Xibe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaXibe

Pictúir le Henry Lansdell a dathaíodh sa bhliain 1882 i Qapqal Xibe.
Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán191,911 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaXibe (en) Aistrigh
Creideamhseamanachas
Ball deTungusic peoples (en) Aistrigh
Tíreolaíocht
StáitDaon-Phoblacht na Síne
Léarscáil dáileacháin

Dream eitneach sa tSín is ea na Xibe (leaganacha eile den ainm céanna iad Xibo agus Sibe). Tá cónaí ar chuid acu i Xinjiang (Sinkiang) in Iarthar na Síne agus sa Mhancúir in oirthuaisceart na Síne. Is as an Manchúir do shinsir na Xibe i Xinjiang, ach sa bhliain 1764, d'aistrigh Impire na Síne go dtí Xinjiang iad le go mbeadh daoine iontaofa aige in aice le teorainn thiar na hImpireachta a chosaint.

Na Xibe (agus na Manchúraigh) a bhfuil cónaí orthu sa Mhanchúir féin, is í an tSínis chaighdeánach a labhraíonn siad. Tá an teanga Xibe beo i Zinjiang, áfach, agus í ó dhúchas ag 40,000 duine. Canúint Manchúirise atá ann go bunúsach, agus baintear úsáid as an aibítir Mhanchúrach le hí a scríobh, cé go bhfuil na Xibe tar éis an aibítir a leasú le go mbeadh sí níos oiriúnaí d'fhuaimeanna na canúna.

Tá na Xibe ar ceann de na grúpaí eitneacha a bhfuil aitheantas oifigiúil na n-údarás acu sa tSín. Mar sin, is féidir an teanga a fhoghlaim agus a staidéar in aon scoil traenála amháin i gceantar féinrialaitheach Yili.