Pierre Abélard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Abélard)
Infotaula de personaPierre Abélard

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1079 (Féilire Ghréagóra)
Le Pallet (Ríocht na Fraince)
Bás21 Aibreán 1142
62/63 bliana d'aois
Chalon-sur-Saône (Ríocht na Fraince)
Áit adhlacthaHéloïse and Abélard's tomb (en) Aistrigh, 7 (1817–)
Museum of French Monuments (en) Aistrigh (1801–)
Église Saint-Laurent de Nogent-sur-Seine (en) Aistrigh (1792–)
Abbaye Saint-Marcel-lès-Chalon (en) Aistrigh
Oratory of the Paraclete (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ab
1125 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síÉcole cathédrale de Paris Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht agus scolaíochas
Gairmdiagaire, dírbheathaisnéisí, loighceoir, scríbhneoir, file, cumadóir, teangeolaí, fealsamh, duine rialta Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtAn Ré Chlasaiceach, scolaíochas agus nominalism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidRoscelin de Compiègne agus Guillaume de Champeaux
Mac/iníon léinnJohn as Salisbury, Hilarius, Robert of Melun (en) Aistrigh agus Berengar of Poitiers (en) Aistrigh
TeangachaAn Laidin
Ord crábhaidhBeinidictigh
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileHéloïse d’Argenteuil Cuir in eagar ar Wikidata

Spotify: 7DRVYsguAC3hbQCgsBz9wm Musicbrainz: 77551fb6-2d8a-41f5-ac31-5142bb413502 Discogs: 1281856 IMSLP: Category:Abelardus,_Petrus Allmusic: mn0001416005 Find a Grave: 1635 Cuir in eagar ar Wikidata

Diagaí agus fealsamh Francach ba ea Pierre Abélard (1079 - 1142), agus é ar bhunaitheoirí an Scolaíochais. Chleachtadh sé an t-amhras mar mhodh oibre, ós é an t-amhras a chuireann ag tóraíocht na fírinne sinn. Ba é laoch an Ainmneachais é, cé nár mhol sé Ainmneachas Roscelin, scoláire nótálta eile. B'fhearr leis riamh an nithiúlacht ná na teibíochtaí.

Deir Abélard nach bhfuil sna huilithe ach focail; ní féidir ciall a bheith leo ar aon dóigh eile. Má deir tú gur fíorchuid den saol iad na huilithe, is féidir leat a rá go bhfuil an tréith chéanna ag Sócraitéas agus ag an asal – is ainmhithe iad. Ach fágann sin gur rud réasúnach é an t-ainmhí sa mhéid go mbaineann sé leis an duine agus gur rud míréasúnach é sa mhéid go mbaineann sé leis an gcineál asal. Tá contrárthachtaí ag baint leis an rud céanna san iomláine, agus ní féidir an scéal a bheith amhlaidh.

Ní féidir an t-uilí a shamhlú le cnuasach rudaí, ó nochtann an cnuasach i ndiaidh na rudaí atá ina gcuid de. Ní féidir ach oiread an indibhid a shamhlú leis an iomlán, mar fágann sin gur iomaí Sócraitéas atá ann nó gurb ionann an méid indibhidí atá ann agus an méid uilithe, rud nach luíonn le réasún.

Deir sé gurb éard atá i ngach rud (lasmuigh de Dhia agus na haingil) foirm nó ábhar, nó cumasc foirme agus ábhair: is í foirm na deilbhe a cruth, rud ar cóiriú áirithe ábhair é. Fágann seo nach féidir an fhoirm a dhealú amach ón rud a chuireann in iúl í.