Kaarlo Juho Ståhlberg
Kaarlo Juho Ståhlberg | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||
Lúnasa 1, 1908 - Feabhra 28, 1910 Dúiche: Häme (en) ![]() Toghchán: 1908 Finnish parliamentary election (en) ![]() ![]()
Feabhra 2, 1914 - Lúnasa 10, 1918 - Väinö Juustila → Dúiche: Oulu Province Southern Electoral District (en) ![]()
Feabhra 3, 1914 - Aibreán 3, 1917 ← Oskari Tokoi - Kullervo Manner →
1918 - 1919 ← no value - Hugo Rautapää →
Iúil 25, 1919 - Márta 2, 1925 - Lauri Kristian Relander →
Deireadh Fómhair 21, 1930 - Lúnasa 31, 1933 Dúiche: Uusimaa (en) ![]() | |||||||||||||
Saol | |||||||||||||
Ainm iomlán | Carl Johan Ståhlberg | ||||||||||||
Eolas breithe |
Suomussalmi (en) ![]() | ||||||||||||
Náisiúntacht | An Fhionlainn | ||||||||||||
Bás | Heilsincí, 22 Meán Fómhair 1952 | ||||||||||||
Áit adhlactha |
Hietaniemi cemetery (en) ![]() | ||||||||||||
Muintir | |||||||||||||
Céile/Céilí |
Hedvig Ståhlberg (Nollaig 17, 1893 - Márta 26, 1917) Ester Ståhlberg (Meitheamh 7, 1920 - Iúil 21, 1950) | ||||||||||||
Páistí |
liosta iomláin
| ||||||||||||
Teaghlach |
liosta iomláin
| ||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||
Alma mater |
Ollscoil Heilsincí Imperial Alexander University (en) ![]() | ||||||||||||
Leibhéal oideachais |
doctor of both laws (en) ![]() | ||||||||||||
Teangacha | An Fhionlainnis | ||||||||||||
Gairm | |||||||||||||
Gairm | polaiteoir, múinteoir ollscoile agus dlíodóir | ||||||||||||
Áit oibre | Heilsincí | ||||||||||||
Fostóirí | Ollscoil Heilsincí | ||||||||||||
Duais | |||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||
Reiligiúin | Liútarachas | ||||||||||||
Páirtithe polaitíochta |
National Progressive Party (en) ![]() |
An chéad Uachtarán ar an bhFionlainn (1919-1925) ab ea Kaarlo Juho Ståhlberg (28 Eanáir 1865 – 22 Meán Fómhair 1952).[1]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Céimí de chuid Ollscoil Heilsincí, a bhronn BA sa dlí (1889) agus dochtúireacht sa dlí (1893), chaith Ståhlberg níos mó ná deich mbliana mar chomhairleoir dlí do Sheanad Ard-Diúcacht na Fionnlainne.[2] Ansin bhain sé post an rúnaí um phrótacal ina fho-roinn um ghnóthaí sibhialta amach sa bhliain 1898. Briseadh as an bpost sin é sa bhliain 1902 toisc gur chuir sé in éadan chur isteach an tSáir ar stádás féinrialaitheach na Fionnlainne laistigh d'Impireacht na Rúise.
Ball de Dhiat na Fionnlainne (1904-1905) agus den Seanad (1905-1907), chuidigh Ståhlberg le dréachtú na reachtaíochta a chuir Parlaimint na Fionnlainne ar bun.
Sa bhliain 1908 chuaigh Ståhlberg ar ais chun na hOllscoile, chun ollúnacht sa dlí riaracháin a ghlacadh (post a choimeád sé go dtí 1918.) Le linn na tréimhse sin, scríobh sé tráchtas maidir le dlí riaracháin na Fionnlainne a raibh tionchar mór aige.[2]
Bhí Ståhlberg ina bhall de Pharlaimint na Fionnlainne fós ag an am sin (1908-18). Sna blianta 1917 agus 1918 bhí sé ina cheannaire ar an gComhairle Bunreachtúil, a dhréachtaigh Bunreacht na Fionnlainne, ar glacadh leis sa bhliain 1919. Sa bhliain 1918 ceapadh ina Uachtarán ar an gCúirt Riaracháin Uachtarach é.
Ós rud é go raibh dearcadh poblachtach bunreachtúlach liobrálach aige, tháinig Ståhlberg chun cinn sa bhliain 1919 mar an t-iarrthóir ba shásúla tríd is tríd ó thaobh post nua Uachtarán na Fionnlainne de. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh sé bliana, tráth a raibh an tír scoilte ina dhá leath agus a raibh an pholaitíocht guagach de bharr Chogadh Cathartha na Fionnlainne a tharla ó Eanáir go Bealtaine 1918. In ainneoin sin, moladh go forleathan é as a chuid cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach measartha agus as an tacaíocht a thug sé do dhul chun cinn geilleagrach agus sóisialta agus don athmhuintearas náisiúnta.
Shocraigh Ståhlberg gan iarraidh go n-atoghfaí é ina Uachtarán sa bhliain 1925 agus chuaigh sé ar ais chuig a chuid oibre mar dhréachtóir reachtach agus feisire parlaiminte (1930-33).[2]
Bhí Ståhlberg ina iarrthóir ar phost an Uachtaráin faoi dhó níos mó (1931 agus 1937) agus bhí sé i bhfoisceacht dhá vóta den bhua sa chéad cheann de na hiarrachtaí sin. Agus é ag tarraingt ar dheireadh a shaoil bhí sé ina chomhairleoir dlí don Uachtarán Juho Kusti Paasikivi.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Ståhlberg | Suomen presidentit" (en-US) (2016-11-30). Dáta rochtana: 2021-09-22.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Kaarlo Juho Ståhlberg". Dáta rochtana: 2021.