Hämeenlinna
![]() | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Tavastehus (sv) Hämeenlinna (fi) ![]() | |||||||||
|
|||||||||
![]() ![]() | |||||||||
Suíomh | |||||||||
| |||||||||
| |||||||||
Príomhchathair de | |||||||||
Daonra | |||||||||
Iomlán | 68,011 (2015) ![]() | ||||||||
Teanga, nó leagan teanga | An Fhionlainnis ![]() | ||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||
Cuid de | Häme (en) ![]() ![]() | ||||||||
Achar dromchla | 2,031.55 km² ![]() | ||||||||
Ar theorainn le | |||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||
Leanann sé/sí | Hauho, Kalvola, Lammi, Renko agus Tuulos ![]() | ||||||||
Cruthú | 1639 | ||||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||||
Comhlacht reachtach | Hämeenlinna City Council (en) ![]() ![]() | ||||||||
• Ceannaire an rialtais | Timo Kenakkala ![]() | ||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||
Eile | |||||||||
Suíomh gréasáin | hameenlinna.fi ![]() |
Cathair bhardais is ea Hämeenlinna (Sualainnis: Tavastehus) atá suite sa chúige stairiúil úd Häme i ndeisceart na Fionlainne. Tá cónaí ar 48,000 duine, a bheag nó a mhór, sa chathair. Tagann ainm na cathrach ó Chaisleán Häme, caisleán a tógadh sa Mheánaois agus é suite sa chathair.
Stair na cathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí áitreabh réamhstairiúil suite anseo le fada, chois Loch Vanajavesi. In aice le lár na cathrach, i Varikonniemi, atá iarsmaí áitribh ó thús na meánaoise nó ón iarannaois, agus is é an chiall a bhain scoláirí áirithe as gurb ansin a bhí cathair Vanai, a luaitear i bhfoinsí áirithe Rúiseacha. Cúis conspóide í an teoiric seo i gcónaí, áfach.
Tógadh an caisleán ag deireadh na 13ú haoise chun cumhacht na Sualannach a neartú i lár na Fionlainne. Tháinig sráidbhaile ar an bhfód in aice leis chun seirbhísí agus táirgí a chur ar fáil do mhuintir an chaisleáin.
Bunaíodh Hämeenlinna mar chathair sa bhliain 1639. Go luath ina dhiaidh sin, bhog Rí na Sualainne an chathair ciliméadar amháin ó dheas go dtí na cnoic ar a bhfuil sí suite anois.
Tá cáil ar an gcathair mar gheall ar na scoileanna agus acadaimh ina bhfuair roinnt Fionlannaigh cháiliúla tús a n-oideachais.
hOsclaíodh an chéad líne iarnróid sa tír idir Hämeenlinna agus Heilsincí sa bhliain 1862. Tógadh an stáisiún traenach (Fionlainnis: rautatieasema) atá ann inniu sa bhliain 1921.
Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

- Rugadh agus tógadh an ceolchumadóir Jean Sibelius i Hämeenlinna. Bhain sé amach an Ardteistiméireacht ón meánscoil áitiúil, Hämeenlinnan Lyseo sa bhliain 1885.
- D'fhreastail an file Eino Leino ar an meánscoil chéanna.
- Is as Hämeenlinna don racghrúpa Turisas.
- Saolaíodh Antony Hämäläinen, amhránaí sa cheolfhoireann Ghréagach-Shualannach úd Nightrage, sa chathair.
- I Hämeenlinna a phós an tiománaí rásaí Kimi Räikkönen an mainicín Jenni Dahlman sa bhliain 2004.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Hämeenlinna. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |