Fréamh (ceimic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, tugtar fréamh, saorfhréamhfréamhaí ar mhóilín ina bhfuil leictreon corr ar sceall oscailte, is é sin, fithiseán nach bhfuil ach aon leictreon amháin air, seachas leictreondís. Bíonn na fréamha iontach fonnmhar chun imoibriúcháin, agus is minic nach mbíonn siad fadsaolach. Creidtear gur ábhar ailse (carcanaigin) iad na saorfhréamha, toisc go mbíonn siad chomh himoibríoch sin. Ón taobh eile de, áfach, bíonn siad riachtanach le haghaidh a lán próiseas bithcheimiceach.

Mheastar iad a bheith ciontach as damáiste do na fíocháin agus galair. Ceaptar go gcuireann vitimíní C is E, atá ina bhfrithocsaídeoirí, is micreachothuithe eile cosúil le beiteacharaitéin is seiléiniam (Se) bac ar an bpróiseas seo, agus gur féidir go bhfuil siad cosantach ar raon neamhord, artairiscléaróis, ailse is galar Alzheimer ina measc.

Samplaí de shaorfhréamha iad aonocsaíd nítrigine NO, dé-ocsaíd nítrigine NO2, agus dé-ocsaíd chlóirín ClO2.