Beith gheal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBeith gheal
Betula pendula Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo debirch leaf (en) Aistrigh agus silver birch (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhnucule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN62535 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFagales
FineBetulaceae
GéineasBetula
SpeiceasBetula pendula Cuir in eagar ar Wikidata
Roth, 1788
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Betula verrucosa
Betula alba Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is cineál beithe caoile cuanna gearrshaolaí a fhásann 15-18 m in airde, le coirt shonrach airgeadbhán, í an bheith gheal.[1] Dúchasach don Eoraip, de ghnáth na réigiúin fhuara. Fástar go minic mar mhaisiúchán í.

Crann duillsilteach í an bheith gheal. Tá coirt mheathbhán air a mbíonn cuma an airgid air faoi sholas áirithe. Tá craobhacha dea-chumtha, cromtha uirthi agus tagann bláthanna, no caitíní, uirthi i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine. As siocair go mbíonn na caitíní ann go luath sa samhradh, tá ceangal i luath-bhéaloideas na hÉireann idir an bheith gheal agus an ghrian. Samhlaítear an bheith gheal le breith, leis an óige, agus le glaineacht chomh maith. Is ón fhocal “beith” a thagann an chéad chonsan san oghamchraobh (aibítir oghaim). San Fhéineachas, bhain an bheith leis an aicme crann ar a dtugtaí ‘aithig fedo’, is é sin ‘tuathánaigh na coille’. In Éirinn, bhaintí úsáid as an mbeith le scuaba a dhéanamh agus bhíodh an choirt in úsáid le súdaireacht a dhéanamh.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Betula pendula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Beith gheal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 71.