William Harvey
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Aibreán 1578 Folkestone (Ríocht Shasana) |
Bás | 3 Meitheamh 1657 79 bliana d'aois Roehampton (Ríocht Shasana) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Padua - Dochtúir Leighis (1599–1602) Coláiste Gonville agus Caius, Cambridge - Baitsiléir Ealaíon (1593–1597) The King's School Canterbury (en) Barts and The London School of Medicine and Dentistry (en) |
Comhairleoir dochtúireachta | Hieronymus Fabricius |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Míochaine, fiseolaíocht agus sutheolaíocht |
Gairm | bitheolaí, anatamaí, dochtúir leighis, fiseolaí |
Fostóir | Ollscoil Oxford |
Mac/iníon léinn de chuid | Cesare Cremonini agus Hieronymus Fabricius |
Mac/iníon léinn | Francis Glisson |
Teangacha | An Laidin agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Elizabeth Browne |
Athair | Thomas Harvey agus Joan Halke |
Lia ab ea William Harvey (a rugadh ar an 1 Aibreán 1578 i Kent, Sasana agus a d'éag ar an 3 Meitheamh 1657 i Hampstead, Sasana). Rinne sé cur síos ceart ar shlí rith na fola.
Eolaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feidhmíonn an croí, dar le Harvey, mar chaidéal chun imshruthú na fola a choimeád ar siúl.[1] Imshruthaíonn an fhuil ón méadailín ar an taobh dé tríd an gcolainn agus ar ais trí na féitheacha go dtí an t-aitriam deas.
Ansin imshruthaíonn an fhuil ón méadailín deas trí na scamhóga agus ar ais go dtí an t-aitriam clé. Buaileann an dá mhéadailín in éineacht.
Sa bhliain 1628, d’fhoilsigh Harvey leabhar, iomráiteach inniu, faoin teideal Exercitatio Anatomica de Motu Cordis et Sanguinis in Animalibus (Ar Ghluaiseacht an Chroí is na Fola in Ainmhithe) nó De Motu Cordis.[2] I gceist, bhí cur síos ann ar an gcóras imshruthaithe seo agus conas a fhreagraíonn sé do shonruithe seachtracha.
Bhí clú air ar fud na hEorpa tar éis an fhoilseacháin seo. Ach bhí conspóidí ann freisin. D'fhreagair duine de thacaithe Galen go diúltach é i bhfoilseachán sa bhliain 1649. Ní raibh dearcadh Harvey cruthaithe go dtí go dtáinig an micreascóp solais ar an saol.
Bhí roinnt eile fionnachtain ag Harvey, an ceann ba fhiúntaí ná go raibh sé den tuairim gur fhás chuile chuid den cholainn as bunchill fhréamhach, coincheap a bhí coimhthíoch faoin am sin agus nár cruthaíodh faoi dheireadh go dtí 1796.
Ceann de na buanna ba mhó a bhí ag Harvey ná gur thuig sé go soiléir an idir-dheighilt idir tuairimí agus lom na fírinne. Ba eisean an chéad lia a bhain úsáid as teoiricí matamaitice sa bhitheolaíocht.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a athair ina shiopadóir. Oileadh i dtús i gCanterbury é agus rinne sé staidéar ar teangacha clasaiceacha, Sa bhliain 1597 cáilíodh é le céim BA ó Ollscoil Cambridge. I ndiaidh sin bhain sé amach céim sa leigheas in Ollscoil Padua san Iodáil, ceann de na hollscoileanna leighis ba chlúití san am sin.
D’fhill sé ar Shasana, áit ar thosaigh sé ag cleachtadh leighis. Phós sé Elizabeth Brown, iníon phríomhlia na banríona Éilis a haon.
Rinneadh ball de Choláiste Ríoga na Lianna é sa bhliain 1607, agus an bhliain dár gcionn, glaodh chuig cúirt an Rí Séamus a haon é. Agus tar éis bás Shéamuis 1 1625, ainmniú é mar phríomhlia do Rí Séarlas a haon. Bhí dlúthchairdeas eatarthu agus thug an Rí urraíocht ollmhór dó is é ag déanamh a chuid taighde.
Fuair Harvey bás de bharr stróc in aois naoi mbliana is seachtó dó.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". Coiscéim.
- ↑ Wikipedia (2020-03-24). "Exercitatio Anatomica de Motu Cordis et Sanguinis in Animalibus" (as en).
Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
William Harvey
-
Portráid ildathach
-
William Harvey, tar éis péintéireacht le Cornelius Jansen
-
William Harvey