níos mó ná 400 dóibh. Scríobhadh i nGréigis iad. Cailleadh cuid mhaith dóibh nuair a dódh Leabharlann Chathair Alastair agus le scrios Impireacht na Róimhe scaipeadh iad.
Siad na cinn is mó atá le fáil anois ná na cinn a haistríodh go hAraibis agus ar bhunaigh na hArabaigh agus níos déanaí na hEorpaigh a léann leighis. Bhí tionchar ollmhór ag a chuid tuairimí sna Meánaoiseanna. I ndeireadh thír thall, agus an leigheas agus an eolaíocht ag forbairt, ba léir go raibh cuid mhaith dá chuid tuairimí míchruinn.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Furley, D, and J. Wilkie, 1984, Galen On Respiration and the Arteries, Princeton University Press, and Bylebyl, J (ed), 1979, William Harvey and His Age, Baltimore: Johns Hopkins University Press
| Is síol faoi dhuine Gréagach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |