Ogham
Cineál | aibítir, script nádúrtha agus aibítir aoncháis |
---|---|
Teangacha | Gaeilge Chianach, an tSean-Ghaeilge agus an Chruithnis |
Cruthú | 4 haois |
ISO 15924 | Ogam (212) |
Treo téacs | bun go barr agus clé go deas |
Raon Unicode | U+1680-169F |
Is aibítir sheanda í an tOgham nó Aibítir na gcrann (Sean-Ghaeilge Ogam), an t-oghamchraobh, a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann, sa tréimhse idir 300 A.D. agus 600 A.D. Tuairiscíonn na saineolaithe nárbh aibítir neamhspleách í, ach gur rúnscríbhinn de shaghas áirithe a bhí ann agus í bunaithe ar aibítir na Laidine. Faightear inscríbhinní in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus ar Oileán Mhanann.
An córas scríbhneoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhí an tOgham gearrtha ar liag, ar ghallán nó ar chloch chuimhneachán, rith an téacs aníos ó bhun go barr na cloiche. D'úsáidtí poncanna do na gutaí mar seo a leanas: ponc amháin = a, dhá phonc = o, trí phonc = u, ceithre phonc = e agus cúig phonc = i. D'úsáidtí stróiceacha do na consain. Ghearrtaí an scríbhneoireacht seo ar imeall na cloiche nó ar lár líne ar a dtugtaí an 'fleasc'. Tá inscríbhinní dátheangacha Gaeilge agus Laidine ann freisin, a théann ó chlé go deas. Nuair a bhí an tOgham scríofa i lámhscríbhinní, lean an téacs gnáth-threo na Laidine (cothrománach agus ó chlé go deas), le stríoca ingearacha in áit eangaí greanta na n-inscríbhinní le haghaidh na ngutaí.
Áiteanna leis na samplaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maítear gur thosaigh an tOgham, in iardheisceart na tíre agus tá fáil ar 121 sampla de na galláin seo i gContae Chiarraí. Faightear 81 sampla i gContae Chorcaí agus 47 sampla i gContae Phort Láirge. Faightear 15 sampla sa Bhreatain Bheag agus tá an gallán oghaim is sia soir le fáil i Silchester i Sasana, rud a chiallaíonn gur bhog na daoine leis an scríbhneoireacht seo soir de réir a chéile, ó Chontae Chiarraí ar aghaidh.
Na litreacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 25 bunlitir san Ogham. Tugtar fid[1] (fiodh, crann) ar an gcéad fiche litir, roinnte ina gceithre aicme ainmnithe as an gcéad litir sa tsraith (Aicme Bheithe, Aicme Uatha, Aicme Mhuine, Aicme Ailme). Cuireann an focal 'fiodh' in iúl an nasc idir crainn agus ainmneacha na litreacha. Is taebomna[2], taobhomhna nó consain iad an chéad 15 díobh, agus gutaí simplí na 5 deireanacha. Tugtar forfeda[3] (airfheánna, litreacha sa bhreis) ar na litreacha eile. Tá aon aicme oifigiúil amháin inniu ann, agus défhoghair atá ann, ach faightear forfeda eile, go háirithe Peith.
Aicmí agus Litreacha Oghaim | |||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Beith | Uath | Muin | Ailm | Forfeda | |||||||||||||||||||||
B | L | F | S | N | H | D | T | C | Q | M | G | NG | S | R | A | O | U | E | I | EA | OI | UI | IA | AE | P |
ᚁ | ᚂ | ᚃ | ᚄ | ᚅ | ᚆ | ᚇ | ᚈ | ᚉ | ᚊ | ᚋ | ᚌ | ᚍ | ᚎ | ᚏ | ᚐ | ᚑ | ᚒ | ᚓ | ᚔ | ᚕ | ᚖ | ᚗ | ᚘ | ᚙ | ᚚ |
- Uath [H], tá an bhrí chéanna ag an bhfocal Uath sa tSean-Ghaeilge is atá aige sa Nua-Ghaeilge. Úsáidtear “Sceach Gheall” i gCóras na gcrann. Ní fios cad é sanasaíocht fhoinseacht an fhocail, áfach, foghraíocht an fhocail ach oiread. Molann McManus (1986) gur [y] atá i gceist. Mhol Peter Schrijver (féach McManus 1991:37) go bhfuil seans ann, más rud é gurb leagan gaolmhar é leis an Laidin pavere, gur lean rian den *p sa Phróta-Ind-Eorpach ar aghaidh sa nGaeilge Chianach, ach níl aon fhianaise neamhspleách de sin.
Unicode
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh an tOgham leis an gCaighdeán Unicode i Mí Mheán Fómhair 1999 nuair a seoladh leagan 3.0. Tógadh litriú na n-ainmneacha as caighdeánú as an mbliain 1997,[4] agus gafa chuig an gCaighdeán Unicode agus Caighdeán na hÉireann 434:1999. Tá 32 cód le fáil sa bhloc Unicode, U+1680–U+169F, san áireamh spás, 26 litir — 25 sa 5 bhunaicme, agus peith — tús- agus críoch-chleite, agus 3 in áirithe.
Ogham[U1680 1][U1680 2] Cairt Oifigiúil den Unicode Consortium (PDF) | ||||||||||||||||
0 | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | A | B | C | D | E | F | |
U+168x | ᚁ | ᚂ | ᚃ | ᚄ | ᚅ | ᚆ | ᚇ | ᚈ | ᚉ | ᚊ | ᚋ | ᚌ | ᚍ | ᚎ | ᚏ | |
U+169x | ᚐ | ᚑ | ᚒ | ᚓ | ᚔ | ᚕ | ᚖ | ᚗ | ᚘ | ᚙ | ᚚ | ᚛ | ᚜ | |||
Nótaí |
Cé dó an tOgham?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba scil ar leith í an córas scríbhneoireachta seo, mar sin, scríobhtaí é do dhaoine tábhachtacha, a cuireadh san áit ina seasann an gallán anois. Ainmneacha daoine mór le rá – ríthe, taoisigh agus daoine cumhachtacha eile – a scríobhtaí ar na galláin oghaim don chuid is mó.
De réir na miotaseolaíochta, ba é an dia Ceilteach Ogmios (dia na hurlabhra agus na foghlama) a cheap an córas scríbhneoireachta seo.
Deireadh ré
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig deireadh le ré an oghaim le teacht na manach go hÉirinn mar d'úsáidtí aibítir na Laidine ó shin i leith agus bhíodh na manaigh ag scríobh ar phár. Cé gur tháinig deireadh lena ré sa seachtú haois faightear tagairt don ogham i leabhar Bhaile an Mhóta a scríobhadh san 11ú haois.
Foinse
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ó Murchú, Máirtín (1985). The Irish Language. An Roinn Ghnóthaí Eachtrannacha agus Bord na Gaeilge (arna chur i gcló ag Ormond Printing Co., Éire).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Irish Ogham Stones
- Stone Corridor Curtha i gcartlann 2013-07-11 ar an Wayback Machine