Tampere

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTampere
Tampere (fi)
Tammerfors (sv) Cuir in eagar ar Wikidata
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

LeasainmManchester of the North Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 61°29′53″N 23°45′36″E / 61.4981°N 23.76°E / 61.4981; 23.76
Stát ceannasachan Fhionlainn
Region of Finland (en) AistrighPirkanmaa Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán231,853 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús336.22 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighTampere sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla689.59 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceNäsijärvi (en) Aistrigh, Pyhäjärvi (en) Aistrigh agus Tammerkoski Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1779
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachTampere City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisKalervo Kummola (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáintampere.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: Tamperekaupunki GitHub: Tampere Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Tampere (Fionlainnis: Tampere, Sualainnis: Tammerfors) an tríú cathair is mó san Fhionlainn agus an chathair is mó sna tíortha Lochlannacha nach bhfuil suite cois farraige. Tá breis is dhá chéad míle de dhaoine ina gcónaí i dTampere, agus cúig chéad trí chiliméadar cearnach is fiche d'achar ann. Tá an chathair ag críochantaíocht leis na ceantair (kunta) Kangasala, Lempäälä, Nokia, Pirkkala, Vesilahti, Ylöjärvi, Orivesi, agus Ruovesi.

Tá an chathair suite idir dhá loch - Loch Näsijärvi agus Loch Pyhäjärvi. Níl ach ocht méadar déag eatarthu, agus nascann an fánsruth Tammerkoski iad dá chéile i lár na cathrach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Armas Tampere

Cosúil le Béal Feirste agus Manchain, b'é an línéadach a rinne cathair mhór de Tampere. B'é an tAlbanach Séamas Mag Fhionnlaigh, nó James Finlayson, a bhunaigh monarcha línéadaigh Finlayson i dTampere sa bhliain 1820. Mar sin, is iad an lucht oibre, an tionsclaíocht, gluaiseacht an lucht oibre agus an Sóisialachas a d'fhág a mblas ar stair na háite ar fad. Tháinig tionsclaíocht eile sna sálaí ag an línéadach, go háirithe na ceártaí innealra. Nuair a bhí an línéadach ag borradh i dTampere mar thionscadal, ba nós Suomen Manchester nó Manchain na Fionlainne a thabhairt ar Tampere. Rinneadh "Manse" de Manchester i gcaint na ndaoine, agus sin é an leasainm atá ar Tampere inniu féin. Chuaigh daonra na háite in airde go sciobtha i ndiaidh theacht na tionsclaíochta, agus na scológa ag tarraingt ar an gcathair ar lorg saothair ó na ceantair thuaithe ina timpeall.

Sa bhliain 1918, chuir na Sóisialaigh agus na buirgéisigh cogadh cathartha san Fhionlainn, agus b'i dTampere a cuireadh an cath ba mhó sa chogadh sin. Bhí an troid go dona i gKalevankangas, i Messukylä agus i lár na cathrach. Básaíodh cuid mhór de na Gardaí Dearga i ndiaidh na gcathanna, agus cuireadh breis is deich míle acu i mbraighdeanas.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá ollscoil ag obair i dTampere, Ollscoil Tampere (Tampereen yliopisto) agus Ollscoil Teicneolaíochta Tampere.