Hanoi Rocks
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | racbhanna ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1979, Heilsincí ![]() |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1979 – |
Lipéad ceoil | Johanna Kustannus ![]() |
Seánra | Glam punk (en) ![]() ![]() |
Le cuid | |
Suíomh gréasáin | hanoi-rocks.net ![]() |
Rac-bhanna Fionlannach ab ea Hanoi Rocks a bhí bunaithe ag an amhránaí Michael Monroe (Matti Fagerholm) agus an giotáraí Andy McCoy (Antti Hulkko) i Heilsincí sa bhliain 1979.
Chuir bás an drumadóra Shasanaigh Nicholas "Razzle" Dingley deireadh leis an ngrúpa den chéad uair sa bhliain 1985, ach chuir Monroe agus McCoy an banna ar ais le cheile uair amháin eile idir 2001 agus 2009.
Bhain Hanoi Rocks rath nach beag amach ar bhonn náisiúnta agus ar fud na cruinne. Bhíodar i mbun ceoil agus camchuairte leis na mbannaí ba mhó a rá a linne - Mötley Crüe, Poison, New York Dolls, Johnny Thunders, Def Leperd agus iliomad eile.
Bhí an-tionchar ag Hanoi Rocks ar bhannai eile a tháinig ina dhiaidh chomh maith– Guns N’ Roses, L.A. Guns, Manic Street Preachers, Alice in Chains, Foo Fighters agus cinn eile nach iad.